Murar féidir le Martin O’ Neill bocht é a admháil, déarfaidh mise ar a shon é – níl na himreoirí aige

Fiú dá mbeadh an t-airgead ag an FAI, an bhfuil aon duine ag ceapadh go leigheasfadh athrú bainisteora an scéal, nó fiú go gcuirfeadh sé an t-athrú is fánaí air?

Murar féidir le Martin O’ Neill bocht é a admháil, déarfaidh mise ar a shon é – níl na himreoirí aige

Bainisteoir na hÉireann, Martin O'Neill. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Bíonn méid áirithe trua agam do Martin O’Neill nuair a thugann bainisteoir sacair na hÉireann aghaidh ar iriseoirí agus teipthe uair amháin eile ar a fhoireann i gcluiche mar a tharla in aghaidh na Breataine Bige tráthnóna Dé Máirt seo caite. B’in é an ceathrú uair le sé seachtaine ag an Niallach cosaint a dhéanamh ar a chuid imreoirí agus teipthe orthusan an bua a thabhairt leo.

Déanann an fear bocht a dhícheall. “An-óg”. “Imreoirí Sinsearacha gortaithe” . “Cluiche a d’fhéadfadh a bheith buaite againn”. “Shíl mé gur imir muid go maith”.

Tuigim a dhílseacht. Chomh maith leis sin agus é ag cosaint a fhoirne tá sé ag seasamh suas dó féin agus dá chlú – mar a dhéanann chuile bhainisteoir. Ach bíonn scaití ann nuair a deirim liom féin gurbh fhearr dó a theacht amach, a lámh a leagan ar a chroí agus a rá amach díreach, ‘Shíl mé go ndearna muid chomh maith agus atá ionainn, ach sí fírinne an scéil nach bhfuil muid maith ár ndóthain.’

An bhfuil ar chumas bainisteora sin a dhéanamh agus meas agus dílseacht a chuid imreoirí a choinneáil ? Níl freagra na ceiste agam, ach bheadh ag cuid mhaith peileadóirí Gaelacha in Éirinn a bhfuil admhaithe ag a mbainisteoirí gur amhlaidh cás agus greadadh eile fós tugtha ag foirne Jim Gavin dóibh le dornán blianta.

Bíonn níos mó baint ag cúrsaí airgid leis an scéal freisin sa sacar ar ndóigh. Cé mhéad duine a bheadh sásta lámha a chur ina bpóca le ticéad a cheannacht don chluiche dúshláin in aghaidh an Tuaiscirt san Aviva faoi cheann cúpla seachtain dá mbeadh sé ráite ag Martin O’Neill an oíche faoi dheireadh nach fiú deich triuf a chuid imreoirí.

Tá caint sa timpeall freisin gur cheart an Niallach a bhriseadh as a phost, ach nach bhfuil an FAI in acmhainn sin a dhéanamh mar go mbeadh costas €3 mhilliún ag baint leis.

In ainm Chroim! Fiú dá mbeadh an t-airgead acu an bhfuil aon duine ag ceapadh go leigheasfadh athrú bainisteora an scéal, nó fiú go gcuirfeadh sé an t-athrú is fánaí air?

Is ríléir gur ganntan imreoirí a bheadh ar an gcaighdeán is airde a fhágann gurb é a mbua 1-0 ar an mBreatain Bheag an t-am seo anuraidh an t-aon chluiche comórtais a bhuaigh príomhfhoireann sacair na hÉireann le bliain anuas, achar inar imir siad an Fhrainc, an Pholainn, an Tuirc agus na Stáit Aontaithe i gcluichí dúshláin ach gur in aghaidh na bPoncánach amháin a thuilleadar an bua.

Dornán imreoirí de chuid na tíre seo atá ag saothrú a mbeatha i bPríomhroinn sacair Shasana faoi láthair – ní raibh aon duine as an tír seo ag an gclub a bhuaigh sin le 7 mbliana – John O’Shea agus Darron Gibson.

Is beag  nach gcomhairfeá ar aon lámh amháin an líon de pheileadóirí Éireannacha na linne seo a imríonn go rialta sa bPríomhroinn sa lá atá inniu ann.

