Mura leor an phaindéim, seo chugainn arís an Breatimeacht

An féidir an dochar a bhaint as an gcorr is deireanaí i scéal an Bhreatimeachta agus na cainteanna a tharrtháil

Mura leor an phaindéim, seo chugainn arís an Breatimeacht

Ní gá a rá go bhfuil a ndóthain le déanamh ag an rialtas faoi láthair. Bhí siad 75 lá in oifig inné.

Is iondúil go bhfaigheann rialtas ar a laghad 100 lá de mhí na meala le cuid dá gcuid geallúintí a chur i bhfeidhm. Is dóigh gurb í an fhadhb is mó ag an rialtas seo go bhfuil géarchéim sláinte idirnáisiúnta ag bagairt gach lá. Murar leor sin, an tseachtain seo, tá seancheist an Bhreatimeachta tagtha chun cinn in athuair.

Tá an tAontas Eorpach ag rá go bhfuil siad sásta i gcónaí labhairt leis an rialtas i Londain ar mhaithe le teacht ar chomhréiteach. Faraor, níl an chosúlacht ar Downing Street go bhfuil fonn orthu a leithéid a dhéanamh. Cuireadh iontas, fearg agus sceon ar dhaoine ar fud an domhain an tseachtain seo nuair a d’admhaigh Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis go raibh faoi Rialtas na Breataine an dlí idirnáisiúnta a shárú nuair a thabharfaí isteach reachtaíocht nua a bhain leis an margadh inmheánach.

Ba í Theresa May féin ba mhó a chuaigh go croí an scéil nuair a d’fhiafraigh sí cén bealach an bhféadfadh comhghleacaithe agus páirtithe idirnáisiúnta muinín a chur go deo arís ina bhfocal.

Tuigeann muid ar fad an tábhacht a bhaineann le focal duine. Mura féidir le duine muinín a chur sa bhfocal a thugann tú dóibh, ní fiú mórán thú.

Bhí sé soiléir on tús go mbeadh fadhb ag an mBreatain socrú a dhéanamh leis an Aontas Eorpach faoin teorainn in Éirinn. Ach déanadh socrú. Ghlac an Príomh-Aire Boris Johnson leis. Chuir sé a ainm leis i mí Eanáir. Céard is fiú an méid sin nuair atá sé dá rá aige anois an tseachtain seo nach raibh aon bhrí leis an socrú a bhain le Tuaisceart Éireann?

Go deimhin, deir sé nach raibh sé praiticiúil riamh a cheapadh go bhféadfaí an socrú aistarraingthe atá déanta leis an Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm. Cosaint na Breataine agus na Ríochta Aontaithe atá i gceist, dar le Boris Johnson.

Labhair an Taoiseach go hionraic agus go neamhbhalbh le Príomh-Aire na Breataine aréir, deirtear linn.

Tá cainteanna práinneacha á reáchtáil sa mBruiséil. Tá go leor den tuairim gur iarracht atá anseo ag an mBreatain brú a chur ar an Eoraip agus ar an Aontas Eorpach.

Tá sé soiléir go bhfuil dochar déanta don mhuinín a bhí ag an dá thaobh as a chéile. Labhair an Taoiseach go láidir inné faoin dochar atá déanta don chaidreamh Angla-Éireannach ag an mbeart is deireanaí seo ó rialtas na Breataine.

An cheist is práinní ag an bpointe seo, an féidir an dochar a bhaint as an gcorr is deireanaí seo agus na cainteanna a tharrtháil? Agus an cheist is tábhachtaí dúinne, an bhfuil baol go mbeidh teorainn chrua ar oileán na hÉireann chomh mór agus a bhí riamh?

Fág freagra ar 'Mura leor an phaindéim, seo chugainn arís an Breatimeacht'