Ná bac maistíní an mhéarchláir – bíodh an dóchas mar lón bóthair againn

Bliain stairiúil a bhí in 2019 do Bhaile Átha Cliath ach tá cúiseanna éagsúla dóchais ag foirne eile

Ná bac maistíní an mhéarchláir – bíodh an dóchas mar lón bóthair againn

Niall Scully (Áth Cliath) agus David Clifford (Ciarraí). Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

B’fhéidir gur caint leithéiseach i ndeireadh na bliana í ach taibhsítear do scata ná raibh curaidh uile-Éireann fé chúig, Áth Cliath, chomh leochaileach le fada an lá.

Lena gceann feadhna, Jim Gavin, éirithe as a dhualgaisí agus cuid des na laochra is mó a bhí le deich mbliana acu ag tréigint an chriú, anois an t-am, ba dhóigh leat, ar cheart d’fhoirne eile bheith á ngríosú féin chun tabhairt fúthu. Táim siúráilte go bhfuil, leis, foirne agus painéil imreoirí ag teacht le chéile i bpóirsí ciúine ó chósta go cósta ag iarraidh seifteanna a tharrac chucu féin in iarracht máistreacht Átha Cliath a bhriseadh.

Tá a fhios ag an uile fhoireann acu go mbeidh an cultúr atá go tréan i measc imreoirí Átha Cliath anois ina lúb cheangail idir na glúnta d’imreoirí tar éis do Pat Gilroy múnla na hainnise a bhriseadh agus tar éis do Jim Gavin an cultúr a chruthú ar na máithreacha a d’fhág Gilroy ina dhiaidh. Cultúr é seo a bheidh buan, beag beann ar imeacht aimsire agus ar threo na gaoithe. Beifear ag faire le spéis ar chomharba Gavin ach ná bímis ag súil le haon sop sóláis ó churaidh uile-Éireann idir seo agus tús na sraithe i ndeireadh na míosa seo chughainn.

Deireadh Páidí Ó Sé riamh gur tréimhse an-ghuagach í tréimhse seo an gheimhridh ag Cumann Lúthchleas Gael. Leis na hathruithe go léir atá tagtha ar thimthriall na bliana caide, is deacair dom féin uaireanta a dhéanamh amach cé acu geimhreadh nó fómhar nó earrach atá agam, gan caint ar athrú aeráide a bhac chuige.

Tá deireadh na bliana buailte linn agus is ait agus is trua go bhfuiltear fós ag caint ar shocruithe na gcluichí, ar chlár cluichí ceart daingean don ngnáthimreoir (pé é féin) agus ar fhéilire na caide a fháisceadh isteach in aon bhliain amháin. 

Maidir le clár sásúil cluichí, ba chóir go mbeadh sé ríshoiléir faoin dtráth seo, tar éis é bheith dulta do chuid des na riarthóirí is cumasaí dá bhfuil ann, nach féidir teacht ar réiteach a shásóidh an uile dhuine i gCumann Lúthchleas Gael. An rud nach féidir, ní féidir é. Ní stadann san maistíní an mhéarchláir ag luí amach orthu féin na haon uair a fhoilsítear tuarascáil, mar a d’fhoilsigh tascfhórsa shocruithe na gcluichí le déanaí.

Iarracht mhacánta eile ab ea an tuarascáil seo a d’eascair as mórchroí, mórmheoin agus mórshaothar i gcásanna áirithe. Iarracht ab ea é ar theacht ar réiteach ar an gceist chrosta ná leigheasfadh Solomon. Ní túisce foilsithe an tuarascáil nó go dtosnaigh an t-allagar, an leagadh, an priocadh is an bearradh agus is maith ann a leithéid i ngluaiseacht dhaonlathach i gcónaí.

Is iad an dream eile a cháisímse, áfach. Na hiománaithe ar an gclaí. Drannairí an díomais agus an diúltachais nár shailigh a lámh i ngort caide riamh ná nár thug láimh chúnta le socrú cluichí ach amháin nuair a d’oir dóibh féin amháin amhlaidh a dhéanamh. Táid ann go tiubh na laethanta seo agus b’fhéidir go raibh riamh ach ní raibh na hardáin chomh fairsing feiceálach is atá sa lá atá inniu ann. Ní raibh na meáin shóisialta sa treis nuair a labhair Páidí ar ‘chaint agus ar chogarnaíl an gheimhridh’ na blianta fada ó shin. Is deacair dom a shamhlú cad déarfadh mo sheanpháirtí leis an gcaibideal atá ar siúl an geimhreadh seo fé chlár ceart cluichí a thabhairt d’imreoirí ach sin scéal thairis.

In éagmais na gcluichí an tráth seo bliana is ceart, is cóir agus is cuí ár n-aird a dhíriú siar ar an mbliain atá díreach caite agus ar a raibh le foghlaim againn faoinár gcluichí dúchasacha agus faoi lucht a n-imeartha. Díreod aird ar na dea-scéalta toisc an iomarca béime bheith leagtha in áiteanna eile ar a mhalairt.

