Mura mbíonn misneach againn, níl seans na ngrást againn


Más leo an ceann is fearr a fháil ar churaidh an domhain ní hamháin go mbeidh ar na hÉireannaigh imirt ar chaighdeán i bhfad níos airde ná mar a chonaic muid uathu ach beidh orthu imirt níos fearr ná mar rinne siad ariamh

Mura mbíonn misneach againn, níl seans na ngrást againn


Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Áit sna babhtaí ceathrú ceannais an chéad sprioc a bhí ag Joe Schmidt agus a phainéal imreoirí agus iad ar a mbealach chun na Seapáine. Rinne siad an beart gan mórán stró, seachas an cluiche sin inar tháinig foireann an bhaile aniar aduaidh orthu.

Don ochtú huair le naoi gcomórtas tá áit i measc na n-ocht bhfoireann sna babhtaí ceathrú ceannais slánaithe ag foireann sin againne. Éacht ann féin a deir tú, cé nár thugamar riamh céim níos faide.

Be é an marú a bhain leis an gcluiche sin i gcoinne na Seapáine ná gur fhág sé gur i gcoinne na All Blacks, curaidh an domhain, atáimid inniu.

Níor imir an Nua-Shéalainn ach trí chluiche ar a mbealach anseo mar gheall ar an drochaimsir a tharraing neart cainte agus conspóide. Nuair a chuir foireann bainistíochta an chomórtais an cluiche réamhbhabhta idir na Sasanaigh agus na Francaigh agus an ceann idir na All Blacks agus an Iodáil ar ceal, bhí áit sna cluichí ceathrú ceannais ag trí fhoireann nár imir ach trí chluiche sa gcomórtas. Is deacair an buntáiste a bhaineann le seachaint an cheathrú cluiche grúpa a mheas, ach buntáiste atá ann. Ní hamháin gur sheachain na foirne sin gortuithe ach bhí seachtain bhreise ullmhúcháin acu freisin.

Nuair is ar chéad agus ar dhara rogha na coitiantachta don chorn a bronnadh an buntáiste sin, ní hiontas ar bith é go bhfuil daoine ag ceapadh go bhfuil an comórtas ina mhugadh magadh.

Ach sin mar atá cúrsaí agus ocht bhfoireann ag réiteach do bhabhtaí ceathrú ceannais Chorn Domhanda an Rugbaí.

Maidir leis na ceithre chluiche ceathrú ceannais féin, is iad an fhoireann atá mar dhara rogha na coitiantachta, na Sasanaigh, is túisce a bheas ag cur chun páirce agus iad i gcoinne na nAstrálach, iarchuraidh an chomórtais, go luath maidin inniu. Níl aon dabht ann ach go mbeidh iomaíocht chrua sa gcluiche seo ach tá mise ag tuar gur le foireann an limistéir seo a bheas an lá, tar éis coimhlint iontach fisiciúil.

Ar an Domhnach a bheas an Bhreatain Bheag ag tabhairt faoi na Francaigh agus beidh an tSeapáin i gcoinne na hAfraice Theas. Níl sé éasca toradh ceachtar de na cluichí seo a thuar ach dá mbeadh fonn ort beagán airgid a chur i mbaol, is ar na Breathnaigh agus ar na Boks a bheinn ag cur mo chúpla euro.

Inniu a bheas na Gaeil ag tabhairt faoi na All Blacks. Is cinnte gur tháinig feabhas ar fhoireann Joe Schmidt agus iad i gcoinne Shamóa seachtain ó shin ach beidh le feiceáil an leor sin leis an bhfoireann is láidre ar domhan a shárú. Ní raibh ag na hÉireannaigh ach sé lá le réiteach don chluiche seo i gcomparáid lena bhfreasúra a fuair scíth 13 lá.

Cé go raibh an lámh in uachtar againn ar na All Blacks faoi dhó le gairid, is fiú a mheabhrú gur chluichí dúshláin seachas cluichí comórtais dhomhanda a bhí á n-imirt an tráth sin. Má éiríonn linn an ceann is fearr a fháil ar na All Blacks, beidh éacht ollmhór déanta ag Joe agus a phainéal go cinnte.

Ach leis sin a dhéanamh, ní hamháin go mbeidh ar na hÉireannaigh imirt ar chaighdeán i bhfad níos airde ná mar a chonaic muid uathu sna réamhbhabhtaí ach beidh orthu imirt níos fearr ná mar rinne siad ariamh. Cinnte is féidir linn geit a bhaint as curaidh an domhain, sin má chreideann muid inár sprid, inár gcuid scileanna agus inár n-oidhreacht féin.

Mura mbíonn misneach againn, bhuel, níl seans na ngrást againn.

Is rás dhá chapall atá sa gcluiche seo agus áit sna babhtaí leathcheannais i ndán do pé foireann a thugann an lá leo.

Níor imir foireann ón tír seo i gcluiche leathcheannais domhanda ariamh. Creid uaim é beidh iarracht ollmhór ag teastáil leis an scéal sin a athrú inniu. Mar sin féin, tá muid sa rás agus fiú más seans beag atá againn tá seans againn mar sin féin.

Cuimhnigh ar a ndearna foireann nSeapáine orainne.

Grafaic eolais: Tuairisc.ie agus Oisín Ó Coisdealbha

Fág freagra ar 'Mura mbíonn misneach againn, níl seans na ngrást againn
'