‘Ná bíodh taom croí agat ach le linn uaireanta oifige’ – fearg ar fhear Gaeltachta faoi sheirbhísí sláinte

Bhí ar Sheán Breathnach ón Rinn taisteal chomh fada le hOspidéal na hOllscoile, Corcaigh, in otharcharr mar gheall nach raibh seirbhísí croí ar fáil in Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge

‘Ná bíodh taom croí agat ach le linn uaireanta oifige’ – fearg ar fhear Gaeltachta faoi sheirbhísí sláinte

Bhí ar fhear Gaeltachta a raibh taom croí aige ag an deireadh seachtaine aistear beagnach 200km a dhéanamh toisc nach raibh an cúram a bhí ag teastáil uaidh ar fáil dó in Ospidéal Phort Láirge.

Bhí ar Sheán Breathnach ón Rinn taisteal chomh fada le hOspidéal na hOllscoile, Corcaigh, in otharcharr mar gheall nach raibh seirbhísí croí ar fáil in Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge ag an deireadh seachtaine.

Agus é faoi agallamh ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Breathnach go raibh an t-ádh leis a bheith beo i ndiaidh na heachtra.

“Tá fearg orm nach raibh mé in ann dul go Port Láirge agus go bhféachaidís i mo dhiaidh thíos ansan,” arsa Breathnach. “Tá go leor daoine tar éis bás a fháil ar thaobh an bhóthair ar a slí go Corcaigh nó Baile Átha Cliath mar gheall air seo.”

Mhínigh Breathnach go raibh pianta ag cur isteach air ó lár na seachtaine seo caite ach nár bheartaigh sé dul isteach go dtí Ospidéal Phort Láirge go dtí maidin Dé Sathairn tar éis dó comhairle a fháil nuair a d’éirigh an phian níos measa.

Agus a bhean á thiomáint, dúirt Breathnach gur shroicheadar Ospidéal Phort Láirge gan mhoill. Ba léir an-tapa, a deir sé, go mbeadh gá é a aistriú go Corcaigh don chúram a bhí ag teastáil mar go raibh baol ann go mbeadh taom croí eile aige.

“Níl an tseirbhís i bPort Láirge. Tá dhá cath lab i bPort Láirge, ach níl aon dochtúirí nó banaltraí ann chun iad a oibriú… Níl siad oscailte ag an deireadh seachtaine. Má tá tú chun taom croí a bheith agat nó má tá aon trioblóid leis an gcroí agat, caithfidh tú é a dhéanamh in uaireanta oifige.”

“Tháinig beirt leaids otharchairr isteach agus bhí trolly acu agus dúirt siad ‘Are you Seán?’  ‘I am,’ arsa mise.  ‘You’re coming with us.’ ‘You’ve the wrong fella,’ a dúirt mise.  ‘We’re going for a spin now.’ Agus dúradar go rabhamar ag dul go Corcaigh agus nach mbeadh muid ag déanamh aon mhoill.”

Tugadh Breathnach san otharcharr go dtí Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh, agus dúirt sé san agallamh go raibh sé thuas ar an mbord ansin agus na tástálacha leighis tosaithe taobh istigh de dhá nóiméad ón uair gur shroich siad an t-ospidéal.  Bhí siad in ann fáil réidh ansin leis an mbac a bhí ina chroí, ach deir Breathnach go raibh an t-ádh dearg leis agus gur iomaí duine nach raibh an t-ádh céanna leo.

Tá sé ar ais sa bhaile sa Rinn ó oíche Dé Céadaoin.

Dúirt sé go raibh sé in am ag na polaiteoirí gníomhú ar na gealltanais a bhí tugtha do mhuintir an iardheiscirt le fada.

“Ó thosaigh Covid, tá gach rud curtha ar leataobh – ní hamháin na seirbhísí croí, ach seirbhísí ailse agus mar sin de, tá siad saghas dearúdta.”

“Tá sé in am acu anois Port Láirge a chur ar an gcéad chéim, ní ar an chéim dheireanach, tá muid sa chúl do gach rud – ní hamháin an t-ospidéal, ollscoil, city development agus obair go léir seo a bhí le déanamh acu… tá siad go léir dearúdta … Leaids, tógaigí amach an mhéar agus déanaigí rud éigin do mhuintir Phort Láirge.”

Agus é ag labhairt i ndiaidh dó agallamh Bhreathnach a chloisteáil dúirt an Teachta Dála de chuid Phort Láirge, Marc Ó Cathasaigh, go raibh ag teip ar Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge, freastal ar mhuintir Phort Láirge.

“Tá scéal cosúil le scéal Sheáin ag gach duine i bPort Láirge,” a dúirt an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais. “Tá sé go hiomlán do-ghlactha go bhfuil scéalta cosúil le ceann Sheáin ag tarlú ar fud an iardheiscirt.”

Dúirt sé gur gá tuilleadh dochtúirí a fhostú agus saotharlann eile atá beartaithe don ospidéal a thógáil.

Mheas sé go mbeadh bliain go leith ann sula mbeadh an obair thógála sin curtha i gcrích.

Fág freagra ar '‘Ná bíodh taom croí agat ach le linn uaireanta oifige’ – fearg ar fhear Gaeltachta faoi sheirbhísí sláinte'