‘Mura bhfuil Corcaigh ach dhá nó trí phointe chun deiridh agus deich nóiméad fágtha, thabharfainn gach seans dóibh’

Tugann iarimreoir Chill Chainnigh Michael Rice a thuairim faoi chluiche ceannais iomána na hÉireann idir Luimneach agus Corcaigh

‘Mura bhfuil Corcaigh ach dhá nó trí phointe chun deiridh agus deich nóiméad fágtha, thabharfainn gach seans dóibh’

Patrick Horgan (Corcaigh) agus Dan Morrissey (Luimneach). Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Corcaigh v Luimneach – Páirc an Chrócaigh, 3.30pm (Beo ar RTÉ & Sky Sports) 

Nuair a bhuaigh iománaithe Chorcaí Craobh na hÉireann don dara bliain as a chéile in 2005, is beag duine a cheap go mbeadh ar a laghad 16 bliain ann sula dtabharfadh an contae Corn Mhic Cárthaigh leo arís. Ag tús na bliana seo, áfach, is beag duine ach oiread a mheas gur in 2021 a chuirfí deireadh leis an ngorta cois Laoi. 

Sin anois an deis atá ag Kieran Kingston, Patrick Horgan agus foireann shinsir Chorcaí agus iad ag tabhairt aghaidh ar ghaiscígh Luimnigh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. 

Bhí Michael Rice, a bhuaigh Craobh Shinsir na hÉireann ocht n-uaire le Cill Chainnigh, ar dhuine díobh siúd a cheap go raibh rud éigin fós ar iarraidh ar fhir Chorcaí, in ainneoin an chumais iomána a bhí acu. 

“Ba léir go raibh easpa díograise i gceist le roinnt blianta anuas. Nuair a bhíodh mise ag obair le TG4 ar chluiche de chuid Chorcaí, bhíodh mé ag féachaint ar na tosaithe, leithéidí Séamus Harnedy, Patrick Horgan is Alan Cadogan agus mé ag smaoineamh liom féin, ‘cén fáth nach raibh siad in ann cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach nó a bhuachan?’  

“Bhí gach duine, mé féin san áireamh, ag dul ar ais go dtí an rud céanna, go gcaithfidís cruachan. B’fhéidir nach raibh an meon ceart acu.” 

Deir Rice go bhfuil athrú tagtha air sin ó d’fhill Kieran Kingston ar an bhfoireann ag tús na bliana. 

“De réir cosúlachta, tá na himreoirí thar a bheith sásta go bhfuil sé ar ais. Chuala mé go bhfuil a lán ama caite acu i mbliana ag díriú ar mheon na n-imreoirí agus spiorad na foirne. 

“Bhí toradh na hoibre sin le feiceáil sa chluiche leathcheannais. Cheap mé go raibh deis iontach ag Cill Chainnigh tar éis d’Adrian Mullen an cúl sin a scóráil ag deireadh an ghnáthama ach chuaigh Corcaigh céim níos airde san am breise. Labhair gach duine ar an luas atá iontu ach, anuas air sin, bhí an mhuinín a léirigh siad dochreidte.” 

Kieran Kingston i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Deir Rice go raibh meon nua Chorcaí le feiceáil roimhe sin freisin, nuair a tháinig an fhoireann slán ó “chath fíochmhar” in aghaidh an Chláir agus fiú sa chluiche a bhí acu in aghaidh Átha Cliath. Rrinne na Corcaígh an beart go héasca sa chluiche cé nach raibh siad go hiomlán istigh leo féin. Blianta eile, bheadh an baol ann go dtitfeadh siad as a chéile sa chás sin, ach níorbh amhlaidh  i mbliana. 

Ceann de na ceisteanna is mó a pléadh le seachtain anuas ná ról Shane Kingston ar fhoireann Chorcaí. Scóráil an tosach seacht bpointe nuair a tugadh isteach mar ionadaí é in aghaidh Chill Chainnigh agus tá a lán díospóireachta ann faoi cé acu ar cheart é a chur isteach ón tús sa chluiche ceannais. 

“Tuigim go mbeadh roghnóirí Chorcaí ag smaoineamh ar an tionchar a bhí aige nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí, ach sílim féin nach féidir é a fhágáil ar an mbinse arís. Scóráil sé seacht gcúilín ón imirt! Tá sé sin dochreidte ó aon imreoir. 

