Ná bímis ag brath ar dhea-thoil an Uasail Tayto dár sneaic Ghaeilge…

Tá Fear na bhFataí le moladh as a chinneadh cliste Gaeilge a chur ar a mhálaí ‘Tayto’, ach níor chóir gur chúis iontais a leithéid

Ná bímis ag brath ar dhea-thoil an Uasail Tayto dár sneaic Ghaeilge…

D’fhógair an tUasal Tayto ar a leathanach Twitter inné go mbeidh cúpla focal Gaeilge ar mhálaí ‘brioscáin phrátaí’ dá chuid feasta. Tréaslaím le Fear na bhFataí a chinneadh cliste teacht i dtír ar mhargadh nach bhfuil mórán airde ag comhlachtaí eile air.

Is dóigh gurb iad foireann Sheachtain na Gaeilge, nó an fhoireann a bhí ann roinnt blianta ó shin, is cúis le cinneadh Tayto an Ghaeilge a úsáid mar chleas margaíochta    thug an comhlacht le fios gurb é  an t-aiseolas dearfach a fuarthas faoi na málaí Gaeilge a cuireadh amach don fhéile teanga in 2013 a spreag an cinneadh seo.

Ach ní mar a chéile na pacáistí seo agus na pacáistí a bhí ann ceithre bliana ó shin — bhí gach a raibh scríofa ar na málaí sin i nGaeilge amháin — agus níl siad cosúil ach oiread leis na pacáistí dátheangacha a fhaightear in áiteanna eile ar fud na cruinne.

Chonaic mé freagra amháin ar an scéal ar na meáin shóisialta inné inar dúradh gur bocht an scéal é más cúis mhór cheiliúrtha do chainteoirí Gaeilge ceithre nó cúig cinn d’fhocail Ghaeilge a bheith ar mhála brioscáin phrátaí.

Ar ndóigh, ní ag fáil locht ar Largo Foods, ná ar an Uasal Tayto féin, atá mé anseo ach ar Rialtas na hÉireann, ar Údarás na Gaeltachta, agus ar chomhlachtaí Éireannacha trí chéile. Cuimhnigh ar an scéal a bhí ar an suíomh seo le déanaí gur ocht bpost a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo a líonadh sa státseirbhís in 2017. Cá bhfios ach go bhfuil an méid céanna daoine ag obair ar straitéis Gaeilge an Uasail Tayto?

Ach níor chóir go mbeadh iontas orainn agus ceiliúradh á dhéanamh againn as pacáistiú Gaeilge a fheiceáil ar tháirge a dhéantar in Éirinn, agus is ar na dreamanna thuasluaite an locht gur údar iontais dúinn a leithéid.

An té a leag cos i gCeanada riamh tuigfidh sé a éasca is atá sé pacáistiú éifeachtach dátheangach a úsáid ar gach cineál earra. Tá dlíthe agus rialacháin i bhfeidhm sa tír sin a leagann dualgais ar chomhlachtaí éagsúla pacáistiú dátheangach, Béarla agus an Fhraincis, a úsáid ar tháirgí áirithe a dhéantar sa tír nó a dhíoltar inti.

Tá rian na ndlíthe sin le feiceáil fiú ar tháirgí nach dtagann faoi scáth na reachtaíochta teanga sin agus pacáistiú dátheangach á úsáid ag dreamanna ‘nach gá’ dóibh sin a dhéanamh díreach mar gurb é a mbíonn muintir Cheanada, go háirithe lucht labhartha na Fraincise sa tír, ag súil leis. Ar ndóigh, d’fhéadfaí ceisteanna a chur faoi stádas na dteangacha dúchais i gCeanada ach mar sin féin is eiseamláir d’Éirinn é cleachtas Cheanada, dar liom.

Is cinnte go bhfuil maoiniú á thabhairt do chomhlachtaí sa Ghaeltacht nach bhfuil mórán measa ag an lucht bainistíochta iontu ar an teanga.

Tá leithscéal éigin ag an Údarás toisc dlíthe fostaíochta agus maoinithe a bheith ann a fhágann nach féidir coinníollacha maidir le cainteoirí Gaeilge a fhostú a leagan síos dá chliantchomhlachtaí ach ní fheictear domsa go bhfuil leithscéal ar bith acu gan coinníollacha éigin a leagan síos faoi phacáistiú agus ábhar poiblíochta a chur ar fáil i nGaeilge amháin nó go dátheangach.

Is beag Gaeilge, mar shampla, a fheicfidh tú i siopa nua uachtar reoite Murphy’s i nGaillimh. Comhlacht ‘Gaeltachta’ a bhfuil ionad aige i ‘gcathair dhátheangach’ na hÉireann.

Le tamall, tá lucht bainistíochta nua i bhfeighil an chaifé ‘An Builín Blasta’ ar an Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe, atá lonnaithe ar thalamh an Údaráis sa Cheardlann, agus tá laghdú mór tagtha ar an méid Gaeilge atá le feiceáil san áit sin ó shin.

Bhí cás ann cúpla bliain ó shin inar éiligh duine gur chóir eolas faoi chógais agus faoi leigheas a chur i nGaeilge ar phacáistiú na n-earraí sin do chustaiméirí na hÉireann, de réir rialacha an Aontais Eorpaigh, ach beartaíodh sa chúirt gur leor an Béarla do mhuintir na hÉireann.

