Ná bac le ‘roses are red and violets are blue’, bíodh an Ghaeilge ar do ghob agat inniu…

Más galar é an grá bhí sé ann ó thús an chine daonna agus bhí sé ag an nGael chomh maith le cách

Ná bac le ‘roses are red and violets are blue’, bíodh an Ghaeilge ar do ghob agat inniu…

Tá dánta beaga rómánsúla ag dul anonn agus anall inniu Lá Fhéile Vailintín. Is mór i gceist ‘roses are red and violets are blue’ i mBéarla ach tá véarsaí áille le fáil i nGaeilge freisin ag an té a rachadh á dtóraíocht.

Tiocfaidh muid chuig cuid acu ar ball.

Galar é an grá a bhí ann ó thús an chine daonna, más galar é. Is maith an scéal go raibh sé ann nó ní bheadh sinne anseo inniu. Bhíodh fir ag bréagadh na mban i gcónaí. Níorbh é an Rógaire Dubh amháin a d’fhéadfadh  a rá:

Tá mé san aois ach níl trí troithe ar fad ionam,

  Féach  mar sin féin go raibh mealladh na mban ionam.

Céard a bhíodh na mná a dhéanamh?  Casadh an raiteog linn ar fad (coquette). Bhíodh a gcuid cleasanna agus a gcuid cluanaíochta féin acu, cé nár mhinic a chuiridís a mianta i ndán ná in amhrán.

Is iomaí cineál grá ann.  Tá an grá éagmaiseach ann (do dhaoine a bhíonn as láthair). Tá an grá leatromach ann. Ná déan dearmad ar an saobhghrá, an mearghrá. Aistriúchán iad an dá fhocal sin ar ‘infatuation’.

Ar ndóigh tá grá na hailpe ann freisin. I ndiaidh an tairbhe a bhíonn an grá, a deirtí. Mo ghrá thú agus rud agat, an léiriú a bhí ag daoine eile air.

Ach caithfidh muid a bheith níos  rómánsúla ná sin Lá Fhéile  Vailintín. Feileann na focail leannán, muirnín, taisce agus stóirín inniu. Bíodh muid dáiríre nuair a deir muid grá mo chroí thú, is tú grá mo chléibh.

Níl mórán difríochta idir grá, cion agus searc. B’fhéidir gurbh fhearr do dhuine scaití Ortha na Seirce a bheith aige nó aici  ná a bheith ag cur véarsaí fánacha chun bealaigh.

Ógbhean aislingeach a thabharfaí ar ghirseach a mbeadh suim rómhór aici sna véarsaí fánacha nó a bheadh ag cliúsaíocht, ag spallaíocht, ag radaireacht nó ag manaois ar Facebook rómhinic.

Ceolán seafóideach, b’fhéidir,  a thabharfaí ar ógfhear a bheadh ar an gceird chéanna.

Ach is cuma cén chaoi a mbreathnaíonn tú air, bíonn fir agus mná geallmhar ar a chéile. Go deimhin is minic a bhíonn fear splanctha i ndiaidh mná agus vice versa.

Tugann sin ar ais muid go dtí na véarsaí Gaeilge a d’fhéadfaí a chur in áit na cainte faoi na rósanna dearga agus na sailchuacha gorma inniu. Éist leis seo.

Go bhfásfaidh dhá sciathán
As mo chliathán anuas,
Is go n-éirím in airde
I measc éiníní an chuain,
Go ndéantar cónra chláir dhom
Is go dté na tairní inti go dlúth,
Ní scarfaidh do ghrá go brách liom
Go mbeidh mé ráithe san uaigh.

Seo ceann eile:

Is i mBaile na hInse thiar
Atá mo ghrá le bliain,
Is áille í ná grian an fhómhair,
Is go bhfásann mil ina diaidh
Ar lorg a cos sa tsliabh,
Dá fhuaire an uair th’éis na Samhna.

Bhíodh corrfhear ionraic ag imeacht i gcónaí freisin. Ní fhéadfaí a chur i leith an fhir seo  go raibh sé ag cur an chluain Mhuimhneach ar a ghrá geal. D’admhaigh sé go breá oscailte go raibh sé ag plé le cúigear ban eile roimhe sin:

Tá cuid acu dá rá
Gur mór mo ghean ar mhná
Níor thugas-sa mo ghean ach do chúigear,
Is i gcontúirt mo bháite
Go leanfainn tú sa snámh
D’fhonn bheith in do pháirt a chúileann.

Ba deacair d’fhir na mná a chur as a gceann go mór mór agus iad ina luí  ar an leaba san oíche:

Dá fhad í an oíche aréir níor chodail mo shúile néal
Ach ag machnamh ar ghníomhartha Mháire
Is go brách nár thaga an t-éag i mbarr fuar mo ghéag
Go bhfeicfeadsa i dtíos mo ghrá geal.
Ba mheasa ná sin  cás an té a raibh arraing ag dul trasna thríd is i gcónaí i lár a chroí:
Nuair a luím ar mo leaba
níl sócúil le fáil
Is go bhfuil arraing in mo thaobh deas
Agus loit sí mo lár.
Dochtúirí na cruinne
Is iad uile le fáil,
Níl mo leigheas ar an méid sin
Ach ag Máire an chúil Bháin.
Ní minic a chuireadh na mná a mianta in iúl, a  dúirt mé,  ach rinne an bhean seo é:
A ógánaigh an chúil cheangailte
Lena raibh mé seal in éineacht
Chuaigh tú aréir an bealach seo
Is níor tháinig tú do m’fhéachaint.
Shíl mé nach ndéanfaí dochar duit
Dá dtiocfá is mé  d’ iarraidh
Is gurb í do phóigín a thabharfadh sólás
Dá mbeinn i lár an fhiabhrais.

Is minic a tháinig pósadh  (comhchónaí nó aontíos céileachais sa lá atá inniu ann) as spiorad rómánsúil Vailintín. Ach ní deireadh suairc a bhíodh i gcónaí ar an scéal. Éist leis an gcailín seo ar fhág Dónall Óg ag caoineadh í:

Bhain tú thoir is bhain tú thiar domh,
Bhain tú an ghealach gheal agus bhain tú an ghrian domh,
Bhain tú an croí istigh i lár
mo chléibh domh
Is nach ró-mhór m’eagla gur bhain tú Dia domh. (leagan as Tír Chonaill).

Mura bhfuil sibh sásta le ceann ar bith de na véarsaí sin téigí chuig an mBíobla. Tá cur síos an-bhreá go deo  ansin ar an ngrá:

Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith.

Fág freagra ar 'Ná bac le ‘roses are red and violets are blue’, bíodh an Ghaeilge ar do ghob agat inniu…'

  • Séamus

    Is aoibhinn liom na haltanna iontacha sin ó Sheosamh Ó Cuaig, ach ba mhaith liom a fháil amach cén leabhar nó cén áit a fuair sé na véarsaí seo.

  • Séamus

    Is aoibhinn liom na haltanna iontacha seo ó Sheosamh Ó Cuaig, ach ba mhaith liom a fháil amach cén leabhar nó cén áit a fuair sé na véarsaí seo.

  • Seosamh Ó Cuaig

    As “Love Songs of Connacht” le Douglas Hyde

  • Séamus

    Go raibh maith agat a Sheosaimh, caithfidh mé é a cheannach mar sin