“I bpreabadh na súl, d’fhéadfadh Luimneach dul trí, ceithre, seacht gcúilín chun cinn agus bheadh sé níos fearr ag Corcaigh deis a thabhairt do Kingston ón tús agus súil a bheith acu go n-éireodh chomh maith céanna leis arís don chluiche uile.” 

Má tá seans ar bith le bheith ag Corcaigh cluiche an lae inniu a bhuachan, deir Rice nach féidir leo ligin do shárfhoireann Luimnigh bearna a chur idir na foirne. Má thugtar orlach do Luimneach, a deir Rice, tógfaidh siad slat. 

“Caithfidh tú fanacht leo don chluiche ar fad, ón chéad cheathrú go dtí na deich nóiméad deireanach. Má théann Luimneach ceithre nó cúig phointe chun cinn, beidh sé an-an-deacair an bhearna sin a dhúnadh. 

“Tá siad in ann luas na himeartha a mhoilliú síos ar feadh deich nóiméad agus ansin tosaíonn siad arís agus, leis na scileanna go léir atá acu, tá siad in ann scóranna a fháil go han-tapa ar fad. Ansin, má bhíonn tusa ag iarraidh brú ar aghaidh chun scóranna a fháil agus má fhágann tú spás ag Flanagan nó ag Gillane, beidh tú i dtrioblóid. 

“Má tá Corcaigh dhá nó trí chúilín chun deiridh agus deich nóiméad fágtha, thabharfadh mé gach seans dóibh ach má tá bearna níos mó ná sin ann, níl seans ar bith acu.” 

Tá Rice den tuairim go mbeidh dhá chúl ar a laghad ag teastáil ó Chorcaigh chun an lá a thabhairt leo agus go mbeidh na coimhlintí sna línte lánchúil cinniúnach. 

“Bhí Dan Morrissey ar fheabhas do Luimneach ó tháinig sé ar ais sa líne lánchúil ach fuair Patrick Horgan sé phointe ón imirt in aghaidh Chill Chainnigh agus fós cheap mé gur imir Huw Lawlor, a bhí ag iarraidh é a mharcáil go maith. Sin an cineál cumais atá ag Horgan. 

“Beidh an fhadhb chéanna ar an taobh eile. Bhí Robert Downey iontach an lá cheana ach tá dúshlán eile roimhe inniu leis an ngluaiseacht a bhíonn faoi Shéamus Flanagan agus Aaron Gillane. Bíonn an oiread sin spáis os comhair na línte lánchúil na laethanta seo, bíonn sé thar a bheith deacair ag cosantóirí stop a chur lena gcéilí comhraic.” 

Darragh Fitzgibbon timpeallaithe ag imreoirí Luimnigh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Fear eile a bhfuil Rice an-tógtha leis ná William O’Donoghue i lár na páirce do Luimneach agus meabhraíonn sé d’fhear Chill Chainnigh cuid de na laochra a bhíodh ag imirt leis féin le linn ré órga na gCat. 

“Tá O’Donoghue chomh cumhachtach agus chomh maith ag briseadh suas na himeartha. Tá sé cosúil le Derek Lyng nó Michael Fennelly a bhíodh ag imirt do Chill Chainnigh, fathaigh i lár na páirce. 

“Ar an taobh eile, tá an-choisíocht ag Luke Meade agus Darragh Fitzgibbon. Tá Fitzgibbon chomh tapa le haon imreoir eile sa tír, ach an mbeidh sé in ann seilbh a fháil ar an sliotar? Sin í an cheist.” 

An choisíocht ceann de na buanna is fearr atá ag Jamie Barron Phort Láirge, duine de na himreoirí is fearr sa tír i mbliana, ach fágadh ar an trá fholamh go hiomlán é in aghaidh O’Donoghue agus Darragh O’Donovan sa chluiche leathcheannais in aghaidh Luimnigh. 

I ndeireadh na dála, measann Rice go mbeidh Luimneach rómhaith do Chorcaigh. Tá Corcaigh le moladh go mór as an dul chun cinn atá déanta acu agus d’fhéadfadh siad an beart a dhéanamh, a deir sé, ach tá amhras air.

“Idir Aaron Gillane, Séamus Flanagan, William O’Donoghue, Cian Lynch, gan trácht ar Ghearóid Hegarty, Tom Morrissey ná Kyles Hayes, má chuirtear stop le Luimníoch amháin, beidh duine eile acu ansin i gcónaí.” 

Fág freagra ar '‘Mura bhfuil Corcaigh ach dhá nó trí phointe chun deiridh agus deich nóiméad fágtha, thabharfainn gach seans dóibh’'