Na 10 mbronntanas ‘Gaeilge’ is fearr don Nollaig…

Tá deich gcinn de mholtaí ag Tuairisc.ie maidir leis na bronntanais ‘Ghaeilge’ is fearr is féidir a cheannach an Nollaig seo

Na 10 mbronntanas ‘Gaeilge’ is fearr don Nollaig…

Tá níos lú ná ceithre seachtaine fágtha go mbeidh an Nollaig linn agus tá an ruaille buaille agus an gleo tosaithe cheana féin ar phríomhshráideanna na mbailte móra agus beaga agus daoine ar thóir bronntanas.

Mhol eagraíochtaí Gaeilge an tseachtain seo caite do mhuintir na hÉireann an ‘Euro Gaelach’ a chaitheamh faoi Nollaig 2016 agus ‘bronntanais Ghaeilge’ a cheannach.

Anseo thíos, tá deich gcinn de mholtaí ó Tuairisc.ie maidir leis na bronntanais ‘Ghaeilge’ is fearr is féidir a cheannach an Nollaig seo.

1. Cluiche Boird

gaelic-scrabble

Tá Glór na nGael tar éis roinnt mhaith cluichí boird Gaeilge a chur amach le blianta beaga anuas, idir chluichí nuafhorbartha Gaeilge agus leaganacha Gaeilge de chluichí móra an Bhéarla.

Tá leagan Gaeilge de Scrabble ar fáil do dhaoine fásta agus do dhaoine óga agus tá leagan Gaeilge uile-Éireann de Monopoly ar fáil chomh maith le ceann dátheangach do chontae na Gaillimhe.

Is breá an bronntanas a bheadh i gceachtar acu, ach ní mór a bheith ullamh don phraghas mór a bheidh orthu. Tá na leaganacha Gaeilge de Scrabble agus Monopoly i bhfad níos costasaí ná a gcomhionann Béarla – €40.

Más fearr leat na mórbhrandaí, agus na praghsanna a théann leo, a sheachaint, tá roinnt mhaith cluichí dá gcuid féin deartha ag Glór na nGael. Is féidir leithéidí Nasc, Sciob Sceab, agus Ard-Rí a fháil idir €20 agus €30.

2. Samsung S7

Samsung Galazy Note 7

Ba é Samsung an chéad chomhlacht fóin a thug córas oibriúcháin Gaeilge amach, beagnach deich mbliana ó shin anois, an Samsung Tocco. Chloígh Samsung leis an nGaeilge ó shin agus tá an táirge is úire uathu, an Samsung S7, ar fáil i nGaeilge. Tá an córas oibriúcháin uile go léir i nGaeilge agus tá córas tuarthéacs Gaeilge ar fáil freisin. Cé go bhfuil muid fós ag fanacht ar leaganacha Gaeilge de na móraipeanna, is tús maith a bheadh sa Samsung S7, nó fón ar bith de chuid Samsung, don duine ar mhaith leis a ghnáthshaol a Ghaelú ruainne beag eile.

Tá iarrachtaí ar bun ag comhlachtaí eile leaganacha Gaeilge dá gcóras oibriúcháin a chur ar fáil freisin ach go dtí seo, is é Samsung is fearr ó thaobh na Gaeilge.

3. Leabhar Gaeilge

books

Beidh tuilleadh amach anseo againn faoi na leabhair Ghaeilge a d’fhéadfaí a cheannach don Nollaig i mbliana, ach ní luafaimid anseo ach leabhar ficsin amháin, leabhar neamhfhicsin amháin, aistriúchán nua amháin agus leabhar amháin do pháistí.

Ba í Áine Ní Ghlinn a bhuaigh Gradam Réics Carlo dá saothar Hata Zú Mhamó a d’fhoilsigh Cois Life i mbliana, scéal faoi chuairt a thugann Mamó ar an zú lena gariníon Siobhán agus beirt chairde le Mamó as an teach altranais.

Tháinig An tIriseoir (Cois Life) le Michelle Nic Pháidín sa dara háit ag comórtas liteartha na Oireachtais i mbliana. Leabhar faoi iriseoir as Tír Chonaill atá ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath. Cuirtear abhaile go Dún na nGall í le scéal mór a fhiosrú, scéal a chuireann i dteagmháil í le muintir a háite féin arís.

Táthar ag fanacht le fada ar leagan Gaeilge de mhórshaothar GRR Martin Game of Thrones. Tá Cluiche na Corónach ar fáil anois ó Leabhar Breac díreach in am don Nollaig.

