Na boic mhóra ag cur tús leis an tsraith ach ceisteanna le freagairt ag na foirne uile

Is é an cluiche idir Áth Cliath agus Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh coimhlint mhór an chéad bhabhta de Roinn 1 na Sraithe Náisiúnta Peile

Na boic mhóra ag cur tús leis an tsraith ach ceisteanna le freagairt ag na foirne uile

Michael Fitzsimons (Áth Cliath) agus Paul Geaney (Ciarraí). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní fhéadfaí cluiche níos fearr a roghnú le tús a chur leis an tSraith Náisiúnta Peile ná cluiche idir Áth Cliath agus Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh. Chas na foirne seo ar a chéile i mbabhta ceannais na hÉireann anuraidh agus ba iad Áth Cliath a thug an svae leo tar éis an chluiche athimeartha.

Beidh roinnt athruithe ar fhoireann Átha Cliath anocht, áfach. Ar ndóigh is é an t-athrú is mó ná go bhfuil Jim Gavin, a bhuaigh sé cinn de chraobhacha uile-Éireann sna seacht mbliana a chaith sé i gceannas ar an bhfoireann, éirithe as an gcúram agus Dessie Farrell tagtha ina áit.

Tá cúpla cluiche do Chorn Uí Bhroin imeartha ag Áth Cliath faoi cheannas Farrell le cúpla seachtain anuas ach ó tharla nach raibh aon duine d’imreoirí mór le rá Átha Cliath ag imirt sna cluichí sin, is é seo an chéad dúshlán mór don bhainisteoir nua.

Cé go mbeidh cuid de na himreoirí aitheanta ar ais anocht, ní bheidh teacht ag Farrell ar bheirt thábhachtacha, Peileadóir na Bliana 2019 Stephen Cluxton agus Con O’Callaghan, fear a fuair ainmniúchán don ghradam céanna sin anuraidh.

Mar sin féin, beidh Áth Cliath fós in ann foireann láidir a chur chun páirce. Agus cúig chraobh as a chéile buaite ag Áth Cliath, meastar nach mbeidh Farrell ag iarraidh an iomarca a athrú ach beidh sé ag iarraidh tús maith a chur leis an ré nua seo, go háirithe agus iad ag imirt sa bhaile.

Is é cluiche na hoíche anocht an chéad cheann ag Ciarraí in 2020 chomh maith agus Peter Keane ag iarraidh foireann óg a thabhairt céim eile ar aghaidh. Idir imreoirí atá gortaithe agus imreoirí atá gafa le craobhacha na gclubanna, beidh scata imreoirí ar iarraidh ar Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh anocht.

Tá sé ráite gur beag a fheicfear de David Moran ar chor ar bith i rith an earraigh agus beidh beirt eile a d’imir leis i lár páirce ar fhoireann na Ríochta, Jack Barry agus Diarmuid O’Connor, ag imirt do Na Gaeil i gcluiche ceannais shóisir na hÉireann níos luaithe tráthnóna.

Bhí cúpla cluiche crua sraithe idir Ciarraí agus Áth Cliath i dTrá Lí anuraidh agus in 2017 ach seans nach mbeidh coimhlint na hoíche anocht chomh géar céanna. Thaitneodh sé go mór leis an dá fhoireann an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic ach ní dóigh go mbeidh sé ian chogadh dearg chomh luath seo sa bhliain.

Beidh cluiche suimiúil eile ann anocht agus seaimpíní na sraithe in 2019, Maigh Eo, ag triall ar Bhealach Féich dá gcluiche in aghaidh Dhún na nGall. Tá aithne mhaith curtha ag na foirne seo ar a chéile le roinnt blianta anuas ach beidh cuid mhaith de na seanfhondúirí ar iarraidh anocht.

Odhrán McFadden-Ferry (Dún na nGall) agus Patrick Durcan (Maigh Eo). Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níl Chris Barrett, Séamus O’Shea, Aidan O’Shea, Cillian O’Connor ná Lee Keegan ainmnithe ar fhoireann na hoíche anocht ag James Horan. Tá roinnt imreoirí nua tugtha isteach ag an mbainisteoir do thús na sraithe. Beidh lucht tacaíochta Mhaigh Eo ag súil go n-éireoidh go maith leis an mbeirt tosach, Bryan Walsh agus Ryan O’Donoghue, i ndiaidh d’Andy Moran cinneadh a dhéanamh éirí as an imirt.

