Mura ndéanfaidh Joe Biden rogha chrua go luath, déanfar rogha chrua dó

Mura ndéanfaidh Joe Biden rogha chrua sara fada, cuirfidh daoine údarásacha rogha dhosháraithe faoina bhráid

Mura ndéanfaidh Joe Biden rogha chrua go luath, déanfar rogha chrua dó

Casadh bean a chaith tamall ag obair mar chomhairleoir ar fhoireann páirtí a bhí i mbun rialtais ar an scríbhneoir seo cúpla mí tar éis di éirí as an saol polaitiúil.

Bhí iontas ar mhórán a raibh aithne acu uirthi nuair a chuaigh sí i mbun oibre i gcomhlacht príobháideach. Ba léir go dtí sin a spéis mhór i gcúrsaí polaitíochta agus a toil a bheith gníomhach, dúthrachtach mar oibrí ó mhaidin go hoíche.

Bhí freagra simplí aici ar an gceist a spreag an rogha a rinne sí nuair a tairgeadh post san earnáil phríobháideach di. Cén fáth?

‘Toisc go bhfuilim toilteanach obair dhian a dhéanamh,’ a dúirt sí, ‘ach gur mian liom am a bheith agam rud éigin eile a dhéanamh roimh dhul ag luí.’

Ní chuirfeadh obair mhall nó ag an deireadh seachtaine ó am go ham as di, ach bhí fonn uirthi a bheith in ann a ríomhaire a dhúnadh agus a fón a chur as amharc ar feadh scaithimh gach lá. Rud a bhí ar a cumas ó ghlac sí le tairiscint ón earnáil phríobháideach.

‘Sa saol polaitiúil, bíonn gach rud práinneach. Is é sin le rá, tagann scéal a bhaineann le fadhb atá ag cur as do dhuine éigin, nó do scata daoine. Teastaíonn réiteach nó freagra gan mhoill uathu, agus ón aire, agus ó Theachta Dála, scaití.’

Mhol daoine lasmuigh den pholaitíocht di gan glaonna ná ríomhphost nach raibh práinneach a fhreagairt tar éis di dul abhaile. Dar léi, nár thuig siad an saol polaitiúil.

‘Is dlúthchuid de a bheith ar fáil 24/7 – ar a laghad chun fadhb a phlé fiú murar léir a réiteach.’

Tháinig an comhrá sin chun cuimhne tar éis a bheith ag éisteacht leis an uachtarán Joe Biden ag freagairt ceisteanna le linn preasagallaimh in Washington Déardaoin. Bhí an chuid is mó dá chuid freagraí ar aon dul leis na freagraí a thugann ceannairí de ghnáth ag ócáidí dá leithéid – cuibheasach gan a bheith maíteach.

Faraor is mó an tionchar poiblí a bhí ag freagra amháin. D’fhiafraigh iriseoir de an raibh sé sásta go mbeadh an leasuachtarán Kamala Harris inniúil do phost an uachtaráin.

‘Ní bheadh an Leas-Uachtarán Trump roghnaithe agam,’ arsa Biden, ‘mura mbeadh sí cáilithe do phost uachtaráin.’

Níor cheartaigh sé a bhotún, faoi mar a rinne sé Dé Céadaoin nuair a thug sé an tUachtarán Putin ar Uachtarán Zelensky na hÚcráine.

Is eatarthu féin agus go príobháideach atá botúin dá leithéid á bplé ag formhór na nDaonlathach, ach níl a míshuaimhneas á cheilt acu go léir. Tar éis an phreasagallaimh Déardaoin, dúirt Jim Himes, comhalta sinsearach den Chomhdháil, go mbeadh an t-iarrthóir is láidre ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar Donald Trump.

‘Is léir,’ a dúirt Himes, ‘nach é Joe Biden an t-iarrthóir is láidre.’

Ní léir fós an tionchar iomlán atá ag dul in aois ar chumas meabhrach an uachtaráin. Má chuirtear san áireamh áfach na botúin chainte, mungailt a bhriathra agus an mhoill thostach a thagann air uaireanta, is léir an fáth nár mhaolaigh míshuaimhneas a pháirtí fós – maidir leis an toghchán agus na blianta ina dhiaidh.

