An bhfuil a fhios ag éinne céard a chiallaíonn an seanfhocal ‘Níl leigheas ar an ngrá ach an pósadh’?
Níor thuig mé riamh é. An gciallaíonn sé gur galar é an grá agus nach mbeidh aon leigheas le fáil agat air ach amháin má phósann tú? Cén mhaith duit an leigheas agus tú pósta?
Shílfeá go mbeadh an leigheas rómhall an uair sin agus tú pósta. Sin é an uair a theastódh an grá go géar uait agus tú théis searmanas mór an phósta a thógáil ort féin agus gealltanais mhóra a dhéanamh os comhair an tsaoil. Cén mhaith duit an leigheas agus an beart déanta?
Nó an é go gciallaíonn sé gur tinneas é an grá a théann in ainseal ort agus gur sórt córas bainistíochta ar an bpian atá sa bpósadh? B’fhéidir gurb é an chaoi go gcaithfidh muid foghlaim conas maireachtáil ó lá go lá agus muid buailte ag an ngrá.
Díreach mar atá orainn maireachtáil anois agus an Covid-19 thart orainn. Táthar ag rá linn go gcaithfidh muid foghlaim conas maireachtáil le taobh an víris. Beidh seanfhocal nua ag teastáil uainn as seo amach. ‘Níl aon leigheas ar an gCovid ach vacsaín mRNA a spreagann giniúint spícephróitéiní i gcealla do choirp’. Níl sé baileach chomh deisbhéalach céanna, fós. Tá ruainnín oibre uaidh.
Seanfhocal eile nár thuig mé riamh ná ‘gráin deireadh an ghrá’. Cén chiall atá leis seo nó cén sprid mhailíseach a chum? An gciallaíonn sé go mbeidh an ghráin agat ar an té a bhfuil tú i ngrá leis/léi sa deireadh thiar? Níorbh fiú duit bacadh leis an ngrá an chéad lá riamh más sin é an scéal. Tá barúil agam féin nach bhfuil aon bhrí ag baint leis an seanfhocal sin ach amháin go bhfuil rím dheas leis is go dtéann an dhá fhocal le chéile go maith.
Agus céard faoi ‘mo ghrá ó tá an rud agat’? Shílfeá gur dream soiniciúil, searbhasach muid atá amhrasach faoin ngrá. A mhalairt ar fad ar ndóigh muid, muintir na hÉireann, is muid ag cur thar maoil leis an rómánsúlacht agus leis an ngrá.
Ceist eile ná céard é ’an rud’ a bhfuiltear ag tagairt dhó sa seanfhocal? Grá in aimsir Chovid… Is dóigh dá mbeadh teastas sláinte ag duine, is ‘rud’ éigin a bheadh ann. Chuirfeadh sé leis an tarraingt nádúrtha a bheadh ag an té a bheadh ar thóir an ghrá.
An mbeidh rud ar bith chomh tarraingteach i gcúrsaí grá amach anseo le teastas an vacsaín? Déan dearmad ar na rósanna, na hoisrí agus ar an seaimpéin, ní chuirfidh rud ar bith preab sa bhfuil i mbliana mar a chuirfidh an páipéar imdhíonachta. Búm!
Béasa maithe glaineachta, masc ag clúdach do smig is do bhéal… agus an teastas imdhíonachta. Ní fhéadfaí é a shárú.
Niall na Naoi bPiontaí
á nach maith féin é seo agus an grá ina rud a mhaireann! sár-scríbhneoireacht mar is nós… meas tú a bhfuil filíocht ná dánta go leor ann a mhíníonn an grá dúinn? :-)