Níl féidir a shéanadh ach gur thug foireann na hÉireann an taispeántas is fearr de na trí chluiche fómhair go dtí seo uathu an Satharn seo caite agus iad ag imirt i gcoinne Fhidsí. Dul chun cinn iontach ón gcéad chluiche i gcoinne na nAll Blacks cúpla seachtain ó shin a bhí ann go cinnte.
Ag an am céanna, is fiú a mheabhrú gurb iad Fidsí is laige de na trí fhoireann a d’imir muid ó thús an tsraith cluichí seo. Is deacair dá bhrí sin breithiúnas ceart a thabhairt ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann. Ní haon ábhar iontais mar sin go bhfuil an oiread suime ag lucht leanúna rugbaí na tíre seo i gcluiche an lae amárach i gcoinne na hAstráile. Ba cheart go mbeadh léargas ceart againn ag deireadh an chluiche ar an dul chun cinn nó a mhalairt atá déanta ag foireann na hÉireann.
Is léir ón rogha imreoirí le neart taithí idirnáisiúnta atá Andy Farrell a chur chun páirce nach bhfuil sé ag tógáil seans ar bith. Teastaíonn bua go géar uaidh, ní hamháin le snas ceart a chur ar thorthaí na sraithe cluichí seo ach le féinmhuinín a chuid imreoirí a chothú roimh thús an chomórtais Sé Náisiún ag deireadh mhí Eanáir seo chugainn.
Bhí cúpla rogha deacair le déanamh ag Farrell roimh chluiche an lae amárach: an mhórcheist maidir leis an leathchúl amuigh go háirithe. I ndeireadh na dála rinne Farrell cinneadh nach raibh súil leis nuair a d’fhógair sé gurb é an t-ógánach Sam Prendergast a bheas ag tosnú mar uimhir 10 agus gur i measc na n-ionadaithe a bheas Jack Crowley, fear a d’imir ag an leibhéal seo os cionn scór babhtaí roimhe seo. Cinneadh cróga gan dabht.
Bhí cinneadh le déanamh aige freisin maidir le Garry Ringrose, Bundee Aki agus Robbie Henshaw, triúr a bhí go tréan ar thóir an dá spás a bhí le líonadh sa lár páirce. Ringrose atá fágtha ar an mbinse don chluiche amárach.
Tá spreagadh mór eile ag Farrell sa gcluiche seo. Is é Joe Schmidt, an té a bhí mar oiliúnóir ag foireann na hÉireann sula dtáinig sé féin i gceannas, atá i gceannas ar an Astráil. Tá cuimhne mhaith againn ar an dul chun cinn a rinne na hÉireannaigh agus iad faoi stiúir Joe, ní hamháin sin ach tá an-aiséirí déanta ag na hAstrálaigh ó tugadh an fhreagracht sin dó. Mar sin féin, chaill na hAstrálaigh i gcoinne na hAlban (27 -13) an Domhnach seo caite, bua a thabharfas misneach do na hÉireannaigh ach a bheas mar spreagadh do na cuairteoirí an Satharn seo.
Tá drogall ormsa toradh a thuar. Beidh sé teann i Staid Aviva tráthnóna amárach, níl mórán idir na foirne seo. Is buntáiste ag na hÉireannaigh a bheith ag imirt sa mbaile, rud a thabharfas seans dóibh. Is cinnte go raibh agus go bhfuil ardmheas againn ar Joe Schmidt, ach ní dóigh go bhfuil an gean air chomh mór is a bhí tráth.
Tá Babhta 7 den URC á imirt freisin an deireadh seachtaine seo, in ainneoin go mbeidh cuid de na cúigí gann ar imreoirí a bheas páirteach sa gcluiche idirnáisiúnta amárach.
Imreofar cluiche idirchúige idir Cúige Uladh, atá sa seachtú háit ar an tábla le trí chluiche caillte acu as sé iarracht, agus Cúige Laighean, atá ar bharr an tábla agus bua acu i chuile chluiche go dtí seo, i mBéal Feirste anocht. Níl mise cinnte an mbeidh Cúige Uladh, fiú agus iad sa mbaile, in ann an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Átha Cliath.
Amárach cuirfidh Cúige Chonnacht fáilte go Gaillimh roimh Bulls na hAfraice Theas. Dhá áit agus pointe amháin atá idir na foirne seo, na Bulls sa tríú háit le naoi bpointe dhéag. Tá seans iontach ag foireann an iarthair bua maith baile a chinntiú ach caithfidh siad troid ar feadh an ochtó nóiméad más leo sin a dhéanamh.
Caithfidh Cúige Mumhan an rud céanna a dhéanamh agus iad ag imirt sa mbaile i Luimneach den chéad uair ó scar siad óna dtraenálaí, Graham Rowntree. Foireann ón Afraic Theas atá mar fhreasúra acu don tríú seachtain as a chéile sa gcomórtas seo agus ní go ró-iontach a d’éirigh leo sa dá chluiche roimhe seo a imríodh san Afraic. Seans maith go mbeidh na deacrachtaí céanna acu amárach agus iad i gcoinne na Lions, foireann atá sa gceathrú háit ar an tábla, iad i bhfad chun cinn ar Chúige Mumhan, foireann atá sa dara háit déag. Caithfidh Cúige Mumhan iompú ón mballa agus dul ar an ionsaí. Níl an dara rogha acu anois.
Fág freagra ar 'Ná bíodh Joe Schmidt ag súil le fáilte chroíúil agus é ag filleadh ar an Aviva leis na hAstrálaigh'