Mura bhfuil d’ádh ort a bheith as Cois Fharraige, ná stopadh sin thú ón iris Biseach a léamh

Míorúilt ann féin iris ilghnéitheach d’ ardchaighdeán ‘Biseach’ a chur ar fáil ar €5

Mura bhfuil d’ádh ort a bheith as Cois Fharraige, ná stopadh sin thú ón iris Biseach a léamh

Ní túisce a bhíonn na géabha fiáine ag placadh ar an gcurraigh ná a bhíonn muide i gCois Fharraige ag fanacht le Biseach, Irisleabhar Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Tá ceann breá toirtiúil tarraingteach na bliana seo tagtha agus 100 leathanach de sheanchas is pictiúir inti. Míorúilt ann féin iris ilghnéitheach den ardchaighdeán seo a chur ar fáil ar €5 agus mo ghraidhin an dream a thug faoin gcúram.

Is deas éasca atá sé dearmad a dhéanamh ar imeachtaí a tharla lenár linn féin, ní áirím roimhe sin agus is tráthúil go meabhrófaí dúinn ar tharla.

Is léir dom anois gur chinniúnach an bhliain a bhí i 1971 anseo i gCois Fharraige – bunú an chomharchumainn, ceadú scéim uisce, sagairt á n-oirniú agus daoine óga ag pósadh agus ag fanacht sa mbaile. Bhí coistí á mbunú agus obair á pleanáil agus tá toradh chuid dá saothar anois againn agus is maith go bhfuil cuntas breá againn ar an dream sin ó Pheadar Mac an Iomaire agus Sarah Ní Chonghaile.

Chuir mé fhéin an-spéis in alt le Donncha Ó hÉallaithe faoi Chló Chois Fharraige agus Clódóirí Lurgan agus na hoidí uaillmhianacha lán díocais a chuir téacsleabhair ar fáil do Churaclam Nua na Bunscoile i 1970 do 82 scoil as a gconlán féin ar sheanmheaisín Gestetner Choláiste Lurgan. Oidí fir a bhformhór agus na mná sáinnithe ag cúraimí baile, is dóigh. Sin tráth ar phráinní leis an An Gúm dílseacht dhocht do Stíl Tí an fhoilsitheora ná an easpa téacsleabhair Ghaeilge sa nGaeltacht. Bhí de dhea-thoradh eile ar an obair gur tháinig Séamas Ó Scolaí go Conamara agus is mór a chuir sé féin agus a shliocht leis an saol anseo ó shin. Tá píosa deas ar a shaol ag a mhac Darach san iris seo.

Bhásaigh laoch eile i mbliana, Conallach a rinne cion deichniúir don phobal seo –  an Dochtúir Conall Mac Cuinneagáin. Dá mbeadh cead cainte ag na mairbh chloisfí laochas an dochtúra teaghlaigh sin nuair ba thearc an chabhair leighis ná tuiscint a bhí le fáil ag an dealbh. Is breá ó Mháire Ní Neachtain a scéal a ríomh.

Is fada roimh 1971  a tharla cuid d’eachtraí na hirise seo – an Dochtúir teaghlaigh ar an Spidéal sa 19ú haois a mharaigh a bhean, a tharraing aird na nuachtán air féin agus a phós triúr. An tÓglach de mhuintir Fhinneadha as an Lochán Beag a bhí ina cheannaire ceardchumainn ar na Hodcarriers i Nua-Eabhrac agus a thug dúshlán an Mafia. Tá cur síos cuimsitheach anseo ar scéal achrannach na muilte gaoithe i gCois Fharraige chomh maith le heolas faoi na cosáin siúlóide le cladach agus an plean le coill a fhorbairt don phobal.

Tá scéal na rásaí curach ag An Tóstal i lár an chéid seo caite ann, scéal spéisiúil an Dr Séamus Ó Beirn as Tamhain, scéal an Gharda Cósta i mBaile an tSléibhe, tine faoi thalamh sa Titanic, ceangal Bryan Ferry agus a albam Avalon le Lodge Chromghlinne, gearrscéal, amhrán agus go leor leor eile.

Mura bhfuil d’ádh ort a bheith as Cois Fharraige, ná stopadh sin thú ón iris seo a léamh mar an stair s’againne stair chuile phobal tuaithe sa tír seo.

Is maith gur ghabh údar Na Trí Triada a leithscéal roimh ré le mná mar ní moltach fúinn atá siad ach seo daoibh an triúr is túisce a bhíonn ina suí ar maidin:

‘Fear bean chantalach

Fear bó bhradach

Fear leaba dhreancaideach’.

Go gcoinní Dia uaibh an cantal, an bhradaíl agus na dreancaidí agus sibh ag léamh Biseach 2021, atá ar fáil i siopaí na háite.

Fág freagra ar 'Mura bhfuil d’ádh ort a bheith as Cois Fharraige, ná stopadh sin thú ón iris Biseach a léamh'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá BISEACH 2021 le fáil sna siopaí i gCois Fharraige ó Bhearna go Ros a’ Mhíl chomh maith leis An Siopa Beag ar an dTeach Dóite; Tigh Ghearóid Mháirtín Bán i gCasla; Tigh Bhreathnaigh ar an gCeathrú Rua; Tigh Mháille agus Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc agus i Siopa Leabhar Charle Byrnes i nGaillimh.

    Mura bhfuil cónaí ort i gConamara is féidir ceann a ordú ó Chló Iar-Chonnacht ach dul ag an siopa ar an suíomh http://WWW.CIC.IE.

  • Tomás

    Dá mbeadh sé de mhí-ádh ort go mb’as Cois Fharraige thú ghuífeadh muid biseach ort!