Na babhtaí díbeartha linn agus lá mór ag Messi agus van Djik

An Ísiltír agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a imreoidh an chéad chluiche i mBabhta an 16 tráthnóna agus casfaidh an Airgintín ar an Astráil níos deireanaí

Na babhtaí díbeartha linn agus lá mór ag Messi agus van Djik

Christian Pulisic agus Virgil van Djik


3.00in

Dá ndéarfá roimh thús an chomórtais go mbeadh an Ísiltír agus Stáit Aontaithe Mheiriceá in aghaidh a chéile i gcluiche díbeartha, mheasfadh formhór daoine go mbeadh an bua ag na hÍsiltírigh. B’fhéidir go bhfuil sin fós fíor ach seans nach mbeidh an cluiche seo chomh héasca is a cheapfaí roimhe seo.

Leamh go maith a bhí taispeántais na hÍsiltíre go dtí seo sa Chatar, cluichí ina bhfuair siad an ceann is fearr ar an tSeineagáil agus ar Chatar agus ina raibh comhscór acu le hEacuadór. Is beag anam a bhí sna taispeántais sin i ndáiríre agus murach an t-ógánach Cody Gakpo, bheadh an Ísiltír i dtrioblóid mhór.

Tá cúl scóráilte ag Gakpo i ngach cluiche go dtí seo sa chomórtas agus é ag bláthú díreach ag an am ceart don Ísiltír. Is féidir leis imirt i lár na páirce nó ar na cliatháin ach is mar lárthosaí is mó a bhíonn sé ag imirt don Ísiltír.

D’fhéadfadh go mbeadh tuilleadh cúnaimh ag Gakpo inniu agus Memphis Depay tagtha chuige féin ó ghortú. Ba é Depay príomhscórálaí na foirne sa bhfeachtas cáilithe agus má bhíonn comhimirt mhaith idir é féin agus Gakpo, beidh an-rath aran Ísiltír, go háirithe agus cosaint an-láidir acu le Virgil van Djik, Nathan Aké agus Jurrien Timber nó Matthijs de Ligt.

Tá siad beagáinín lag i lár na páirce, áfach, agus iad ag brath go mór ar Frenkie de Jong. Beidh siad faoi bhrú ann inniu toisc gur ansin is láidre Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bhí Tyler Adams, Yunus Musah agus Weston McKennie ar fheabhas go dtí seo sa chomórtas agus iad anonn is anall ag dul i bhfeidhm ar chluichí. Ábhar imní é do Mheiriceá mar sin go raibh ar McKennie an pháirc a fhágáil sa chluiche a bhuaigh siad ar an Iaráin ach meastar go mbeidh sé in ann imirt tráthnóna.

Gortaíodh Christian Pulisic sa chluiche céanna agus an cúl cinniúnach á scóráil aige ach ceaptar go mbeidh seisean é féin ar fáil in aghaidh na hÍsiltíre. Is minic leis fuinneamh a chur in ionsaithe Mheiriceá agus beidh sé ag teastáil arís más leo an beart a dhéanamh inniu.

 

Lionel Messi. Pic: Youtube/FIFA


7.00in

Fiú san Astráil féin, is beag duine a cheap go mbainfeadh an fhoireann na babhtaí díbeartha amach ag Corn an Domhain 2022, go háirithe agus iad curtha sa ghrúpa céanna leis an bhFrainc, na seaimpíní reatha, agus an Danmhairg, atá sa deichiú háit ar rangú domhanda FIFA.

Bhí bua stairiúil ag na Socceroos in aghaidh na Danmhairge Dé Céadaoin, áfach, agus iad ag tabhairt aghaidh anois ar Lionel Messi agus an Airgintín. Ba in 2006 an t-aon uair eile ar bhain an Astráil Babhta an 16 amach ag Corn an Domhain, tráth a raibh leithéidí Mark Viduka, Harry Kewell agus Tim Cahill ag imirt dóibh ach níl aon réalta ar an bhfoireann reatha agus iad ag brath ar dhíograis níos mó ná ar scil.

D’fhéadfadh go rachaidh sé sin chun sochair dóibh in aghaidh na hAirgintíne. Oíche Dé Céadaoin a bhí an dá fhoireann seo ag imirt go deireadh agus tá gearáin déanta ag an dá champa faoina laghad scíthe a tugadh dóibh. Agus an Airgintín ag brath chomh mór sin ar Messi, atá 35 bliain d’aois, déarfá gurb iadsan is mó a bheadh ag casaoid.

Mar sin féin, bhuaigh an Airgintín 2-0 ar an bPolainn sa chluiche deireanach agus gan aon bhaint ag Messi leis an dá chúl. Chuir an laoch cic éirice amú sa chluiche céanna agus tabharfaidh sé muinín do na himreoirí eile go rabhthas in ann dea-thoradh a fháil gan a bheith ag brath ar ghaiscí Messi.

Ba cheart go mbeadh an Airgintín rómhaith don Astráil tráthnóna ach ní féidir a bheith 100% cinnte d’fhoireann seo na hAirgintíne, mar atá feicthe againn cheana féin sa Chatar.

Fág freagra ar 'Na babhtaí díbeartha linn agus lá mór ag Messi agus van Djik'