‘Ná bíodh an Stát ina sprionlóir faoin nGaeilge agus tugadh an Rialtas feidhm d’fhís Mhichíl Uí Choileáin don teanga’ – Alan Esslemont

Seoladh i mBaile Átha Cliath ar maidin sceideal fómhair TG4 agus sraith drámaíochta don óige agus sraith cúrsaí reatha i measc na gclár nua

‘Ná bíodh an Stát ina sprionlóir faoin nGaeilge agus tugadh an Rialtas feidhm d’fhís Mhichíl Uí Choileáin don teanga’ – Alan Esslemont

Deir Ardstiúrthóir TG4 go bhfuil an baol ann go ndéanfaidh an Stát dochar dá cháil trí “sprionlóir ar nós cuma liom” a dhéanamh de féin i gcás na Gaeilge.

Ag labhairt dó ag seoladh sceideal an fhómhair, chuir Alan Esslemont fáilte roimh an moladh go mbunófaí coimisiúin na meán Gaeilge ach dúirt sé nár leor é ceal maoinithe.

“Fáiltíonn TG4 roimh an moladh seo ach níor cheart é a úsáid mar leithscéal chun moill a chur ar infheistíocht sna meáin Ghaeilge atá againn cheana féin.

“Agus an Ghaeilge ina céad teanga Stáit agus anois ar cheann de theangacha oifigiúla na hEorpa, ba chóir go mbeadh Stát na hÉireann ina eiseamláir do mhionteangacha eile na hEorpa. Seachas sin, tá baol ann go ndéanfaidh an Stát damáiste dá cháil sa réimse sin, á léiriú féin mar sprionlóir ar nós cuma liom atá ag iarraidh an dallamullóg a chur ar chách.

“Maidir leis na meáin chumarsáide, faigheann na craoltóirí Breatnaise agus Bascaise a dhá oiread maoiniú poiblí le TG4. Tá mé fós ag fanacht ar mhíniú ón Rialtas agus ón státseirbhís ar cén fáth gurb amhlaidh atá.”

Beidh an chéad bhlaiseadh den sceideal nua againn an tseachtain seo nuair a chraolfar Dé Céadaoin, An Buachaill Gealgháireach, clár faisnéise ina n-inseoidh Theo Dorgan an scéal a bhaineann leis an amhrán a scríobh Brendan Behan i gcuimhne ar Mhicheál Ó Coileáin, ‘The Laughing Boy’.

Dúirt Alan Esslemont go raibh sé oiriúnach aitheantas a thabhairt “do chumas ceannaireachta” Mhichíl Uí Choileáin, céad bliain i ndiaidh a bháis.

“Mac cainteoirí Gaeilge ab ea é, d’aithin Ó Coileáin an dochar atá déanta don teanga de bharr mionlú sóisialta agus díth stádais.

“Scríobh Ó Coileáin gurb é normalú na Gaeilge in Éirinn ‘an tasc is mó’ a bhí ar an Stát nua. Iarraim ar an Rialtas seo ar Lá an Bhuiséid i Meán Fómhair ómós a thabhairt d’fhís Mhichíl Uí Choileáin agus fuinneamh ó chroí agus infheistíocht a thabhairt dá gcuid straitéisí don Ghaeilge. Cuireann TG4 a muinín agus a uaillmhian ar fáil don Stát.  Anois an t-am tabhairt faoi.”

Ceiliúradh ar Comrádaíocht, Cruthaitheacht, agus Comhar na gComharsan’ atá sa sceideal nua, a dúradh.

Gealladh ag seoladh an sceidil sa Guinness Storehouse i mBaile Átha Cliath ar maidin cláracha faisnéise agus cultúir “cumhachtacha” agus ‘súil eile’ ar spórt na hÉireann.

Ar na cláracha sa sceideal nua tá sraith drámaíochta do dhaoine óga, an chéad sraith drámaíochta do dhaoine óga i nGaeilge ó craoladh Aifric.

Gemma Breathnach agus Ailbhe Nic Giolla Bhríghde a scríobh Saol Ella, scéal faoi chailín óg Gaeltachta a n-iompaítear a saol bunoscionn ar fad nuair a shocraíonn a hathair Gaeilgeoirí a choinneáil.

