Muintir Ware agus fimínteacht na tíre seo faoi cheist na himirce

Tá éilithe ag an Taoiseach ar rialtas Mheiriceá maithiúnas éigin a thabhairt do na céadta míle Éireannach mídhleathach sa tír sin. Ach céard faoi na daoine a thagann chun na tíre seo chun cónaí ann?

Sean Garvey agus Zoe Garvey

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite rinne Tuairisc.ie, i gcomhar le Millward Browne, pobalbhreith faoi cheist na himirce inar léiríodh gur bhfuil “i bhfad Éireann níos mó tacaíochta dár gcuid féin” sa tír seo ná mar atá dóibh siúd a thagann chugainn thar toinn. Mheas 73% den phobal nach bhfaigheann Éireannaigh thar lear dóthain tacaíochta ón tír seo nuair a théann siad ar imirce ach níor chreid ach 40% den phobal gur cheart níos mó tacaíochta a thabhairt do lucht iarrtha tearmainn a thagann go hÉirinn.

Ba í an fhimínteacht a bhain leis an dearcadh sin, is túisce a rith liom an tseachtain seo caite nuair a chuala mé scéal mhuintir Ware sa Choireán i gContae Chiarraí. Bhí an scéal go mór i mbéal an phobail le nach mór seachtain anuas, agus go háirithe i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, toisc a Ghaelaí is atá an chlann óg a bhfuil an díbirt thar tír amach á bagairt orthu.

Cuireadh síos ar an iníon is sine, Zoe (11), mar ealaíontóir agus Gael go smior agus craoladh taifead di ag amhránaíocht ar an sean-nós ar Raidió na Gaeltachta.

Scéal uafásach truamhéalach is ea é a bhrisfeadh croí cloiche agus léiriú freisin é ar an bhfimínteacht a bhaineann le ceist na himirce sa tír seo.

Tá éilithe ag an Taoiseach ar rialtas Mheiriceá maithiúnas éigin a thabhairt do na céadta míle Éireannach atá ag cur fúthu agus ag obair go mídhleathach sa tír sin. Ach, ar an láimh eile, tá a rialtas féin ag bagairt an díbirt thar tír amach ar theaghlach óg atá ag saothrú a gcuid sa tír seo agus ag cur go mór leis an bpobal ina maireann siad. Cén fáth? Maorlathas, is cosúil.

Go deimhin, tá cearta na nÉireannach i gcéin go mór chun tosaigh ar chlár pháirtithe eile polaitíochta freisin. Tá sé ráite ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, atá ina urlabhraí ar an diaspóra le Sinn Féin, go gcaithfidh an rialtas “tuilleadh oibre a dhéanamh” le réiteach a fháil ar na fadhbanna éagsúla ar gá d’eisimircigh Éireannacha dul i ngleic leo timpeall na cruinne.

Cháin an Seanadóir an rialtas as a bheith ag séanadh deis vótála ar Éireannaigh i gcéin agus a bheith ag déanamh comhghairdeachais ag an am céanna leis na daoine a d’fhill ar Éirinn le vótáil mar chuid den fheachtas #hometovote le déanaí. Cuid den fhimíneacht chéanna é. Ach seachas cúpla polaiteoir áitiúil, cé atá chun labhairt amach ar son mhuintir Ware?

Tháinig Shannon agus Kate Ware anseo lena gclann óg cúig bliana ó shin ar saoire agus thaitin ár dtírín leo chomh mór sin gur theastaigh uathu a saol a bhunú anseo agus na gasúir a thógáil anseo. Chuige sin, lean siad na nósanna cuí imeachta agus rinne siad gach iarracht cloí leis an bpróiseas éadóirseachta agus déanamh de réir dhlíthe na tíre. Níos fearr fós, thóg siad clann anseo atá níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin.

Tá teacht isteach rialta ag Shannon, atá ag obair leis mar aistritheoir le comhlacht a chuireann le teacht isteach an gheilleagair áitiúil, agus tá sé ar intinn ag a bhean Kate clárú leis na mná cabhracha anseo. Ní fhéadfadh muid a bheith ag súil le daoine níos fearr a mhealladh.

Is iomaí Éireannach atá ag cur fúthu i Meiriceá anois a chuaigh anonn agus rún na calaoise aige ó thús. Ar ndóigh, ná fliuchaimis in aon chith amháin iad uilig – táthar ann i Meiriceá a thit trí phoill an mhaorlathais freisin.

Is iad na ‘illegals’ den chuid is mó a bhíonn ag cuartú faoisimh agus ba iontach an rud dá bhfaighidís é.

Ach más ar thóir an fhaoisimh dár ndream féin thar lear atá muid, tá sé chomh maith againn é a thabhairt dóibh sin atá ar a thóir anseo. Mar a deir an seanrá, ‘nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh’.