Beidh aird an tsaoil mhóir inniu ar Stáit Aontaithe Mheiriceá mar a rachaidh daoine chun na botháin vótála i lár na paindéime lena mbreithiúnas a thabhairt ar thréimhse ceithre bliana chorraitheach chonspóideach dheighilteach Donald Trump sa Teach Bán.
Tá vóta poist caite cheana ag níos mó Meiriceánach ná riamh agus meastar dá bharr go dtógfaidh sé níos faide na vótaí go léir a chomhaireamh.
Tá ráite ag Donald Trump nár chóir aon vóta a chomhaireamh i ndiaidh an lae inniu – cé gur gnáthnós é a leithéid a dhéanamh – agus meastar mura mbíonn mórán idir na hiarrthóirí go mbeidh cásanna cúirte ann faoin toradh i stáit éagsúla.
Anuas air sin, tá diúltaithe go minic ag Donald Trump a rá go nglacfaidh sé le toradh an toghcháin má chailleann sé agus tá amhras caite chomh maith aige ar an gcóras toghchánaíochta féin.
In ainneoin an amhrais faoi cathain a bheidh toradh oifigiúil ar an toghchán ar fáil, is é iarrthóir na nDaonlathach Joe Biden rogha láidir na coitiantachta.
De réir na bpobalbhreitheanna deireanacha roimh lá na vótála, bhí Joe Biden fós chun tosaigh go náisiúnta agus i bhformhór stáit idir eatarthu ‘Chrios na Meirge’ i lár-iarthar na tíre.
Tá Biden níos faide chun cinn sna stáit sin ná mar a bhí Hillary Clinton ag deireadh an rása in 2016, rud atá ag tabhairt misnigh do na Daonlathaigh ná leáfaidh a gcuid tacaíochta léi an babhta seo. Údar dóchais eile dóibh nach bhfuil mórán idir na hiarrthóirí i stáit áirithe inar éirigh le Trump in 2016, stáit ‘Chrios na Gréine’, amhail Florida agus Arizona.
De réir an tsuímh fivethirtyeight.com, a dhéanann scagadh ar eolas faoin toghchán, bhí Biden thart ar chúig phointe chun cinn in Pennsylvania, mar a raibh an bua ag Trump in 2012, an stát is mó a mheastar a d’fhéadfadh a shocrú cé leis a bheidh an lá.
Bhí Biden níos faide chun cinn i Michigan agus Wisconsin, stáit idir eatarthu eile ar éirigh le Trump an bua a fháil iontu in 2016.
De réir fivethirtyeight.com, níl ach seans 3% ag Trump níos mó vótaí ná Biden a fháil ach tá seans 10% aige an dara tréimhse mar uachtarán a fháil mar gheall ar chóras Mheiriceá atá bunaithe ar choláiste toghcháin. Tá Biden thart ar ocht bpointe céatadáin chun cinn de réir na bpobalbhreitheanna náisiúnta, ach mura mbeadh d’fharasbarr inniu aige ach idir 2-3 pointe meastar go mbeadh toradh an toghchán idir dhá cheann na meá.
Mar sin féin níl Trump chomh láidir sna pobalbhreitheanna is a bhí roimh thoghchán 2016 nuair a tháinig an fear gnó agus réalta teilifíse aniar aduaidh ar Hillary Clinton. Tá Trump anois níos faide chun deiridh ar Biden ná mar a bhí sé ar Clinton i ngach stát a bhíonn idir dhá cheann na meá de ghnáth. Chomh maith leis sin, meastar go gcaithfeadh na pobalbhreitheanna a bheith níos míchruinne ná mar a bhí in 2016 chun go mbeadh an bua ag Trump i mbliana.
Ach ar a shon sin uile, tá eagla mhór fós ar Dhaonlathaigh go bhféadfadh bua gan choinne eile a bheith ag Trump.
Ar an lámh eile, tá Poblachtánaigh ag súil go n-éireoidh arís le branda Trump ainneoin na n-ainneoin.
Poraic o'hEipicín
Tá súil agam go n-éirí lé Donald Trump.
In Ainm Dé.