Ná bac torann scipéid an airgid agus uimhreacha na n-imreoirí mar atá

Measann ár gcolúnaí gur dímheas ar an lucht leanta a bheadh in aon athrú a chuirfí ar an mbealach a liostáiltear foirne i gcláracha chluichí CLG. Ach fág faoi na Poncánaigh é i gcás na neamhairde…

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Ní fhéadfá gan cion a bheith agat ar Jim Gavin. Labhraíonn sé go meáite, ciallmhar i gconaí, fiú ar an uair annamh a mbuailtear peileadóirí Átha Cliath. Thabharfadh a bhealach le fios duit go ndéanfadh sé bainisteoir stuama in aon ghné den saol.

Tá scaití ann nuair a chuireann sé iarbhainisteoir Chontae na Mí, Seán Boylan, i gcuimhne dom agus ar ndóigh ardaíonn sin an cheist faoin gcumas nach mór a bheith sa bhfear séimh lena chinntiú go bhfuil an miotal chomh maith leis an mánlacht ina chuid imreoirí.

Tá seans ann go mbíonn feiceáil ar ‘Jim’ de chineál eile i seomraí feistis na Dubs agus laistiar de dhoirse dúnta Pháirc Parnell agus iad i mbun traenála.

Tháinig cuid d’fhealsúnacht bainistíochta an Ghábhánaigh chun solais coicís ó shin nuair a chuaigh Áth Cliath chun páirce i gCorn Uí Bhroin in aghaidh Loch Garman agus na huimhreacha a bhí ar dhromanna na ngeansaithe ag dul le ainimneacha na n-imreoirí on ord aibítreach, cé is móite den bháideoir, Mick Savage ar fhan uimhir a haon air.

Ar an lántosach, Paddy Andrews, cuir i gcás, a bhí Uimhir 2, agus 22 a bhí ar an leathchúlaí láir John Small.

Ní gá go mbeadh céim mháistreachta ag duine ó Scoil Gnó Harvard go dtuigfeadh sé cén fáth a mbeadh tóir ag bainisteoir spórt ar bith ar a leithéid de chóras. Bréagnaíonn sé an tuiscint go dtugann uimhir imreora le fios do na comhghleacaithe atá in iomaíocht leis go bhfuil bearna mhór chumais eatarthu agus fágann a leithéid de chóras aontas níos mó idir an buíon imreoirí.

Tá an ceart ar fad ag Gavin nuair a deir sé go bhfuil cluiche na peile Gaelaí athraithe ó bhonn le deich mbliana fichead agus go nglacann an lucht féachana leis gur mór an difríocht atá idir ról an chosantóra agus an ionsaitheora anois seachas mar a bhí.

Go fiú agus go bhfeiceann sé go bhféadfadh Coistí Contae buntáiste airgid éicint a bhaint as ainmneacha na n-imreoirí maraon lena n-uimhreacha a bheith ar chúl na ngeansaithe mar a bhíonn sa sacar.

Áirítear go mbíonn geansaí nó léine a gcontae ar timpeall 60,000 díobh siúd a dhéanann freastal ar Chluichí Ceannais na hÉireann (d’íocadar tuairim €2.5 milliún orthu sin). An gceannófaí níos mó as ucht ainm Colm Cooper, Michael Murphy, Bernard Brogan nó Joe Canning a bheith orthu? Bheadh amhras orm.

Ar aon nós, is é siceolaíocht na bainistíocha, atá milsithe ag torann scipéid an airgid, is bunús le hargóint Jim Gavin agus ainneoin mo mheas ar an bhfear séard a déarfainn leis gur beag an chloch iad sin ar phaidirín; gur leis an lucht féachana a íocann ag an ngeata a bhaineann an ceann is mó atá air.

‘An té a íocfas an píobaire, is é a ghlaofas an port’ a deir an sean-nath,  a saolaíodh ag an am arbh iad na fir amháin a mba ghnáthach leo lámh a chur ina bpócaí agus is iad siúd freisin a thagann trí na geataí a bhfuil tús áite ag dul dóibh ag cluichí peile agus iomána Chumann Lúthchleas Gael.

Is fuath liom freastal a dhéanamh ar chluiche nuair nach mbíonn fáil agat ar an bhfoireann go bhfógraítear sin ar an gcóras méadaithe gutha.

Bíonn sé ionann is dodhéanta stríoca a chur le os cionn fiche ainm as liosta fada agus tá lán carr-asail de ‘biros’ caite uaim agam sa mbáisteach ag iarradh a leithéid a dhéanamh.

Nuair a cheanaíonn duine clár an chluiche tá sé dlite dó nó di na foirne agus na hionadaithe a bheith leagtha amach os comhair a súl ar bhealach simplí, soléite.

Pointe fánach go leor, ach tábhachtach freisin, ar ndoigh is ea a bhfuil luaite agam ach más cruthúnas ceart atá uait ar eagraíocht spóirt atá ag déanamh neamhairde iomlán ar lucht a leanta, níl ort a dhul níos faide ná an scéal a tháinig as na Stáit Aontaithe tuairim seachtain ó shin freisin go bhfuil foireann peile na Rams le n-aistriú go Los Angeles.

Ainneoin beagnach 20 milliún duine a bheith i gcomharsanacht Chathair na nAingeal, ní raibh aon fhoireann NFL inti le 21 bliain. Bhuail an dream deireadh a bhí ann bóthar siocair nach raibh údaráis na cathrach sin sásta staid nua a thógáil dóibh.

Dúirt úinéir na foirne sin go dtiocfadh siad trasna na tíre chuig Baltimore dá dtógfaí staid ansiúd faoina gcomhair, ach nuair nach bhfuair sí mórán uaidh d’imigh sí go St. Louis, áit a bhfuair sí a mian, cé go mb’éigean di an dlí a bhagairt ar na húinéirí eile sular tharla sin.

An fhoireann? Na Rams céanna atá anois ag filleadh ar ais ar Los Angeles tar éis do úinéirí an lae inniu a mbeannacht a thabhairt don aistriú uair amháin eile. 

Tuige nach dtabharfadh nuair is cuid den socrú go gcaithfidh na Rams $550 milliún a íoc leis an NFL mar tháille athlonnaithe?

Ní mórán dá lucht leanta a thabharfaidh na Rams leo as St. Louis atá 27 uair an chloig as LA i gcarr nó 3 huaire ar eitleán.

Agus mise ag ceapadh gur masla é a iarradh orm cúpla stríoca a tharraing sa mbáisteach le ‘biro’!

Fág freagra ar 'Ná bac torann scipéid an airgid agus uimhreacha na n-imreoirí mar atá'