Ar ndóigh, ní féidir an locht ar fad a leagan ar an Údarás ná ar an rialtas. Mura bhfuil aon riail ann a chuirfeadh iachall ar chomhlacht pacáistiú Gaeilge a úsáid níl aon riail ann ach an oiread a chuireann cosc ar a leithéid. Bhí leithéidí ‘Fiacla’ (taos fiacla), ‘Siúcra’ agus earraí nach iad ar fáil tráth ach seachas an t-ainm leamh Gaeilge a úsáid mar bhranda, is fíorbheag comhlacht sa tír, sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di, a d’úsáid an Ghaeilge mar ghnáth-theanga ar a n-earraí.

Dá mbeadh leithéidí Folláin i Múscraí sásta níos mó ná ‘Folláin is the Irish word for wholesome; a scríobh ar a bprócaí suibhe nó Independent Brewing Company i gConamara sásta níos mó ná ‘déanta sa Cheathrú Rua’ a chur ar a mbuidéil, bheadh an scéal níos fearr.

Léiríonn cleachtas pacáistithe Cheanada agus áiteanna áirithe i Meicsiceo agus deisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá go háirithe nach bhfuil aon bhunús leis an maíomh go gcuirfeadh a leithéid costas mór le déantús na n-earraí ná go gcuirfí mearbhall ar chustaiméirí dá bharr.

Is beatha teanga í a léamh agus tá sé in am ag comhlachtaí na hÉireann í a scríobh. Ná bímis ag brath ar dhea-thoil an Uasail Tayto.

Fág freagra ar 'Ná bímis ag brath ar dhea-thoil an Uasail Tayto dár sneaic Ghaeilge…'

  • Gearóid

    Ceart iomlán agat ansin, a Dhónail – Acht na Gaeilge ag teastáil ní amhaín sna Sé Chontae ach ó Dheas fosta.

  • Éilís

    I mBliain na Gaeilge céard faoin reachtaíocht le nós Cheanada agus na Beilge a chur i bhfeidhm. Tá Ceanadaigh gan fraincis agus Beilgigh gan pléimeanais, ach fós tá gach rud dhá theangach agus taobh amuigh den mbranda bíonn script agus leagan amach an dá theanga ar aon mhéid.
    Ba cheart an Ghaeilge bheith ar an liosta fada teangacha ar na lipéid ar earraí i siopaí idirnáisiúnta ar nós IKEA.

  • Roddy

    @Eilís- Cén “bhliain na Gaeilge” 2013, 2018, 1993 nò 1893? Tá trí theanga oifigiúil stàit sa Bheilg. Níl Béarla ina teanga oifigiúil stàit fós sa Bheilg. Is stát aonteangach atá i bpoblacht na hÉireann.Cé atá chun feachtas a eagrú chun iachall a chur ar an earnáil phríobháideach i bpoblacht na hÉireann anGhaeilge a úsáid? Níl Údarás na Gaeltachta fiú in ann sin a dhéanamh!

  • Pádraig

    Níl aon rud a ghríosann lucht gnó chun gnímh na cumhacht an euro nó an phuint. Cinnte bheadh sé deas dá gcuirfeadh gach comhlacht pacáistiú dátheangach ar a gcuid táirgí mar gurb é seo an rud ceart le déanamh. Ach glacaimis leis nach bhfuil é seo ag dul a tharlú – ach.
    Is tomaltóirí muid, pobal na Gaeilge – is é sin an arm is cumhachtaí dá bhfuil againn. Dá mbeifeá sa siopa agus, abair, bainne á cheannach agat agus dhá rogha romhat ar an seilf “Milk” agus “Bainne” mar lipéad orthu, ag glacadh leis go bhfuil siad beirt d’aon chaighdeán, dá roghnófa an “Bainne” ba é sin an bealach is éifeachtaí chun pacáistiú Gaeilge a chinntiú ar earraí na comhlacta sin. Mar bheadh teachtaireacht shoiléir ann dóibh go gciallaíonn pacáistiú Gaeilge díolacháin.
    Smaoinigh ar líon na bpáistí a fhreastalíonn ar ghaelscoileanna, ar a dtuismitheoirí agus ar an phobal a thugann tacaíocht don Ghaeilge. Measaim go mbeadh lúcháir orthu earraí le Gaeilge orthu a chur os comhair a gcuid páistí don bhricfeasta ar maidin.
    Cad é atá le déanamh mar sin? An bhfuil sé d’acmhainn ag aon eagraíocht Gaeilge feachtas a chur ar siúl a dhéanfadh teagmháil le comhlachtaí a sholathraíonn earraí coiteanta (bainne, arán, srl), mar thús, agus a chuirfeadh ar a súile dóibh go mbeadh sé lena leas pacáistiú Gaeilge, nó dhátheangach a dhéanamh agus a chuirfeadh an t-eolas sin ar fáil dúinne, na tomhaltóirí, le go dtig linn tús áite a thabhairt do na comhlachtaí sin.
    Anois dá dtarlódh sin i 2018 nár chúis ceilúrtha a bheadh ann?