Mullach na Leachta ag snámh in aghaidh easa agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chill Mochuda

Níl Craobh Shinsir Peile Laighean buaite riamh ag cumann as contae an Longfort, léiriú ar an dúshlán roimh Mullach na Leachta inniu

Mullach na Leachta ag snámh in aghaidh easa agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chill Mochuda

Foireann Mhullach na Leachta. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Mullach na Leachta v Cill Mochuda – Páirc Uí Chonchúir, 1.30pm (Beo ar TG4)

Níl na geallghlacadóirí ag tabhairt mórán seans do chumann an Longfoirt, Mullach na Leachta, i gcluiche ceannais Laighean tráthnóna. Corrlach 4/1 nó 9/2 atá le fáil orthu agus na fir lár tíre ag tabhairt aghaidh ar Chrócaigh Chill Mochuda ar an Tulach Mhór.

Is cinnte go bhfuil dúshlán mór os a gcomhair. Tá Craobh Shinsir Laighean buaite ag seaimpíní Bhaile Átha Cliath cúig huaire le sé bliana anuas. Ar an lámh eile, níl Corn Sheáin Mhic Cába buaite riamh ag foireann ar bith as contae an Longfoirt agus is é seo an chéad uair riamh ag foireann as an gcontae sin an cluiche ceannais sinsir a bhaint amach.

Is ag Cill Mochuda atá na réalta móra. Tá Paul Mannion aitheanta anois ar dhuine de na tosaithe is fearr in Éirinn agus gaiscí go leor déanta aige d’Áth Cliath le cúpla bliain anuas. Tá sé láidir, tapa agus cruinn agus rinne sé scrios i gCraobh Bhaile Átha Cliath agus i gCraobh Laighean i mbliana.

D’aimsigh sé 1-6 i gcluiche ceannais an chontae i gcoinne Naomh Jude, 2-6 i gcoinne Dhún Búinne i gcluiche ceathrú ceannais Laighean agus 0-5 in aghaidh Phort Laoise sa bhabhta leathcheannais. Is é an chéad chúram a bheidh ar Mhullach na Leachta ná iarracht a dhéanamh Mannion a choinneáil faoi chois ach tá tosaithe maithe eile ag Cill Mochuda, go háirithe an seanfhondúir Pat Burke, atá fós ag imirt go maith sa líne lántosach.

Agus Cian O’Sullivan acu i measc na gcosantóirí, tá Cill Mochuda láidir ar an taobh eile den pháirc chomh maith.

Ar ndóigh, níl imreoirí chomh haitheanta sin ar fhoireann Mhullach na Leachta ach tá taithí mhaith acu. Imríonn Patrick Fox, Donal McElligott, David McGivney, James McGivney agus Rian Brady uile d’fhoireann an chontae agus bheadh taithí ag na himreoirí eile ar chluichí móra a imirt leis an gclub le blianta beaga anuas.

Tá craobh an chontae buaite ag Mullach na Leachta le trí bliana anuas agus iad ag dul i bhfeabhas i gcraobh Laighean ó shin. B’éigean dóibh seaimpíní Uíbh Fhailí, Ród, agus seaimpíní Cheatharlach, Éire Óg, a chloí chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an lae inniu ach tá Cill Mochuda céim nó dhó chun cinn ar na foirne sin agus beidh taispeántas éachtach ar fad ag teastáil más linn Craobh Laighean a fheiceáil, den chéad uair riamh, ag foireann as an Longfort.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Mochuda

Fág freagra ar 'Mullach na Leachta ag snámh in aghaidh easa agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chill Mochuda'