Taobh amuigh de ghaisce Átha Cliath ag breith na gcúig chraobh as a chéile leo, tá casadh na taoide i gCorcaigh ar cheann de mhórscéalta na bliana, dar liom. An fhoireann shinsir áirithe i measc an tsárochtair, an fhoireann faoi 20 agus na mionúir ag buachtaint craobhacha uile-Éireann agus greim fachta ar an stiúir an athuair ag daoine a bheidh in ann an t-árthach a thabhairt chun cuain.

Cuimhnigh gurb iad seo an fhoireann shinsir a bhí chomh leachta liobarnach i gcluiche sraithe in aghaidh chontae an Chláir san earrach. Cuimhnigh leis, go raibh cruinniú boird contae go gairid ina dhiaidh sin sa chontae agus scata dona raibh i láthair ag fiafraí cá raibh a dtriall agus an raibh an bhainistíocht a bhí i réim (Ronan McCarthy agus a chriú) maith go leor don gcúram. Tá samhradh glórmhar curtha síos acu a bhí breac le scéalta dearfacha, ní lú ina measc an teacht aniar a dhein an fhoireann faoi 20 agus iad naoi gcúilín chun deiridh sa chluiche ceannais in aghaidh Átha Cliath. Tá an cúrsa ceart á thógaint ag cúrsaí caide i gCorcaigh arís. Dea-scéala do Chorcaigh, dea-scéala do Chiarraí agus dea-scéala do chluiche na caide féin.

Scéalta dearfacha eile? Cad faoi Ros Comáin san iarthar? Anthony Cunningham – fear iomána, a déarfá, agus gan é tofa le bheith ina bhainisteoir ar iománaithe Átha Cliath. Tá teacht aniar agus acmhainn sa bhfear, ní foláir, chun foireann ná beadh iontach ar fad a ghríosú i dtús na craoibhe sa Bhealtaine chun buachtaint ar Mhaigh Eo i bPáirc Mhic Éil den gcéad uair ó 1986.

Cad faoi chontae na Mí? An bhfuil sé róluath bheith ag caint ar cheann d’fhoirne móra traidisiúnta na caide bheith thar n-ais? Ní raibh aon duine dá seanlaochra ag búirigh ach a mbuaileas leo ins na tithe tábhairne roinnt uaireanta an chloig tar éis do Chiarraí an fear maith a fháil orthu san Uaimh i ndeireadh a bhfeachtais chraoibhe i dtús mhí Lúnasa ach fós féin, tá cúinne de shórt éigin casta ansiúd leis.

Tá imreoirí óga ar nós Shane Walsh, James Conlon agus Darragh Campion ag bláthú agus cinnireacht iontach á léiriú ag Donal Keogan, Bryan Menton agus Mickey Newman. Beidh siad ag imirt i Roinn 1 na sraithe peile go luath agus cé go bhfuil bearna mhór le sárú, táid éirithe as a suan.

Nuair a labhartar ar bhuaiceanna na bliana, cuimhnítear i gcónaí ar na piardaí móra ach an raibh aon ghníomh chomh fearúil, chomh fileata agus chomh fírinneach in éirim is a bhí an greamú deireanach a dhein Gary Brennan an Chláir i mbabhta cáilithe in aghaidh na hIarmhí ar an Satharn deireanach de mhí an Mheithimh? Bhí contae an Chláir pointe chun cinn agus an t-am geall leis tráite. Bhí fáisceadh an bháis á chur ag an Iarmhí ar chic amach an bháideora, Stephen Ryan ach i mbriathar agus i mbeart, bhí an Braonánach ina ghaiscíoch. ‘Caith chugham í,’ a dúirt na haon bhall dá chorp. Lascáladh, léimeadh, greamaíodh. Bronnadh cic saor air as a dhua agus leis sin, bhí buaite ag an gClár. Cluiche na caide agus é briste síos go mion in aon ghníomh amháin.

I bhfíorthosach na bliana seo scríobhas anseo gur sórt oilithreachtaí iad cluichí caide na linne seo agus an lucht leanúna ina síor-oilithrigh ar thóir áilleachta. Dúirt gur ar thóir na háilleachta a bhíonn cuid mhaith daoine nuair a théann siad ag féachaint ar chluichí caide inniu toisc go bhfuil an áilleacht chomh tearc agus an ealaíon chomh gann. Scríobhadh san i gcomhthéacs cic sleasa gleoite a thóg ógánach Neidín agus imreoir óg na bliana, Seán O’Shea, sa chéad bhabhta sraithe in aghaidh Thír Eoghain. Níor staon O’Shea den draíocht ó thús deireadh na bliana agus bhí giolla maith ina theannta in David Clifford.

B’fhéidir ná fuil corn Sam Maguire i gCiarraí againn i ndeireadh na bliana ach maireann ár ndóchas go ciúin agus 2020 ag teannadh linn toisc go bhfuil ógánaigh mar Clifford agus O’Shea ag teacht chun coinlíochta.

Is leor sin mar lón bóthair ag an bpointe seo. 

     

Fág freagra ar 'Ná bac maistíní an mhéarchláir – bíodh an dóchas mar lón bóthair againn'

  • Seán Mag Leannáin

    Maistíní an mhéarchláir! Is maith liom é.