Muintir Ware le hÉirinn a fhágáil ar an 2 Iúil

Tuigtear go bhfuil faoiseamh trí seachtaine faighte ag an teaghlach óg ach go bhfuil a dticéid eitleán ceannaithe acu cheana féin

Sean Garvey agus Zoe Garvey
Zoe Ware ag Éigse na Brídeoige in éineacht leis an amhránaí Seán Garvey

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil faoiseamh trí seachtaine faighte ag muintir Ware, an teaghlach óg a bhí i mbéal an phobail le seachtain anuas toisc go bhfuil díbirt thar tír amach á déanamh orthu. Is é an Déardaoin, an 2 Iúil, anois an lá a chaithfidh siad a bheith imithe as an tír.

D’impigh an teaghlach óg, a tháinig go hÉirinn cúig bliana ó shin, ar an Aire Dlí agus Cirt a theacht i gcabhair orthu agus cead a thabhairt dóibh fanacht sa tír. Bhí an díbirt thar tír amach á bagairt orthu agus iallach orthu an tír a fhágáil faoin Aoine bheag seo.

Bhain a gcás truamhéalach geit as daoine i gcóngar is i gcéin nuair a tuairiscíodh den chéad uair é an tseachtain seo caite. Ghoill an scéal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go háirithe mar gheall ar a Ghaelaí is atá an triúr cailíní óga atá ag freastal ar Scoil Mhichíl Naofa i mBaile na Sceilg. Cuireadh síos ar Zoe, an cailín is sine, mar ‘ealaíontóir den scoth’ a bhfuil an-suim go deo aici sa traidisiún dúchais agus sa Ghaeilge.

Tuigtear do Tuairisc.ie cé nach bhfuil cead faighte acu fanacht in Éirinn mar ba mhian leo, gur tugadh faoiseamh beag dóibh lena gcuid gnaithí a chur in eagar sula mbeidh orthu imeacht. Beidh ar mhuintir Ware an próiseas éadóirseachta a thosú ón tús ar fad arís má fhilleann siad ar Éirinn tar éis dóibh an t-am cuí a chaitheamh thar lear.

Tháinig muintir Ware go hUíbh Ráthach den chéad uair sa bhliain 2010 agus iad ar víosa saoire, ach bhí siad chomh tógtha sin leis an áit gur shocraigh siad síos ann ina dhiaidh sin.

Tugadh cead don teaghlach fanacht in Éirinn nuair a chuaigh an víosa saoire in éag. Thugadh oifigigh áitiúla imirce de chuid an Gharda Síochána stampa dóibh gach trí mhí go dtí Bealtaine na bliana 2012.

Dúradh leo go gcaithfidís cur isteach ar víosa nuair a bhí an stampa deiridh faighte acu, rud a rinne siad. Níor chuala siad ó Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS) go ceann 15 mí, de réir a dtuairisce féin, go dtí gur diúltaíodh dá n-iarratas ar víosaí. Diúltaíodh an t-iarratas mar ba ó na Gardaí a fuair siad na stampaí inimirce gan teagmháil a dhéanamh leis an INIS.

Cuireadh ina leith freisin nárbh acmhainn don teaghlach fanacht in Éirinn bunaithe ar an méid airgid a bhí ina gcuntas bainc i mí Aibreán na bliana 2013. Is aistritheoir teicníochta agus leighis é Shannon Ware a mbíonn conarthaí idirnáisiúnta aige agus is bean chabhrach í a bhean Kate a bhí ag súil le clárú leis an mBord Altranais. Baineadh díobh a gcead fanacht sa Stát, áfach, ar 12 Nollaig 2012.

D’fhág siad an tír agus d’fhill uirthi ag deireadh na bliana 2013 agus iarratas úr ar víosaí ullmhaithe acu. Diúltaíodh an t-iarratas sin mar gheall ar an trioblóid a bhain leis an iarratas a rinne siad roimhe sin.

Bíonn ar iarrthóirí atá ag lorg saoránachta sa tír seo a chruthú, i measc nithe eile, go bhfuil 365 lá i ndiaidh a chéile caite acu sa tír agus go bhfuil 1,460 lá (ceithre bliana) caite inti acu in imeacht ocht mbliana. San iomlán caithfear a chruthú go bhfuil cúig bliana caite ag an iarrthóir ina chónaí in Éirinn in imeacht naoi mbliana.

Beidh ar mhuintir Ware tús a chur leis an tréimhse cúig bliana sin an athuair má bheartaíonn siad filleadh ar Éirinn amach anseo.

Is Ceanadach í Kate Ware agus tá saoránacht Cheanadach ag an triúr cailíní ach is Meiriceánach é a fear Shannon agus meastar go scarfar óna chéile arís iad ar feadh tamaill dá bharr. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil a dticéid eitleáin ceannaithe ag an teaghlach cheana féin.

Fág freagra ar 'Muintir Ware le hÉirinn a fhágáil ar an 2 Iúil'

  • Seán

    brónach… ach mar sin fhéin, is beag tuairisc a scríobhfá do theaghlach ag cur faoi i gcampa refugee abhus. Tá teaghlaigh iontu, in Éirinn agus is Sasana, go gcuirfeadh sé scanradh ort, an caighdeán saoil atá acu tá sé chomh hainnis sin. Ní fhéadann duine fanacht sna stáit aontaithe fiú má phósann sé go dtí go mbaineann sé amach an tsaorántacht. Is maith ann an tuairisc so, ach is mó go mbaineann sé le maoithneachas gaelach seachas le léargas ar an inimirce agus ‘fimínteacht’ an stáit. Dhá alt scríote air is gan aon trácht dosna bochtáin ó thíortha scriosta an tríú domhain atá i ngéibheann sa tír so fé láthair.