Ná bímis ag magadh faoin Sasanach agus gan aon phlean againn féin d’athaontú na hÉireann

B’fhéidir nár chás dúinne seasamh os comhair an scátháin tamall sula mbeimis ag fógairt an tSasanaigh ina cheap magaidh agus an tÉireannach ina dhuine stuama

Ná bímis ag magadh faoin Sasanach agus gan aon phlean againn féin d’athaontú na hÉireann

An Taoiseach Leo Varadkar leis an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Simon Coveney. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Is diail an cleas seoigh sinn. Bhíomar ag cleithmhagadh agus ag séideadh fén Sasanach, i bhfianaise an méid a bhí le rá ag Donald Tusk fén bpaiste cúláisteach atá curtha ar leataobh in Ifreann dos na leathamadáin a bhí ar thóir an Bhreatimeachta agus gan aon phlean acu conas an sprioc sin a bhaint amach. Nach iad na dúramáin, arsa sinne, ag féachaint sall orthu, agus anuas orthu, ónár stáitín uasal féin.

B’fhéidir nár chás dúinne, áfach, seasamh os comhair an scátháin tamall sula mbeimis ag fógairt iadsan ina gceap magaidh agus sinn féin inár ndaoine staidéartha stuama. Ó vótáil Sasana agus an Bhreatain Bheag i bhfabhar an Bhreatimeachta, táthar ag caint amhail is go bhfuil athaontú na tíre ar leac a’ dorais againn. Seanfhocal coitianta againn riamh is ea ‘England’s difficulty is Ireland’s opportunity’, ach más ea, níl plean ná beartas curtha le chéile againn féin le hearraíocht a bhaint as deacrachtaí reatha Shasana.

Má tá tacaíocht chomh láidir ag athaontú na tíre i measc mhuintir an tsaorstáit, cén fáth nach bhfuil aon cheann dár bpáirtithe polaitiúla in ann a rá linn cad é an chuma a bheadh ar pé stát nua a chruthófaí dá bharr? Má táimid ar thairseach Éire Aontaithe 32 contae, rud atá mar sprioc oifigiúil agus mar mhian ag formhór gach polaiteoir Éireannach a tharraing feidhre drárs aníos air fhéin le céad bliain, an bhfuil plean ag éinne acu?

An stát feidearálach a bheidh againn, agus ábhar maith féinrialtais ag na sé chontae? Cad a dhéanfar leis an PSNI, leis an NHS, nó le státchóras na Breataine abhus? Maidir leis an gcóras oideachais sna críocha gafa, an mbeidh an Ghaelainn riachtanach? An mbeidh ar mhúinteoirí i mbunscoileanna na sé chontae a bheith in ann an Ghaelainn a labhairt, mar dhea, ar nós a mbráithre agus a siúracha laisteas? An dtabharfar cosaint chuí don saoránach Briotanach lastuaidh, agus an dtabharfar stádas agus cosaint dá gcultúr agus dá n-oidhreacht? An ciliméadair san uair nó mílte san uair a bheidh romhainn ar an mbóthar, agus níos tábhachtaí ná sin ar fad, an mó maide pínt a bheimid in ann a chaitheamh siar sula gcuirfear den mbóthar sinn?

Doras feasa fiafraí, ach más ea, bhí sé chomh maith againn a bheith ag fiafraí den bhalbhán, mar is caillte na freagraí atá á bhfáil againn.

Sinn Féin – Ba dhóigh leat go mbeadh tarrac ar am acu le céad bliain anuas plean éigin a chur le chéile, ach níl acu ach ‘Border Poll ANOIS!’ 

Fine Gael – Agus súil acu go ndéanfaidh daoine dearúd gurbh iad a sinsear siúd, agus ní na Brits, a chur oifigigh chustam chun na teorann ar dtús: ‘Ná luaigh athaontú na tíre olc ná maith. Bheadh sé mífhreagrach.’

Fianna Fáil – ‘An Páirtí Poblachtánach’, cé gur ar éigean a chífeá an mana sin ar a suaitheantas a thuilleadh: ‘Féach orainne. Táimid féin is an SDLP chomh mór le chéile is a bheadh bó le coca féir. Tóg pictiúr dínn!’

N’fheadar sa diabhal buí, ach b’fhéidir gur againn féin atá na hachasáin tuillte.

Fág freagra ar 'Ná bímis ag magadh faoin Sasanach agus gan aon phlean againn féin d’athaontú na hÉireann'

  • Eoin Ó Murchú

    Ceisteanna stuama a gcaithfimid machtnamh futhu agus freagraí a fháil orthu. Is tré dhíospóireacht oscailte bheasach a dhéanfar sin, measaim, in ionad a bheith ag iarraiodh pointí a scoráil ar pháirtí nó ar dhaoine nach n-aontaíonn linn.

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    An cheist mhór faoi Eire Aontaithe ná cé a íocfaidh an fordeontas de €12 billiún atá an cáiniochóir
    bocht ó Shasana taréis a íoch leis na cianta?