I réimse an neamhfhicsin, thuill saothar Sheáin Uí Chuirreáin Éagóir, Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna ardmholadh i mbliana. Is é seo an chéad leabhar i nGaeilge faoi chás a tharraing oiread conspóide ag an am go luaitear le titim Rialtas na Breataine é

4. Deireadh seachtaine Gaeltachta

Fail Cliath beach

Tá seacht gcontae Gaeltachta in Éirinn agus an chuid is mó acu ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin – ceann de príomhbhealaí turasóireachta na tíre. Cé nach bhfuil sé ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, tá Gaeltacht na nDéise ar chósta na Mara Ceiltí agus is ceantar álainn mara é. Ar ndóigh, tá Múscraí timpeallaithe ag sléibhte Chorcaí agus Ráth Chairn suite i machairí méithe na Mí – dhá cheantar álainn intíre.

Tá óstáin agus tithe lóistín go leor sa Ghaeltacht agus ba bhreá an bronntanas do dhuine ar bith cúpla lá in aon cheann acu. Bíonn áilleacht éagsúil ag baint leis an nGaeltacht gach uile ráithe agus ní gá gur i lár an tsamhraidh a thabharfaí cuairt uirthi.

5. Béirín le Gaeilge

Bábóg Baby

Tuairim is seacht mbliana ó shin, rinne Adrian Devane ó Mhaigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe ‘Babóg Baby’ – béirín a bhfuil dathanna, uimhreacha agus cruthanna na Gaeilge ‘ar eolas’ aige.

Tá fáil fós ar an mbéirín sin i siopaí éagsúla ar fud na tíre ach le blianta beaga anuas tá cara nua faighte aige.

Is cainteoir dúchais Gaeltachta é ‘Teidí’, atá ar fáil anois ó Ghlór na nGael. Tá 29 abairt agus dhá rann Gaeilge ‘ar eolas’ aige. Tá glór an bhéirín ar fáil sna trí mhórchanúint; Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge na Mumhan. Is féidir an chanúint a roghnú trí chnaipe ar an gcallaire istigh ann a bhrú.

6. Ceol Gaeilge

Tús leis an gcoirmcheoil

Cé go bhfuil muid i ré an cheoil dhigitigh le roinnt mhaith blianta anuas, is deas fós dlúthdhiosca crua a oscailt Lá Nollag.

Tá bannaí nua-aimseartha Gaeilge ag teacht chun cinn le deireanas beidh Gradaim Cheoil Nós á mbronnadh don dara bliain as a chéile i gceann cúpla seachtain.

Tá dlúthdhioscaí nua curtha amach ag leithéidí IMLÉ agus Spats Colombo i mbliana i réimse an cheoil nua-aimseartha ach tá albaim thraidisiúnta agus sean-nóis á gcur amach seasta freisin.

Tá réimse leathan ceoil ar fáil ó Ghael Linn chomh maith le foilsitheoirí eile ar nós Cló Iar-Chonnacht. Spreag comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca cúpla albam álainn freisin, ina measc Caithréim le Síle Denvir agus Áille na hÁille / A Terrible Beauty – A Suite in Honour of the Heroes of 1916  ó cheoltóirí éagsúla.

7. Ticéid

Pictiúr Conor McCabe Photography
Pictiúr Conor McCabe Photography

Bíonn go leor imeachtaí Gaeilge ag tarlú i gcaitheamh na bliana agus tá na ticéid ar díol do chuid acu cheana féin. D’fhéadfaí ‘cairdeas na Taibhdheirce’ a cheannach, agus luachanna éagsúla air. Is í an Taibhdhearc amharclann náisiúnta na Gaeilge agus í lonnaithe i gcathair na Gaillimhe.

Fógraíodh an mhí seo caite go mbeidh Féile na Gealaí, féile cheoil agus ealaíon, ar siúl arís an samhradh seo chugainn i nGaeltacht na Mí. Cé nach bhfuil na ticéid ar fáil fós, d’fhéadfaí cárta deas a chruthú agus nóta beag air ag geallúint go gceannóidh tú ticéad mar fhéirín a luaithe agus a fhógrófar iad!

An mhí seo chugainn beidh Gradaim Cheoil Nós 2017 ar siúl sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath. Seo an dara bliain as a chéile a dtabharfar aitheantas do cheol nua-chumtha i nGaeilge agus beidh ard-oíche ann san ardchathair.

Is iomaí féile bheag agus mhór eile a bhíonn ar siúl ar fud na Gaeltachta agus na tíre i gcaitheamh na bliana, agus is maith an smaoineamh ticéad mar bhronntanas i gcónaí.