Seisear as an bPríomhroinn a bhí ar an bhfoireann a roghnaigh Martin O’Neill Dé Máirt seo caite : Shane Duffy (Brighton), Harry Arter (Cardiff), Kevin Long agus Jeff Hendrick (Burnley), Cyrus Christie (Fulham) agus Matt Doherty (Wolves ) – Wolves an t-aon fhoireann acusan atá sa leath uachtair den Premiership faoi láthair.

Tá an Dochartach agus Duffy roghnaithe ó thús na himeartha ag a gclubanna i ngach ceann de na hocht gcluiche Príomhroinne atá imeartha acu an séasúr seo, Arter i seacht gcinn, Hendrick i gcúig cinn, Christie i dtrí cinn agus roghnaíodh Long ó thús ceithre bhabhta. Ach é a bheith in ann Séamus Coleman, Robbie Brady agus James McCarthy, atá gortaithe a roghnú, ní áibhéil a rá mar sin gur seisear imreoirí rialta Príomhroinne atá ar fáil do Martin O’Neill agus mar is léir, bí ag súil go mbeidh duine nó dhó acu sin gortaithe i gcónaí.

Ní leor peileadóir as na ranna ísle le go mbeadh seans ag aon tír na mórchraobhacha a bhaint amach, ní áirím iad a bhuachan. Cinnte anois agus arís tiocfaidh ardú meanman, mar a tháinig nuair a bhuaigh cúl Brady ar an Iodáil ag Euro 2016. Ach is é Corn an Domhain is fearr agus is fírinní a thugann inseacht ar easpa cumais fhoirne idirnáisiúnta na hÉireann leis na déaga de bhlianta – níor shroich muid na babhtaí ceannais ó 2002.

Níl a fhios agam cé chomh féaráilte agus atá sé comparáid a dhéanamh idir imreoirí an lae inniu agus a gcumas siúd a thug Éire chomh fada le babhtaí mórchomórtais den chéad uair riamh faoi cheannas Jack Charlton – agus cuimhnigh murach cúl a scóráil Gary Mackay d’Albain in aghaidh na Bulgáire i réamhbhabhtaí Euro 88 agus a gcuid cluichí ar fad imeartha againne gur sa mbaile a bheadh na hÉireannaigh an samhradh sin.

Le comhscór in aghaidh na Beilge sa mBruiséil a chuir Éirinn tús lena n-aistear sna babhtaí cáilithe i bhFómhar 1986, tar éis dóibh a bheith chun deiridh faoi dhó – sábháilte ag cúl a fuair Frank Stapleton (Man Utd) agus cic éirice de chuid Liam Brady (West Ham) san 89ú nóiméad.

Bhí chuile Éireannach a bhí ar an bpáirc an oíche sin ag imirt do chlub a bhí sa roinn ab airde an uair sin, ón mbáireoir amach. Bonner (Glasgow Celtic), Davy Langan (Oxford Utd), Mark Lawrenson (Liverpool), Kevin Moran (Man Utd), Chris Hughton (Tottenham), Ray Houghton (Oxford Utd), Paul McGrath (Man Utd), Liam Brady (West Ham), Tony Galvin (Tottenham), John Aldridge (Oxford). Frank Stapleton (Man Utd).

Ba iad Ronnie Whelan agus Jim Beglin na hionadaithe – áiteanna buana acusan ar fhoireann Liverpool, a cheannaigh Houghton agus Aldridge ó Oxford go gairid ina dhiaidh.

Bliain dár gcionn d’fhág bua 2-0 ar an mBulgáir i mBóthar Lansdúin an 11 pointe ag Éirinn a thug chun na Gearmáine iad – ceann chun cinn ar na Bulgáraigh. Faoin am sin bhí Stapleton imithe chuig Ajax Amsterdam agus cúpla athrú déanta ag Jack ar an bhfoireann – peileadóirí a bhí ag imirt sna ranna ab airde a tháinig isteach – Mick McCarthy (Celtic), Whelan ag imirt ón tús agus Niall Quinn (Arsenal) ag teacht chun páirce sa dara leath.

Murar féidir le Martin O’ Neill bocht é a admháil, déarfaidh mise ar a shon é. Faraor níl na himreoirí aige.

Fág freagra ar 'Murar féidir le Martin O’ Neill bocht é a admháil, déarfaidh mise ar a shon é – níl na himreoirí aige'