‘Murach an tÚdarás cén bhail a bheadh ar phobal na Gaeltachta?’ – scéal Údarás na Gaeltachta le hinsint ar RnaG

Agus comóradh á dhéanamh ar bhunú Údarás na Gaeltachta 40 bliain ó shin, déanfar cur síos ar shuáilcí agus duáilcí na heagraíochta i Glórtha an Údaráis

‘Murach an tÚdarás cén bhail a bheadh ar phobal na Gaeltachta?’ – scéal Údarás na Gaeltachta le hinsint ar RnaG

Seán Ó Neachtain, TP Ó Conchúir, Máirín Ní Ghadhra agus Cathal Mac Gabhann

Inseofar scéal agus stair Údarás na Gaeltachta i sraith nua a gcuirfear tús leis an deireadh seachtaine seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Agus comóradh á dhéanamh i mbliana ar bhunú Údarás na Gaeltachta 40 bliain ó shin, déanfar cur síos ar shuáilcí agus duáilcí na heagraíochta i Glórtha an Údaráis.

Beidh iarchomhaltaí boird, iarchathaoirligh agus iarphríomhfheidhmeannaigh na heagraíochta i gcuideachta Mháirín Ní Ghadhra chun stair na heagraíochta agus a bhfuil i ndán d’Údarás na Gaeltachta anois a phlé.

Is é Seán Ó Neachtain, a bhí ina chomhalta ar an gcéad bhord i 1979 agus ina chathaoirleach ar an mbord ina dhiaidh sin, a bheidh faoi agallamh sa chéad chlár Dé Domhnaigh.

San agallamh, deir sé go gcreideann sé gur botún a bhí ann deireadh a chur le toghcháin an Údaráis sa bhliain 2012. Creideann sé gur chruthaigh an bord tofa nasc leis an bpobal agus dar leis gur beag duine, é féin san áireamh, a bhfuil eolas acu ar bhaill an bhoird atá faoi láthair ann.

Ar na haíonna eile a bheas faoi agallamh sa tsraith, tá Seosamh Ó Cuaig, Connie Ní Fhátharta, Steve Ó Cúláin, Fiachra Ó Céilleachair, TP Ó Conchúir, Ian Mac Aindriú agus Cathy Ní Ghoill.

Dúirt Máirín Ní Ghadhra gurb é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus í ag caint le daoine don tsraith nua cé chomh mór agus a bhí muinín ag daoine in obair na heagraíochta agus i bhfiúntas na hoibre.

“Cuirtear an cheist go minic – murach an tÚdarás a bheith ann le dhá scór bliain, cén bhail a bheadh anois ar na pobail Ghaeltachta? Cáintear easpa acmhainní ón státchóras arís agus arís eile, chomh maith leis an gcinneadh in 2012 deireadh a chur leis an mbord tofa. Tá geallúint i gclár an chomhrialtais nua athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr an bhoird,” arsa Máirín Ní Ghadhra.

Beidh Glórtha an Údaráis le cloisteáil gach Domhnach ag 10.00am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an samhradh seo.

Fág freagra ar '‘Murach an tÚdarás cén bhail a bheadh ar phobal na Gaeltachta?’ – scéal Údarás na Gaeltachta le hinsint ar RnaG'