8.  DVD Gaeilge

mise-eire1

Tá dul chun cinn mór déanta in earnáil na teilifíse Gaeilge agus go leor cláracha Gaeilge ar fáil ar sheinnteoir TG4 agus ar ardáin eile. Faraor, is minic nach mbíonn na cláracha sin ar fáil ar líne go buan.

Is deacair, mar sin, teacht ar ábhar Gaeilge ar líne tar éis a chraolta ar an teilifís, nó go deimhin, sa phictiúrlann.

Nach mór an mhaith, mar sin, go bhfuil DVDanna Gaeilge ar fáil, don aos óg agus do dhaoine fásta araon.

Is féidir an leagan Gaeilge de go leor cartúin teilifíse a roghnú ar DVD, Traein na nDineasár, Spongebob Squarepants agus Dora the Explorer mar shampla. Tá fáil freisin ar Amhrán na Mara agus Rún Cheannanais Mhóir ón Cartoon Saloon.

Eisíodh leagan nuachóirithe de Mise Éire i mbliana, an scannán faisnéise a rinneadh faoi Éirí Amach na Cásca i 1959, atá go huile is go hiomlán i nGaeilge agus ceol le Seán Ó Riada leis. Tá Saoirse, an scannán a lean Mise Éire, ar fáil freisin.

Is féidir cúpla scannán ficsin a cheannach freisin i nGaeilge, ina measc Cré na Cille, atá bunaithe ar mhórshaothar Mháirtín Uí Chadhain.

9. Braoinín na Gaeltachta

Micil

Tá borradh tagtha faoin stiléireacht agus faoin ngrúdaireacht ar fud na tíre agus is iomaí grúdlann bheag atá tagtha ar an bhfód le blianta beaga anuas.

Tá cáil mhór ar an Dingle Distillery, ach tá áiteanna beaga nua ann freisin atá tar éis dul chun cinn mór a dhéanamh i margadh an alcóil sa tír seo agus thar lear.

Tá deochanna éagsúla ar fáil ó Phoitín Mhicil i gConamara, Fia Bán i Múscraí, Achill in Acaill agus Independent Brewery i gConamara.

Ar ndóigh, tá comhlachtaí eile lasmuigh den Ghaeltacht a úsáideann an Ghaeilge ar a gcuid lipéad agus ina gcuid brandála, agus tá Brú i gContae na Mí, ar cheann acu sin.

10. Saothar eile na Gaeltachta

Ciaran Hogan Baskets

Tá an Ghaeltacht lán ealaíontóirí, ceoltóirí agus ceardaithe maithe. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar bhailte Gaeltachta sna seachtainí roimh an Nollaig, nó ar shuíomh idirlín na ndíoltóirí más ann dó, agus súil a chaitheamh ar a bhfuil ar fáil uathu.

Cabhróidh do ghnó go mór le neartú na Gaeltachta, agus i go leor cásanna, le caomhnú na teanga mar theanga phobail. Tá ealaín, seodra, troscán agus earraí nach iad ar fáil i ngach aon cheantar Gaeltachta, saothar a léiríonn an ealaín agus na ceirdeanna dúchais. B’iontach an bronntanas Nollag do dhuine ar bith earra Gaeltachta agus b’iontach an bronntanas don Ghaeltacht an fhiontraíocht agus cúrsaí gnó a chothú inti aimsir na Nollag.

Fág freagra ar 'Na 10 mbronntanas ‘Gaeilge’ is fearr don Nollaig…'

  • maidhcí

    Cúpla smaoineamh maith agaibh annsan, is trua nach bhfuil roinnt nasc agaibh i déanta leis an t-eolas ionas go bhfeadfaí dul agus na rudaí a cheannach.

  • Siobhán

    Cad faoi dearbhán do chúrsa de chuid Oideas Gael? http://www.oideasgael.ie

  • Seán

    Ná dean dearmad ar an leagan Gaeilge don scannán Amhrán na Farraige le fáil ar DVD.
    (Nílim ag obair don gcomhlacht, geallaim duit :) )

  • Jamie
  • Gearóid

    http://www.criostal.com Criostal Gaeltacht na nDeise. Ar fáil i ‘Kildare Village’ freisin.

  • Íte Ní Chionnaith

    Mhol mé ar an gclár Cormac ar a Cúig ar Raidió na Gaeltachta an lá cheana go dtabharfadh daoine síntiús bliana do cheann Gaeilge mar bhronntas Nollag – Feasta €75, Comhar €70, An tUltach €65, An Timire €20 (gach ráithe) agus molaim arís anseo é. Molaim freisin Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge ag http://www.cnagsiopa.com/, áit a bhfuil leabhair, cártaí (Nollag agus eile), dlúthdhioscaí, bréagáin, postaeirí srl ar fáil.

  • Mise Áine