Ná bok an Afraic Theas mura dtagann feabhas mór millteach orthu

Má imríonn na Sasanaigh agus an Afraic Theas mar a d’imir siad seachtain ó shin, beidh an cluiche thart faoi leath-am

Ná bok an Afraic Theas mura dtagann feabhas mór millteach orthu

Níl aon dabht ann ach gur chuir bua éasca agus cuimsitheach na Sasanach ar churaidh an Domhain, na hAll Blacks, i gcluiche leathcheannais chorn an domhain, saol an rugbaí as a riocht ar fad. Roimh an gcluiche sin seachtain ó shin ní raibh de chaint ann ach cén bhearna a bheadh idir na foirne eile agus na hAll Blacks a bhí ar a mbealach go dtí an cluiche ceannais agus gan mórán stró orthu.

Ach mar a chonaic muid, ní hamháin gur bhain na Sasanaigh geit as an Nua-Shéalainn, bhain siad stangadh as go leor tráchtairí freisin, mé féin ina measc.   Níor thug na Sasanaigh seans do na hAll Blacks socrú isteach sa gcluiche beag ná mór agus fuair foireann Jones úd iad féin trí nóiméad i ndiaidh thús an chluiche. Níor stop an t-ionsaí fíochmhar uatha nó go raibh an t-am caite.

Go deimhin, murach botún i measc thosaithe Shasana, seans nach mbeadh an t-aon scór amháin a d’aimsigh an Nua Shéalainn acu fiú. Faoin am ar shéid Nigel Owens an fheadóg dheiridh bhí an t-ádh glan ar na curaidh nach raibh bearna níos mó ná 12 pointe idir na foirne.

Cé go raibh muid ar fad ag ceapadh go mbeadh cluiche den chaighdeán céanna idir na Breathnaigh agus an Afraic Theas sa gcluiche leathcheannais eile, ní mar sin a bhí. Is beag faobhar a bhí leis an iomaíocht agus bhí an imirt an-scaoilte. Mar sin féin, bhí an cluiche idir dhá cheann na meá nó gur éirigh leis na Boks cic éirice a shlánú, scór a d’fhág trí phointe idir na foirne agus gan ach cúig nóiméad fágtha le himirt.

Is cinnte go raibh neart deiseanna ag na Breathnaigh ach níor thapaigh siad iad agus scaoil siad na Boks tríd go dtí cluiche ceannais an lae inniu gan tástáil cheart a chur orthu.

Chonaiceamar lag-iarracht eile ó na Breathnaigh agus iad i gcoinne na nAll Blacks i gcluiche an bhoinn chré-umha a imríodh maidin inné. Ní dóigh go raibh mórán suime ag na Breathnaigh ná ag na hAll Blacks a bheith ag imirt sa chluiche sin, áfach.

Is cinnte gur malairt scéil atá i gceist le cluiche ceannais an lae inniu. Seans go mbeidh an lucht féachana rugbaí ar theilifís is mó ariamh ag an gcluiche seo. Is deacair teacht ar aon duine, seachas muintir na hAfraice Theas atá ag tabhairt seans na ngrást do na Boks.

Tá sé chomh simplí leis seo, má imríonn na Sasanaigh agus an Boks mar a d’imir siad seachtain ó shin, beidh an cluiche thart faoi leath-am. Ar a shon sin is uile, cuimhnigh go bhfuil ar chumas na mBoks a bheith thar a bheith fisiciúil agus an-sciliúil. Cinnte, ní raibh an méid sin le feiceáil ina gcuid imeartha seachtain ó shin ach tá siad in ann é a dhéanamh. Beidh géarghá leis sin inniu, sin nó beidh an cluiche ceannais is aontaobhaí dá bhfaca muid ariamh againn. Tá mise ag tuar bua do na Sasanaigh, ach nílim cinnte faoi bhearna an scóir.

Fág freagra ar 'Ná bok an Afraic Theas mura dtagann feabhas mór millteach orthu'