Ná bíodh Éire ina ‘A Province Once Again’, tosaímis ag caint go díreach leis an mBreatain anois

Bheadh sé fíoramaideach go deo anois leanúint orainn ag sodar i ndiaidh na hEorpa nuair atá gá le cainteanna díreacha idir muid féin agus na Sasanaigh

Ná bíodh Éire ina ‘A Province Once Again’, tosaímis ag caint go díreach leis an mBreatain anois

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Cé go bhfuil iarrachtaí – ar bheagán dóchais – fós ar siúl ag polaiteoirí sa mBreatain (agus ag tráchtairí in Éirinn) le cinneadh na Breataine imeacht ón Aontas Eorpach a chur ar ceal, glactar leis go forleathan anois gur dóichí gur Breatimeacht gan mhargadh a bheas ann.

Cé go ndeirtear nach bhfuil móramh i bparlaimint Westminster dá leithéid, ní cosúil go bhfuil móramh ann do rogha ar bith eile ach an oiread.

Agus faoi dheireadh thiar, tá an rialtas abhus ag tosú i ndáiríre ar phleananna a dhéanamh don Bhreatimeacht gan mhargadh.

Tá dhá bhliain curtha amú áfach le hidirbheartaíocht nach raibh aon toradh fiúntach uirthi, agus bheadh sé deacair anois gach ceist a phlé roimh an dáta scoir, fiú mura mbeadh easaontas ar bith ann.

Caithfimid, Éireannaigh agus Sasanaigh, teacht ar aontú, mar shampla, faoi na socruithe maidir leis na cáipéisí a bheidh ag teastáil ó thiománaithe leoraithe atá ag taisteal tríd an mBreatain ar a mbealach go dtí an mhór-roinn nó ón mór-roinn go hÉirinn.

Ní bheidh mórán deacrachtaí ann maidir le seiceálacha ag na calafoirt, cé go mb’fhéidir go mbeadh moill áirithe ar chúrsaí, go háirithe ag an tús. Ach ní raibh aon phlé ann faoi céard go díreach a tharlóidh ar an teorainn idir an Tuaisceart agus an chuid eile den tír.

Bhí sé místuama ón tús an gnó sin a fhágáil faoin Aontas Eorpach, in ionad an scéal a phlé go díreach leis na Sasanaigh, ach, cosúil leis an ngá athnuachan a dhéanamh ar an gcomhlimistéar taistil, is cúram dúinne is do na Sasanaigh na socruithe ar an oileán seo maidir le hearraí a thabhairt ó limistéar amháin go dtí an limistéar eile.

Ó tá teipthe ar an moladh go gcuirfí an teorainn eacnamaíochta ar an bhfarraige idir Éirinn ar fad agus an Bhreatain, is é an socrú is fearr anois ná stádas speisialta a bheith ag Éirinn san Aontas Eorpach agus na seiceálacha a dhéanamh ar earraí as Éirinn ag na calafoirt san Eoraip.

Ní thaitneoidh an moladh seo leis an dream is díograisí ar son na hEorpa, ach má tá muid dáiríre faoi theorainn chrua a sheachaint ar an oileán seo ní fheicim bealach ar bith eile as.

Tá sé níos soiléire anois ná riamh nach féidir córas iompair earraí a bhunú nach gcothóidh deacrachtaí seiceála ach amháin trí aontas trádála a bheith ann don fhadtréimhse, agus socrú mar a mholaimse don ghearrthréimhse.

Ón gcéad lá, thug mise agus tráchtairí eile foláireamh nach bhféadfaí ceist na teorann ná córas trádála na tíre seo leis an mBreatain a shocrú gan réiteach a fháil faoi chúrsaí trádála idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach, ach dhiúltaigh an tAE do chaint dá leithéid agus thacaigh muidne sa tír seo leo.

D’éirigh linn tacaíocht an AE a fháil dár n-éileamh nach mbeadh teorainn chrua ar an oileán, ach theip ar an idirbheartaíocht é sin a bhaint amach toisc nár shuíomar síos leis na Sasanaigh chun teacht ar aontú maidir leis na socruithe trádála a bheadh riachtanach.

Tá sé éasca an milleán a chur ar na Sasanaigh nó ar an DUP, ach bhí sé soiléir roimh ré go raibh baol mór ann nach dea-thoradh a bheadh ar idirbheartaíocht.

Caithfimid anois dlús a chur le cainteanna leis an mBreatain faoi na socruithe a bheidh ag teastáil don Bhreatimeacht gan mhargadh, agus muid ag iarraidh, go háirithe, bealaí a aimsiú a laghdóidh aon drochthionchar a bheidh aige orainn.

Agus caithfear a aithint anois go raibh sé místuama ar fad gach rogha a chur ar leataobh ar mhaithe le brú a chur ar na Sasanaigh a gcinneadh a chur ar ceal.

