Rith sé liom an oíche cheana agus mé ag breathnú ar chluiche sacair idir an Chróit agus Sasana gur gearr a bhítear ag déanamh dearmad ar uafáis na staire.
Bhí cuid den lá céanna caite agam ag léamh an leabhair Witness to War Crimes, leabhar nua le Colm Doyle. Tráthúil go leor ba é cothrom an lae chéanna trí bliana fichead ó shin a tharla an sléacht i mbaile Srebrenica in oirthear na Boisnia. Bhí údar an leabhair nua Colm Doyle sa réigiún sin i dtús na nóchaidí agus chaith sé bliana ag obair le dreamanna éagsúla a bhí ag iarraidh cogadh agus foréigean a sheachaint nó a thabhairt chun críche sna críocha éagsúla a d’eascair as an iar-Iúgslaiv.
Tharla an cogadh fuilteach nimhneach sna Balcáin i dtús na nóchaidí. Agus mé ag comhaireamh le linn an chluiche peile, rinne mé amach gur dóigh gur thart ar na blianta sin a rugadh formhór na foirne a chuaigh chun páirce don Chróit.
Ag léamh leabhar Doyle déarfá leat féin gur beannaithe an lá do dhuine ar bith nach bhfuil uimhir acu ar uafáis an chogaidh. Is deacair a chreidiúint nach bhfuil sé deich mbliana fichead ó bhí cinedhíothú, éigniú, ciapadh agus brúidiúlacht nach féidir a mheas ar siúl ar cholún thoir an Aontais Eorpaigh.
Níl amhras ar bith ach go raibh an scéal seo, a raibh baint ag Seirbiaigh, Crótaigh, Moslamaigh, Críostaithe agus eile leis, casta ón tús.
Déanann Colm Doyle cur síos mion ar an obair a rinne sé ar dtús mar bhall den fhórsa monatóireachta de chuid an chomhphobail Eorpaigh – ECMM – agus ansin mar ionadaí pearsanta de chuid an Tiarna Carrington (a bhásaigh an tseachtain seo caite). Bhí Carrington ina cheann feadhna ar Chomhdháil Idirnáisiúnta Síochána na hiar-Iúgslaive.
Chaith mé féin roinnt seachtainí sa Chróit tar éis deireadh an chogaidh agus tá mé faoi dhraíocht ag an tír agus muintir na tíre sin riamh ó shin. Bhrisfeadh sé do chroí daoine óga a bhfuil lorg na cogaíochta ar a gcolainn a fheiceáil ó lá go lá. Scéal eile ar fad é cén lorg a d’fhág an t-uafás ar intinn na ndaoine óga seo. Casadh orainn roinnt Gardaí agus saighdiúirí Éireannacha, a bhí ar dualgas le UNPROFOR (fórsa cosanta na Náisiún Aontaithe), le linn na cuairte freisin. Chuirfeadh na rudaí a chonaic siad agus a chuala siad thall ansin sceon agus alltacht ort agus chuaigh an t-éadóchas a bhí orthu nach mairfeadh an réiteach a rinneadh i Daytona i bhfeidhm go mór orm.
Ceacht amháin atá le foghlaim ón leabhar seo nár cheart neamhaird a dhéanamh ar cheachtanna na staire. Dúradh arís agus arís eile le Doyle gur eascair an nimh sa bhfeoil idir na náisiúin éagsúla as eachtraí an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh faoi ndeara do na dreamanna éagsúla a tháinig le chéile san Iúgslaiv faoi cheannas an Ghinearáil Tito tarraingt le chéile. Ní hé sin le rá go ndearna siad dearmad ar naimhdeas na staire agus rinneadh seanchairteacha a thochailt tar éis titim an Aontais Shóivéadaigh agus imeachtaí 1991/1992.
Dá réir sin bhí obair chrua i ndán do Cholm Doyle agus é lonnaithe idir Sarajevo agus Zagreb. Déanann sé cur síos corraitheach ar léigear Sarajevo. Tarraingíonn sé aird ar an teannas idir an Comhphobal Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe sna hiarrachtaí éagsúla a bhí ar bun le síocháin a aimsiú. Tagann easpa feidhme nó cumais an phobail idirnáisiúnta a leithéid de choimhlint a láimhseáil chun cinn go soiléir.
Má tá locht orainn ar fad, is é go ndéanann muid dearmad go héasca ar eachtraí na staire. Le cúnamh Dé, ní dhéanfar dearmad ar an méid a tharla sna Balcáin agus an scrios a rinneadh ansin. Faraor, is deacair ar dhuine gan cuimhneamh ar an an tSiria sa chomhthéacs seo. Mura ndéanann leabhar Cholm Doyle, atá sách deacair le léamh de bharr chomh mion agus atá an t-eolas ann, aon ní ach tábhacht na staire a mheabhrú dúinn, tá éacht déanta aige.
Fág freagra ar 'Mura ndéanann leabhar nua Cholm Doyle aon ní ach tábhacht na staire a mheabhrú dúinn, tá éacht déanta aige'