Na beartais sláinte phoiblí le fanacht i bhfeidhm, tithe tábhairne le filleadh ar a ngnáthuaireanta

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcaithfí ‘an fíor-dhul chun cinn’ a bhí déanta le bliain anuas ‘a chosaint’

Na beartais sláinte phoiblí le fanacht i bhfeidhm, tithe tábhairne le filleadh ar a ngnáthuaireanta

Tá plean leasaithe d’athoscailt an stáit fógartha ag an Rialtas agus tithe tábhairne agus bialanna le filleadh ar a ngnáthuaireanta oibre ón Aoine.

Beidh tástálacha antaigine agus teanndáileoga vacsaíne ina gcuid den phlean nua agus beidh na srianta deireanacha sláinte poiblí i bhfeidhm go dtí mí Feabhra ar a laghad.

Ón Aoine, an té atá lánvacsaínithe ach a shíltear é a bheith ina ghartheagmhálaí cuirfear mearthástáil antaigine chuige sa phost.

Ní bheidh ar an duine sin fanacht glan ar dhaoine eile. Má bhíonn toradh dearfach ar an tástáil antaigine, a thógann 10 nóiméad í a chur i gcrích, déanfar an toradh sin a dheimhniú le tástáil PCR.

Déanfar teanndáileog vacsaíne, an tríú snáthaid nó an dara ceann ag brath ar an vacsaín, a thairiscint do dhaoine atá os cionn 60.

Ní bheidh aon srian feasta ar líon na ndaoine a bheidh ceadaithe ag seirbhísí reiligiúnacha nó póstaí agus beidh cead oscailte chomh maith faoin bplean nua ag clubanna oíche.

Ar na srianta a bheidh i bhfeidhm go dtí mí Feabhra ar a laghad, tá an scaradh sóisialta, caitheamh mascanna agus an riachtanas teastas Covid-19 a bheith agat le dul isteach i mbialanna, tithe tábhairne agus áiteanna eile taobh istigh.

Seirbhís ag an mbord amháin a bheidh ar fáil sna tithe tábhairne agus bialanna go dtí earrach na bliana seo chugainn agus deichniúr a bheidh ceadaithe ag bord.

Ní bheidh gá le teastas Covid d’ócáidí taobh amuigh ná ní chuirfear srian ar líon na ndaoine a cheadaítear ag ócáidí taobh amuigh.

Cuirfear rialacha nua i bhfeidhm d’athoscailt na gclubanna oíche agus beidh ort teastas Covid a bheidh agat le freastal ar cheann acu. Beidh gá le masc a chaitheamh ach amháin nuair atá tú ag ól nó ag damhsa.

Leanfaidh daoine atá ag obair ón mbaile ag filleadh ar an ionad obair ach déanfar sin ar bhonn “céimiúil”.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcaithfí “an fíor-dhul chun cinn” a bhí déanta le bliain anuas “a chosaint”.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nach raibh an tír “san áit a dteastódh í a bheith” ó thaobh líon na gcásanna den víreas.

“Níl an phaindéim thart fós. Beidh orainn geimhreadh amháin eile a chaitheamh sula mbeimid in ann a rá go bhfuil sí curtha dínn againn,” arsa an Tánaiste.

Fág freagra ar 'Na beartais sláinte phoiblí le fanacht i bhfeidhm, tithe tábhairne le filleadh ar a ngnáthuaireanta'