Bhí sé tábhachtach don Aontas go bhfeicfí nach mbeadh sé éasca ag aon bhallstát imeacht as an Aontas, ach is muidne is mó a íocfaidh as an straitéis sin.

Caithfimid a bheith san airdeall freisin ar cibé cainteanna a tharlóidh i dtaobh na socruithe faoin mBreatimeacht gan mhargadh, go háirithe i bhfianaise na míshástachta atá á léiriú níos oscailte ná riamh sa nGearmáin mar gheall ar dhrochthionchar an Bhreatimeachta gan mhargadh ar lucht gnó na tíre sin.

Dá mbeadh glactha againn ag an tús leis go dtarlódh an Breatimeacht is nach bhféadfaí é a chur ar ceal bheadh plé déanta faoin gcaoi a bhféadfaí deacrachtaí a sheachaint nó a laghdú.

Ní dhearnadh sin, ach bheadh sé fíoramaideach go deo anois leanúint orainn ag sodar i ndiaidh na hEorpa nuair atá gá le cainteanna díreacha idir muid féin agus na Sasanaigh.

Ach is bunchloch chreidimh é ag bunaíocht an stáit seo anois a bheith dílis don Aontas is cuma cén dochar a dhéanfaidh an dílseacht sin dúinn féin.

A Province Once Again, is cosúil.

Fág freagra ar 'Ná bíodh Éire ina ‘A Province Once Again’, tosaímis ag caint go díreach leis an mBreatain anois'

  • MacAnRí

    Raiméis…. frith-AE i dtólamh… fioramdaideach anois a leanúint orainn do chomhairle… dá ngéillfeadh muid anois beidh muid san fhaopach gan dabt… May agus a línte dearg sin an fhadhb… d’fhág May na Caomhaigh agus DUP an Riocht Aontaithe ina cíor thuaithail… an bhfuil tú ag leanúint cad atá ar siúl i Westminister…tá tomlach i gcoinne an tAontas a fágadh gan mhargadh…dá leanfaí do chomhailre anois beidh muid ina Province arís gan dabht… tá RA ag iarraidh an tAontas a fágadh sin an bun fadhb.. tá súil go ndéanfar réiteach fá deireadh agus gan teorainn crua sa tír seo

  • donncha Ó hÉallaithe

    Tá Eoin chomh mór in aghaidh an Aontas Eorpach is atá na daoine is faide ar dheis i bPáirtí Caomhach na Breataine. Sé a mhian polaitiúil go mbrisfeadh an Aontas Eorpach as a chéile. Níl sin ag tarlú. Caithfidh go bhfuil díomá mór ar Eoin gur sheas tíortha eile an AE go daingean le chéile, ar mhaithe le Éirinn. Má chreideann Eoin an méid atá scríofa aige, tá sí níos soineanta ná mar a cheapas.

  • Adam Lawson

    Ní mór dom a rá go bhfuil an cuma ar an scéal nach dtuigeann Ó Murchú an mhéid atá á bheartú aige. Ar ndóigh, más mian leis go ndéanfaí seiceáilte custaim idir Éire agus an Mhór-Roinn seachas idir Éire agus an RA, bheadh ar Éire an AE a fhágáil go glan agus a dhul isteach in aontas custaim, neamhfhoirmiúil nó foirmiúil, leis an RA. Dar liomsa smaoineamh uafásach atá ann: is maith linn an aontas atá againn san AE toisc go bhfuil guth ag gach uile tír agus gan tír amháin ag rialú gach rud – malairt an ruda a bheadh againn dá mbeimis in aontas custaim leis an RA. Má easaontaíonn Ó Murchú liom air sin, is féidir leis é sin a rá, ach ba cheart dó a bheith oscailte faoi. Go sona, ní raibh mé riamh chomh dóchasach nach mbeidh teorainn chrua ann; roimh agus i ndiaidh an reifrinn bhí mé ag ceapadh go n-aontódh na Caomhaigh ar Bhreatimeacht gan mhargadh, ach tá sé cosúil anois go bhfuil leath feisirí an pháirtí ar a laghad ina choinne sin. Mar sin, is dóichí go vótálfar margadh May trí Westminster mura n-éiríonn socrú níos Eoraifilí. Ní féidir linn fós ár scíth a ligean faoi cheist na teorann, ach is féidir linn a bheith níos dearfaí fúithi ná ó am fada. Agus má thagann sí isteach fós, diúltaím fós leis an smaoineamh gur cheart don oileán ar fad dul isteach in aontas gan ghuth gan tionchar le Sasana leis an fhadhb a réiteach. Leigheas níos measa ná an tinneas a bheadh ann, dar liom. Agus é sin sula luaitear na pobalbhreitheanna ag tuar tosaigh sách mór ar son Éire Aontaithe sa Tuaisceart más teorainn chrua a thagas isteach … ach scéal eile arís atá ann sin!