
Bhí seachtain dhochreidte ag Willie Mullins ag Féile Cheltenham go dtí seo. Tá sé fós ag fanacht ar bhua amháin eile chun an dlaoi mhullaigh a chur ar an méid sin. Cé go bhfuil cuid de na rásaí capaill is mó buaite aige, tá sé fós gan bua sa Gold Cup (3.20i.n.), rud atá sé ag iarraidh a chur ina cheart inniu.
Le os cionn leathchéad capall tugtha ag Mullins chuig an bhféile, ní hé aon iontas é go bhfuil níos mó ná reathaí amháin aige sa Gold Cup. Tá Mullins i gceannas ar thrí cinn, Djakadam, On His Own agus Boston Bob, de na 18 capall a bheidh ag tabhairt faoi an rás.
Cé go bhfuil Mullins ag déanamh a dhíchill an bua a chinntiú, tá sé thar a bheith deacair buaiteoir a roghnú.
“Is é seo an Gold Cup is oscailte dá bhfacamar riamh,” a deir Daragh Ó Conchúir, iriseoir le The Irish Field. “Níl a fhios ag aon duine cén toradh a bheas ann. Má thagann siad go léir agus iad i mbarr a maitheasa, ba cheart go mbuafadh Silviniaco Conti.”
Bhí capall Paul Nicholls ag buachan ag deireadh an ráis anuraidh ach bhí droch-chríoch aige agus ní raibh sé ach sa cheathrú háit ar deireadh. “Bhí an chuma air go raibh sé chun an rás a bhuachan. Chuaigh sé chun tosaigh ag an léim deireanach ach d’imigh an dé as,” a deir Ó Conchúir.
Thit Silviniaco Conti an chéad uair a rith sé sa Gold Cup i 2013 ach ceapann an traenálaí Nicholls go bhfuil aon fhadhbanna a bhí aige curtha de aige. Bhí othras ag cur as dhó anuraidh agus ó tharla go bhfuil leigheas air sin anois, is é rogha na coitiantiachta é don rás.
Nuair a chlis ar Silviniaco Conti anuraidh, is é Lord Windermere a bhuaigh an rás. Cé nach bhfuil an tacaíocht chéanna aige agus atá ag Silviniaco Conti, ní bheidh sé féin ná capall eile ón tír seo i bhfad as an marc i dtuairim Ó Conchúir.
“Tá Lord Windermere ag praghas mór fós, capall Éireannach gan amhras, agus is dóigh liom go mbeidh sé san iomaíocht. Road To Riches, is dóigh, an seans is fearr ata ag na hÉireannaigh. Tá sé ag dul chun cinn an t-am ar fad.
“Taitneoidh an talamh leis, bhí amhras ann nach mbeadh sé in ann ag an trí mhíle agus ceathrú ach is dóigh liom go ndéanfaidh sé é agus, de réir dealraimh, d’oibrigh sé go han-mhaith an deireadh seachtaine seo caite. Is dóigh liomsa go mbuafaidh Silviniaco Conti agus b’fhéidir go mbeidh Road To Riches sa dara háit,” a deir Ó Conchúir.
Agus Ruby Walsh ar droim Djakadam, meastar gurb é sin an seans is fearr atá ag Willie Mullins i mbliana ach is é tuairim go leor daoine go mbeidh air fanacht cúpla bliain eile chun an Gold Cup a bhuachan.
Dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh airgead a chur ar rás atá chomh hoscailte, tá nod eile ag Ó Conchúir do na gealltóirí agus sin é McKinley sa Martin Pipe Handicap Hurdle (4.30i.n.). Tar éis dó Grád 1 a bhuachan i mbliana, ceapann Ó Conchúir go bhfuil seans maith chaon bhealach aige, go háirithe nuair a bhreathnaítear ar an meáchan atá tugtha do rogha na coitiantiachta sa rás, Roi de Francs.
Dar ndóigh, tá an dá chapall sin á dtraenáil ag Willie Mullins – cé eile?