Tá cuimse de lucht na gcathracha agus na mbailte móra ag bualadh amach faoin tuath an tráth seo bliana agus fonn orthu píosaí siúil agus rothaíochta a dhéanamh. Ach, tá sé ina shárú fós faoi Bhealaí Glasa
Ní fáilte a bheadh ag feilméaraí roimh na cuairteoirí ach a mhalairt, a deir an Comhairleoir Contae, Séamus Breathnach as Uachtar Ard i gContae na Gaillimhe. “Yuppies na gclogad crua” a thug an Comhairleoir ar na daoine a bheadh ag rothaíocht ar Bhealaí Glasa. Ach, is é a mhalairt de bharúil atá ag Cumann Tráchtála an Chlocháin agus Chonamara ar an scéal. Chuideodh Bealach Glas i gConamara le sláinte intinne an phobail tuaithe atá scartha amach ó thorann an tsaoil, dar leo.
B’in é a dúirt an Cumann Tráchtála in aighneacht a chuir siad chun siad chuig an Aire Iompair agus Turasóireachta, Shane Ross. Ní dochar ar bith don Aire Ross a bheith mearaithe ag an sárú a bhaineann leis na bealaí glasa in áiteacha éagsúla ar fud na tíre agus shocraigh sé go mbunófaí coiste agus go rachfaí sa tóir ar thuairimí an phobail.
Tá seanfhocal ann ina bhfuil sé ráite gur ‘fearr an troid ná an t-uaigneas’ agus má ghéilltear dó sin, tá brí agus bunús le barúil Chumann Tráchtála an Chlocháin agus Chonamara. Creideann siadsan, i measc na mbuntáistí eile atá luaite acu le forbairt Bealach Glas i gConamara, go mba mhór an t-ardú croí a thabharfadh an comhluadar a bheadh ag dul anonn agus anall do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair sceirdiúla atá ar bheagán daonra. Ar ndóigh, tá bailte fearainn i gConamara atá scáinte amach in imeacht na mblianta agus an daonra gafa in aois iontu. Níl comhluadar gasúr ar bith i gcuid acu. Ba dheacair an tuairim go bhfuil an saol éirithe níos uaigní a bhréagnú. Ba mhór an suáilceas daoine a fheiceáil ag siúl agus ag rothaíocht in aice láthair, nó sin é a shílfeá.
Ach tá seasamh eile ag leithéidí an Chomhairleora Breathnach ar cheist na mBealach Glas.
Lámh chúnta a bhí an Breathnach a thabhairt d’úinéirí talúna siar ó chathair na Gaillimhe agus siar i dtreo Chonamara – nó don chuid acu atá ag cur cosa i dtaca in aghaidh coisithe agus rothaithe ina gcuid garantaí agus gar dá bhfeilmeacha. ‘No Greenway through Billamore’ a deir na comharthaí ar chuaille teileagraif gar d’Uachtar Ard; tá brúchtaíl faoi thalamh gar do bhunáit an Bhreathnaigh.
Níl san gconspóid seo in iarthar na Gaillimhe ach sampla de chaint thréan atá tarraingthe ag na Bealaí Glasa (cosáin astu féin deighilte amach ó na bóithre móra do lucht siúil agus rothaíochta) ar fud na tíre.
Is deacair a rá an dtabharfaidh an comhairliúchán poiblí bealach éalaithe as an tsáinn ina bhfuil ceist na mBealach Glas; is go háitiúil ‘ar an talamh’ a bheidh an réiteach le déanamh, má tá réiteach ar fáil. Mar a dúradh in amhrán na Trá Báine ‘níl fear ar bith dá bhoichte é nach bhfuil feilm aige féin’. Sin é ríocht bhean agus fhear na tuaithe – an fheilm agus an talamh. Is leo féin an talamh agus tá lorg a gcos fágtha ag a muintir rompu ar an talamh céanna sin. Go hiondúil, táthar ag súil go rachaidh an talamh agus an fheilm – bíodh an fheilm torthúil nó a mhalairt – ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile den teaghlach. Tá an méid sin ann agus tá ceisteanna móra praiticiúla in intinn na bhfeilméaraí freisin.
An gcuirfidh coisithe agus rothaithe as do bheithígh, caoirigh agus caiple? An bhfuil baol ann go n-ionsódh tarbh daoine nach bhfuil cleachta le hainmhithe agus nach dtuigeann an chontúirt. An bhfágfar geataí nó bearnaí gan dúnadh? Sa bhreis air sin, tá sé ina imní go dtiocfadh dlí sa mhullach ar úinéara talúna dá dtarlódh timpiste – nó rud níos measa. Má thugann na húdaráis áitiúla féin barántas go gcuirfear árachas ar an mBealach Glas an stopfadh sé sin an chontúirt go dtabharfar an t-úinéara féin chun cúirte mar chosantóir nó mar fhinné? An bhfuil baol ann go ndéanfaidh daoine atá ag dul an bealach mísc nó gadaíocht?
Is féidir a dhul thar fóir leis an imní sin, agus nach ‘fearr an troid ná an t-uaigneas’? Tá luí ag daoine le comhluadar, a deir Cumann Tráchtála an Chlocháin agus Chonamara, mura mbeadh ann ach daoine a fheiceáil uait agus clogaid orthu. Fiú agus má chuireann an comhluadar siúil agus rothaíochta roinnt athruithe ar do shaol nach é sin nádúr an chine daonna agus nádúr an tsaoil?
Cuireann sé i gcuimhne dom scéal a léigh mé faoin tseirbhís traenach idir Gaillimh agus an Clochán a bhí ann idir 1895 agus 1935. Théadh an traein thrí cheantar sléibhtiúil ón Teach Dóite, siar tríd an Sraith Salach go dtí An Clochán. Is cosúil go mbíodh daoine ag éisteacht agus ag faire go dtiocfadh an traein an bealach agus nuair a bhíodh sí imithe thar bráid ritheadh cuid acu – agus ní gasúir a bhí iontu uilig – ina diaidh ar feadh píosa go bhfaighfí tuilleadh radhairc uirthi. Idir dheatach agus thorann, dhúisíodh sí na bailte.
B’fhéidir gur chuidigh an traein le sláinte intinne an phobail. No bhféidir gur cheart an seanfhocal a athrú – ‘Is fearr an torann ná an t-uaigneas’. Nó ar fearr?
Críostóir
Tá cónaí orm congarach go leor do Rian Glas na nDéise. Tá éirithe go hiontach leis an dtogra sin. Níor tháinigh méadú ar ghadaíocht sa cheantar, bheadh ionadh orm dá raibh bunús leis an gcaint sin. Tá aithne agam ar roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu díreach taobh leis an rian glas agus iad ana-thógtha leis an rud ar fad.
Is fíor é go bhfuil neart ‘yuppies’ á úsáid, (agus neart airgead chaite sa cheantar acu chomh maith) ach bíonn muintir na háite á úsáid leis, feirimeoirí na háite ina measc. Tá sé cloiste agam go rí-mhinic anso go bhfuil sé iontach ar fad áit sábhailte a bheith ar fáil do theaghlaigh le dul amach ar siúlóid, nó ag rothaíocht le chéile.