Tá beirt seanfhondúirí caillte ag Dún na nGall chomh maith agus Leo McLoone agus Frank McGlynn éirithe as an imirt. Tá na Conallaigh ar ais i Roinn 1 i mbliana tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach anuraidh ach níl teacht ag Declan Bonner ar scata imreoirí.

Ní fheicfear Stephen McMenamin, Jason McGee, Oisín Gallen, Kieran Gillespie, Paddy McGrath ná Paul Durcan roimh thús na craoibhe, tá fear Ghaoth Dobhair Dáire Ó Baoill leonta chomh maith agus tá Paddy McBrearty fós ar saoire.

Agus cluichí as baile ag Dún na nGall i gcoinne Átha Cliath, Chiarraí agus na Mí, beidh sé an-tábhachtach do Dhún na nGall go mbuafaidís na cluichí a bheidh acu sa bhaile, ag tosú le ceann na hoíche anocht.

Bainisteoir nua na Gaillimhe, Pádraic Joyce. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Cuirfear tús le ré nua i nGaillimh amárach agus Pádraic Joyce i gceannas ar fhoireann an chontae i gcluiche sraithe den chéad uair agus iad ag imirt i gcoinne Mhuineacháin. Bhuaigh Gaillimh Sraith FBD Chonnacht an deireadh seachtaine seo caite agus tá súil ag daoine sa chontae go mbeidh stíl pheile na Gaillimhe níos oscailte ná mar bhí le cúig bliana anuas faoi cheannas Kevin Walsh.

Agus gan é ach tagtha isteach sa phost, beidh Joyce ag iarraidh súil a chaitheamh ar scata mór imreoirí i rith na sraithe ach beidh brú air chomh maith cluichí a bhuachan. Ach a mbeidh cluiche an lae amárach curtha díobh acu, caithfidh Gaillimh a n-aghaidh a thabhairt ar Thrá Lí agus ar Leitir Ceanainn mar a mbeidh Ciarraí agus Dún na nGall rompu. Mura mbeidh aon chluiche buaite acu faoin tráth sin, beidh áit na Gaillimhe sa phríomhroinn go mór i mbaol.

Ar an dea-uair do Joyce, níl gortuithe ag cur as do mhórán imreoirí ar an bpainéal. Is é an tosach Shane Walsh, captaen nua na Gaillimhe agus ní dóigh gur chuir an brú breise isteach mórán air go dtí seo mar tá 1-17 aimsithe aige sa dá chluiche atá imeartha acu.

Tá fear nua i gceannas ar Mhuineachán i mbliana chomh maith agus Séamus McEnaney fillte ar an ról sin arís. D’éirigh beirt mhór le rá, Dessie Mone agus Vinny Corey, as an imirt ag deireadh na bliana seo caite ach tá Conor McManus, na deartháireacha Hughes agus Wylie uile ar ais don séasúr nua.

Is é an ceann idir An Mhí agus Tír Eoghain an cluiche eile i Roinn 1 na sraithe peile a bheidh á imirt an deireadh seachtaine seo.

Tá peileadóirí na Mí ar ais sa phríomhroinn den chéad uair le ceithre bliana déag ach tá obair le déanamh. Rinne an Mhí dul chun cinn iontach anuraidh ach nuair a chuaigh siad chomh fada le babhta an tsár-ochtair, ba léir nach raibh siad ar an leibhéal céanna leis na foirne is fearr sa tír. Tabharfaidh na cluichí seo i Roinn 1 an-chúnamh dóibh ach údar iontais a bheidh ann má éiríonn leo ísliú céime a sheachaint.

Beidh Tír Eoghain go mór faoi bhrú sa tsraith i mbliana chomh maith. Níl teacht ag Mickey Harte ar thriúr de na tosaithe is cumasaí sa chontae, Cathal McShane, Conor McAlliskey agus Mattie Donnelly, agus cé go bhfuil Frank Burns ag imirt go maith mar lántosach, aireoidh siad uathu go mór an triúr sin sna cluichí sraithe.

Fág freagra ar 'Na boic mhóra ag cur tús leis an tsraith ach ceisteanna le freagairt ag na foirne uile'