Meas tú, ar deireadh thiar, arbh fhiú an giolc samhnasach sin a chuir an oiread sin déistin ar pholaiteoirí i Fianna Fáil is Fine Gael, agus, ar ndóigh ar ghardaí trí chéile?
Murach é, meas tú an mbeadh éileamh déanta ag an AGSI (Cumann Sáirsintí is Cigirí an Gharda Síochána) ar an gCoimisinéir Drew Harris soiléiriú a dhéanamh ar ról an Gharda i gcásanna díshealbhaithe?
Is fiú ráiteas an AGSI a scrúdú: “Iarrann AGSI ar an gcoimisinéir ról na ngardaí ag díshealbhuithe a shoiléiriú i bhfianaise an mhéadú ar líon na ndíshealbhuithe” [Liomsa an Bhéim].
Lean siad leis: “Is ceist don tsochaí ar fad é an díshealbhú, a chuireann isteach ar ghardaí freisin, mar tá cuid mhaith dá mbaill in áit chónaithe ar cíos toisc nach bhfuil an acmhainn acu a gcuid tithe féin a cheannach.”
Dúirt Antoinette Cunningham, ardrúnaí AGSI, go bhfuil gardaí ar an dá thaobh den scéal seo toisc gur tionóntaí iad ach ag an am céanna go bhfuil dualgas orthu a chinntiú “nach mbrisfí an tsíocháin”.
Ba é toradh na tvuíte, inar phostáil an Teachta Dála Eoin Ó Broin íomhá leasaithe a thaispeáin Gardaí i bhfeighil ar dhíshealbhú, gur díríodh aird an phobail – agus aird na ngardaí – ar an scéal is ar an dualgas a chuirtear ar ghardaí sna heachtraí sin.
Lena gceart a thabhairt do na gardaí, d’ardaigh AGSI an scéal seo chomh fada siar le 2019. Ansin bhí sé ina raic i gcontae Ros Comáin agus i mBaile Átha Cliath nuair a cuireadh daoine amach as a gcuid áiteanna cónaithe, is bhraith na gardaí go raibh siadsan fágtha sa lár idir tionóntaí agus báillí is lucht an díshealbhaithe.
Bhí sé deacair sna pictiúir den mhéid a tharla i mBaile Átha Cliath an difear idir gardaí is báillí a aithint, ach amháin go raibh an focal ‘Garda’ scríofa ar a gcuid balaclávaí.
Rinne AGSI gearán go bhféadfadh daoine a cheapadh gur ar thaobh na mbáillí a bhí siadsan, agus droch-chlú a tharraingt orthu féin.
Sin é an scéal oifigiúil – go bhfuil gardaí ann le síocháin a choinneáil, ach i gcás nach bhfuil bunús ceart dlí taobh thiar den díshealbhú tá an cheist le cur arís: cé a chuireann na gardaí ann is cén fáth? B’in í an cheist a cuireadh i mBaile Átha Cliath in 2019.
Sea, má tá gardaí ann d’fhéadfaí glacadh leis go bhfuil an dlí ar thaobh an tiarna talún, cé gur minic nach mar sin atá.
Nach cóir go mbeadh níos mó ag teastáil ó na báillí ná díreach iarratas a dhéanamh le gardaí a chur ar dualgas?
Ar deireadh thiar tá soiléiriú ag teastáil, ní ón gCoimisinéir ach ón rialtas agus ó na cúirteanna.
Ach níl an rialtas ag iarraidh aon phlé a dhéanamh faoi ról an Gharda sa scéal. Bhí siad ag iarraidh leas polaitiúil a bhaint as an ngiolc a sheol Eoin Ó Broin agus nimh don Gharda a chur i leith Shinn Féin. Is é sin, aird an phobail a bhaint de pholasaí an díshealbhaithe.
Mar a tharlaíonn, níl an cáineadh ar an rialtas ag dul i léig. Tá leithéidí Peter McVerry, Eagraíocht Vincent de Paul, Threshold agus eagraíochtaí eile a phléann le daoine nach bhfuil áit chónaithe acu aontaithe go gcuirfidh polasaí an rialtas stop a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú go mór le líon na ndaoine gan dídean.
Ní dóigh liom gur freagra ceart ar an gcáineadh sin tabhairt faoi Shinn Féin faoi ghiolc.
Ní dóigh liom ach an oiread go gcuireann sé le muinín an phobail sa bhfreasúra nuair a ghéilleann Sinn Féin don cháineadh ón rialtas agus ó na meáin tarraingt siar ón ngiolc sin.
Cinnte, tá Eoin Ó Broin ag rá nach ndearna sé aon leithscéal mar gheall ar an ngiolc, nár thug sé ach míniú faoina raibh ar intinn aige agus é á chur amach, ach don phobal, ba chosúil gur chúlaigh Sinn Féin nuair a thug an Bhunaíocht fúthu.
Agus má tá Sinn Féin sásta cúlú roimh cháineadh den chineál seo, cén chaoi a mbeadh muinín againn nach gcúlóidís amanna eile freisin ar ábhair eile?
Ag filleadh ar an AGSI, nach bhfuil sé spéisiúil gur chuala muid an oiread sin Teachtaí Dála is Seanadóirí de chuid pháirtithe an rialtais ag caitheamh anuas ar an ngiolc, ach nár chuala muid rud ar bith uathu faoin ráiteas a d’eisigh AGSI.
Beidh tuilleadh coinbhleachta ann faoi seo, mar, in ainneoin a bhfuil á rá ag an rialtas, níl aon áit le dul ag an gcuid is mó den dream a chuirfear amach as a n-áiteanna cónaithe. Ná creid mise faoi sin: creid McVerry is Threshold.
Tá os cionn 11,000 duine gan dídean cláraithe faoi láthair; tá os cionn 5,000 fógra díshealbhaithe ag teacht i bhfeidhm anois díreach agus tuilleadh ar na bacáin.
Cuirimis arís an cheist a cuireadh sa ngiolc: céard é ról an Gharda sa scéal?
Fág freagra ar 'Ná bac an tvuít, tá ceist fós le freagairt – céard é ról an Gharda i ndíshealbhú?'