Na 10 gcinn d’ailt is mó a léigh daoine ar Tuairisc.ie

Tá suim ar leith ag léitheoirí Tuairisc.ie in altanna faoi chúrsaí teanga

Top ten

Tá níos mó spéise ag léitheoirí Tuairisc.ie in anailís shochtheangeolaíoch an Dr. John Walsh ná mar atá acu sa phornagrafaíocht, fiú más ar éigean é.

Is éFós ag feitheamh ar an míorúilt theangeolaíoch, píosa anailíse leis an Dr. John Walsh ar cheapachán Joe McHugh mar Aire na Gaeltachta, an t-alt is mó a léigh daoine ar Tuairisc.ie ó seoladh an tseirbhís nuachta nua ar an 9 Deireadh Fómhair.

Is é ‘Pornagrafaíocht a chuirfidh preab sa Ghaeilge’, tráchtaireacht Sheosaimh Uí Chuaig ar an ngá le hábhar léitheoireachta ‘gáirsiúil’ i nGaeilge, atá sa dara háit ar an liosta de na deich gcinn d’ailt is mó ar thug daoine cuairt orthu ar Tuairisc.ie go nuige seo.

Léiríonn an liosta atá bunaithe ar anailísíocht Google ar na haltanna a foislíodh ar Tuairisc.ie le sé seachtaine anuas go bhfuil suim ar leith ag léitheoirí Tuairisc.ie i scéalta faoi pholasaí Gaeilge an Stáit agus in ábhar a bhaineann le saíocht agus saibhreas na teanga féin.

Píosa tuairimíochta faoin gCaighdeán Oifigiúil le Kevin Hickey atá sa tríú háit ar an liosta agus tá alt tuairimíochta le Maitiú Ó Coimín faoi chúrsaí logainmneacha sa cheathrú háit.

Níl físeáin, gailearaithe ná giotaí fuaime Tuairisc.ie áirithe ar an liosta seo, ná ní áirítear ann ach an oiread scéalta a raibh ábhar físe nó fuaime ag dul leo.

Seo an liosta de na deich gcinn d’ailt is mó a léigh daoine ar Tuairisc.ie le sé seachtaine anuas:

1. Fós ag feitheamh ar an míorúilt theangeolaíoch

Ach ní hionann beartas teanga an stáit i leith na Gaeilge agus eagrán de Bród Club nó An G Team. Tá níos mó i gceist leis an nGaeilge ná caitheamh aimsire agus mar chuid den mbeartas teanga riamh anall bhí an tuiscint gurb ann do phobal arb í an Ghaeilge a ngnáthurlabhra, bídís sa Ghaeltacht nó lasmuigh di.


2.  Pornagrafaíocht a chuirfidh preab sa Ghaeilge

Is éard a theastaíonn  chun daoine a chur ag léamh i nGaeilge ná neart gráiscínteachta a chur ar fáil dóibh, nó pornagrafaíocht má tá tú ag iarraidh a bheith níos nua-aimseartha fós faoi.


3.  ‘Obair baile’ nó ‘obair bhaile’ le déanamh?

Is gá dul i ngleic lena bhfuil de dhifear idir an focal scríofa agus an focal labhartha ar na saolta seo, agus an Caighdeán Oifigiúil a thabhairt ‘faoi chuing na réadúlachta’, mar a dúirt an Dr. Feargal Ó Béarra.


4. Na 10 tvuít is fearr ó aistear Joe McHugh

Roghnaigh Tuairisc.ie na deich tvuít is fearr ó aistear foghlama Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh. Nóta: Ní sinne a chum ná a cheap na tvuíteanna.


5. Beart de réir briathair is gá a dhéanamh

Ní fiú tada ‘ fearg’ na nGael má chaitear ar na meáin shóisialta nó ar stól an bheáir í. Stopaimis ag gearán nach n-aithníonn an Stát muid nuair nach n-aithníonn muidne muid féin – agus fágaimis Ballydavid, Spiddle agus Gortahurk san áit chéanna ar fhág muid Kingstown, Philipstown agus Maryborough.


6.  Míshástacht le polasaí Gaeilge an Stáit agus ceapachán McHugh

Dar le triúr as gach cúigear go mba chóir don Stát níos mó a dhéanamh ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, agus creideann an méid céanna daoine gur bhotún ag an Taoiseach é Joe McHugh a cheapadh mar Aire Stáit na Gaeltachta.


7.  ASNC: Maoiniú na gCeanneagras le socrú ar chlár teilifíse

Dragún’s Den a thabharfaimid air le bheith ‘Gaelach’ agus an BAI a choinneáil sásta ,” a dúirt Pádraig Ó Sean-Chaora, TGFore!, agus é ar a shlí go dtí seoladh clár fáisnéise éigin faoi eachtra staire éigin a raibh dearmad déanta air mar nach raibh an oiread sin tábhachta leis an chéad lá.


8.  Cinneadh faoi chomharthaí curtha ar ceal ag Donohue

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, dhiúltaigh Leo Varadkar do chomhairle an NRA maidir le leasú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair, ach tá an tAire nua Paschal Donohoe ar mhalairt tuairime.


9. An traein-seanchas a chuireann soir sinn

An chéad stop eile ná ‘Na Sceirí’. Is fiú an turas a dhéanamh díreach le fuaimniú an ainm a chluinstin. Is é an ‘í fada’ is faide dá raibh riamh in Éirinn ná in Albain é, ‘í fada’ a shíneann leath bealaigh go Droichead Átha. Déanann na páistí scoile aithris air: ‘Na Sceireeeeee’.


10. RnaG ag scrúdú ainmneacha agus sloinnte

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaí maidir le hainmneacha imreoirí spóirt agus ionadaithe poiblí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge. Tugtar an méid seo le fios i Plean Straitéiseach RTÉ Raidió na Gaeltachta 2014-2017, a bhfuil cóip de feicthe ag Tuairisc.ie.


 

 

 

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Na 10 gcinn d’ailt is mó a léigh daoine ar Tuairisc.ie'

  • Tiarnán

    An bhféadfaí na figiúirí cuí a roinnt?