Ní leor cás Uachtarán lán-mheabhrach na hÉireann mar ábhar sóláis, cé go bhfuil Mícheál D. Ó hUigínn (83) níos sine ná Joe Biden (81). Ní hionann an brú a chuireann dualgais cheannaire rialtais ar dhuine agus dualgais cheann stáit.

Ní haon ábhar sóláis do Joe Biden ach oiread na tréimhsí fada as cuimse a chaith polaiteoirí i dtíortha daonlathacha eile i gceannas. Bhí Winston Churchill 80 bliain d’aois nuair a d’éirigh sé as an bpríomh-aireacht sa Bhreatain i 1955, agus bhí Charles de Gaulle 78 nuair a d’éirigh sé uachtaránacht na Fraince i 1969.

Níl aon chosúlacht idir cúrsaí cumarsáide agus poiblíochta i bpolaitíocht na linne seo agus an tírdhreach cumarsáide ina raibh Ronald Reagan ina uachtarán sular fhág sé an Teach Bán i 1989 agus é 77 bliain d’aois. Ní féidir laigí corpartha ná intinne a cheilt ar an bpobal ar na saolta seo mar a ceileadh orthu iad fadó (i gcás Churchill mar shampla, ar bhuail an chéad stróc é cheithre bliana sular éirigh sé as oifig).

Más fíor an seanfhocal, ní thagann ciall roimh aois, ach ní chinntíonn dul in aois teacht chun céille. Tá Joe Biden meáite ar leanúint ar aghaidh mar iarrthóir sa toghchán ar an 5 Samhain. Níl próiseas ar fáil lena dhíroghnú mar iarrthóir.

Ach má thugann pobalbhreitheanna le fios ar feadh tamaill, ní hamháin nach n-éireoidh leis Trump a chloí ach go mbuafar ar scata Daonlathach eile mar gheall ar mhíshásamh le Biden, cuirfear brú láidir air go discréideach agus go poiblí tarraingt siar.

Tairngreacht: mura ndéanfaidh Joe Biden rogha chrua sara fada, cuirfidh daoine údarásacha rogha dhosháraithe faoina bhráid. Tarraingt as an rás le lándínit sa samhradh nó a bheith cloíte gan dínit sa bhfómhar.

Fág freagra ar 'Mura ndéanfaidh Joe Biden rogha chrua go luath, déanfar rogha chrua dó'

  • Pádraig O'hEipicín

    Beidh na leanbh sa bhroinn níos fearr gan Joe Biden a bheith í gCeannais.

  • Pádraig O'hEipicín

    Chuir amach ar féarach é.
    Is mithid Dó.

  • JP

    Ba nós le sean-athair an údair in
    ‘Fiche Bliain ag Fás’
    ‘a chos a chur thairis a leathghlúin’ cois na tine tráthnóna, a shuaimhneas aige á cheapadh agus é ‘i mbun a mharana.’
    Óir bhí ‘tonn mhór aoise anois aige’, é sna seachtóidí luaithe, a phinsean beag agus a ghal tobac á dtarrac aige….
    Nach ionchollú é an pictiúr sin ar an rud go dtugaimíd ‘sásamh’ air?
    Brú is marú an tsaoil, fuadráil agus fústar na ndaoine á ligint thairis ag an seanduine agus é ar a abhar féin?
    A gharmhac aibidh ionúin mar chuileachta aige agus é ina choda beaga timpeall air?
    An tuiscint, an grásta, an umhlaíocht ann go bhfuil a mhithidí tagtha, nach mór dó luí le buillí moille mánla an tsaoil anois…gan spleáchas d’éinne?
    É buíoch beannachtach go bhfuil a shláinte is a mheabhair aige?
    Nach gá dho a bheith á mharú féin a thuilleadh a d’iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír?
    Bíonn an saol a d’iarraidh an t-anam is an bhrí a fháscadh as cuid againn.
    Marbhfháisc.
    Is mithid do Joe Biden an méid sin a thuiscint.