Pléifidh an clár faisnéise Ar Lorg na Fírinne, le hiarracht theaghlaigh íospartaigh na dTrioblóidí teacht ar an bhfírinne faoina muintir.

Tabharfaidh an clár faisnéise drámaíochta Íospartaigh na Lochlannach léargas ar na Lochlannaigh trí shúile beirt sclábhaithe as Éirinn. Cúrsaí reatha a bheidh faoi chaibidil sa tsraith nua Iniúchadh TG4 ina ndéanfaidh an t-iriseoir Kevin Magee cíoradh “níos doimhne” ar a bhfuil sna ceannlínte.

Gnéithe éagsúla de shaol na mban in Éirinn a bheidh á scagadh ag Gráinne Seoige i Meanapás: Meon Nua agus an craoltóir ag súil feachtas a thosú chun go dtabharfaí isteach polasaí náisiúnta don mheanapás.

Mná atá ag dul in aois a bheidh mar ábhar ag Mary Kennedy: Fad Saoil agus déanfaidh Síomha Ní Ruairc scagadh ar cheist na híomhá colainne i measc mná óga sa saothar Síomha:Idir Anam Is Chorp.

Beidh Hector Ó hEochagáin ag taisteal arís agus é thuras ó na Balcáin in Oirthear na hEorpa go dtí an réigiún Baltach sa tsraith Hector Balkans go Baltics

Beidh na ceoltóirí Duibhneacha  Breanndán Ó Beaglaoich agus a mhac Cormac ar an mbóthar arís ar Slí na mBeaglaoich agus sa tsraith nua Ceolaireacht rachaidh Doireann Ní Ghlacáin ar thóir an cheoil thraidisiúnta in áiteanna nach mbíonn cáil an cheoil sin orthu de ghnáth

Beidh Máirtín Tom Sheáinín ar thuras timpeall na tíre sa chlár Cneasaithe agus é ag iarraidh fáil amach an gcreideann daoine i gcónaí sna leigheasanna traidisiúnta.

Tabharfar léargas ar bhliain de shaol mhuintir Ghaeltacht na nDéise sa tsraith Ceithre Ráithe sna Déise agus beidh Síle Nic Chonaonaigh ag filleadh le sraith nua de Bailte. Rachaidh lucht na sraithe sin ar cuairt an uair seo chuig Tír an Fhia i gConamara, Rann na Feirste i nDún na nGall, Béal Átha an Ghaorthaidh gCorcaigh agus an Baile Riabhach i gCiarraí.

An spéir os cionn na hÉireann agus a mbíonn le feiceáil inti a bheidh faoi chaibidil ag Rúin ón Spéir, agus ag plé “rúin na Dubhabhann” a bheidh Diarmuid Ó Drisceoil sa tsraith nua Cois Móire.

Beidh an tsraith faoi na healaíona IMEALL ag filleadh an fómhar seo chomh maith.

Beidh Rugbaí Beo ar ais mí Mheán Fómhair leis an gCraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe agus an cluiche ceannais á chraoladh go heisiach ar TG4 an séasúr seo.

Scéal choirn éagsúla CLG a bheidh á insint ag Gráinne McElwain sa chlár nua Scéalta na gCorn agus Jamie Wall, John Allen agus Claire O’Connor a bheidh i bhfeighil na Underdogs i mbliana. Beidh GAA Beo ar ais chomh maith sa bhfómhar, mar a mbeidh sraitheanna seanbhunaithe eile amhail Ros na Rún. 

Taispeánfar dhá fhadscannán ón scéim Cine4, Arracht agus Foscadh, den chéad uair ar TG4 an fómhar seo.

Beidh an chéad scannán eile ón scéim sin, Róise & Frank sna pictiúrlanna ón 16 Meán Fómhair.

Fág freagra ar '‘Ná bíodh an Stát ina sprionlóir faoin nGaeilge agus tugadh an Rialtas feidhm d’fhís Mhichíl Uí Choileáin don teanga’ – Alan Esslemont'