Murdair Mhám Trasna, Fear as Dobhar, Rocky Ros Muc agus Raidió Fáilte i measc na n-iomaitheoirí d’Fhéile na Meán Ceilteach

Is i Llanelli na Breataine Bige a bheidh féile na bliana seo ar siúl i dtús mhí Bealtaine

Murdair Mhám Trasna, Fear as Dobhar, Rocky Ros Muc agus Raidió Fáilte i measc na n-iomaitheoirí d’Fhéile na Meán Ceilteach

Tá neart saothar Gaeilge ar na gearrliostaí do ghradaim Fhéile na Meán Ceilteach 2018 a beidh ar siúl sa  Bhreatain Bheag mí Bealtaine.

Is don ghradam don scannán faisnéise staire atá ainmniúchán faighte ag an dráma faisnéise, Murdair Mhám Trasna. Insítear sa scannán, atá bunaithe ar an leabhar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, scéal Mhaolra Seoighe agus na ndúnmharuithe a tharla i Mám Trasna os cionn 130 bliain ó shin.

Is iad an comhlacht léirithe ROSG, a rinne léiriú ar an scannán a thuill ardmholadh nuair a taispeánadh den chéad uair é ag Oireachtas na Samhna 2017.

Scéal an iardhornálaí, Seán Ó Mainnín, atá faoi chaibidil i Rocky Ros Muc, atá bunaithe ar an leabhar den teideal céanna le Rónán Mac Con Iomaire. Is don ghradam don chlár faisnéise spóirt is fearr atá Rocky Ros Muc ainmnithe. Bhuaigh an scannán faisnéise seo gradaim cheana ag Féile na Scannán Éireannach i mBostún agus ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.

Tá clár de chuid Raidió na Gaeltachta, Fear as Dobhar, ainmnithe don ghradam don chlár faisnéise raidió is fearr. Scríofa agus léirithe ag Dónall Mac Ruairí, déanann an clár cur síos ar shaol Phádraig Uí Dhúgáin, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa cheoil Clannad.

Song of Granite agus An Béal Bocht i measc na saothar Gaeilge eile a bhfuil ainmniúcháin faighte acu agus tá Raidió Fáilte, an stáisiún Gaeilge i mBéal Feirste, san iomaíocht don ghradam don Stáisiún Raidió na Bliana.

Is i Llanelli na Breataine Bige a bheidh féile na bliana seo ar siúl agus í á reáchtáil idir 2-4 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Murdair Mhám Trasna, Fear as Dobhar, Rocky Ros Muc agus Raidió Fáilte i measc na n-iomaitheoirí d’Fhéile na Meán Ceilteach'