Rachaidh muintir na hÉireann chun vótála inniu sa Reifreann faoi aisghairm an Ochtú Leasú ar an mBunreacht.
Osclófar na botháin vótála ag 7am ar maidin agus beidh siad oscailte go dtí 10pm tráthnóna.
Os cionn 3.2 milliún duine atá cláraithe chun vótáil, agus chláraigh 118,389 díobh sin ar chlár breise na dtoghthóirí le déanaí.
Méadú mór é sin ar an 66,000 a cuireadh leis an gclár roimh reifreann an phósta chomhghnéis in 2015.
An cheist atá ar an bpáipéar ballóide ná cé acu an mian nó nach mian leat airteagal 40.3.3 a bhaint ón mBunreacht agus cead a thabhairt don Oireachtas reachtaíocht nua a thabhairt isteach maidir le foirceannadh toirchis.
Má vótálann móramh ‘Tá’ inniu, beidh cead ag an Oireachtas dlíthe a thabhairt isteach chun rialú a dhéanamh ar an nginmhilleadh.
Má vótálann móramh ‘Níl’, fanfaidh airteagal 40.3.3 mar atá agus beidh feidhm i gcónaí leis an Acht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis, a cheadaíonn foirceannadh sa chás go mbíonn beatha na máthar i mbaol nó go mbíonn an baol ann go gcuirfeadh sí lámh ina bás féin.
De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí bhí móramh ar son na haisghairme, cé gur laghdaigh an bhearna idir an dá thaobh le tamall anuas agus go raibh duine as cúigear ann a bhí fós idir dhá chomhairle.
Sa chás go nglacfar leis an aisghairm tabharfar isteach reachtaíocht nua in áit an Achta um Chosaint na Beatha le linn Toirchis. Níltear ag vótáil faoin reachtaíocht sin inniu, ach tá an reachtaíocht atá molta foilsithe ag an Rialtas.
De réir na moltaí sin, beidh teacht ag bean ar ghinmhilleadh sa chéad 12 seachtain dá toircheas. Beidh rogha ag bean foirceannadh a lorg ó dhochtúir, ó obstratraí nó gínéiceolaí le linn an chéad 12 seachtain den toircheas. Bheadh dualgas de réir dlí ar an dochtúir na roghanna a bheadh ag an mbean a phlé léi agus chaithfí trí lá a thabhairt di le machnamh a dhéanamh ar a rogha. Tar éis an 72 uair a chloig sin, má roghnaíonn an bhean foirceannadh a bheith aici, cuirfear piolla ginmhillte ar fáil di.
Bheadh cead freisin, i gcásanna ar leith, foirceannadh a fháil suas go dtí an 24ú seachtain den toircheas. Cheadófaí sin sa chás go mbeadh beatha na máthar go mór i mbaol nó dá mbeadh baol ann go ndéanfaí dochar tromchúiseach dá sláinte, ach chaithfeadh beirt dochtúirí an cead sin a thabhairt.
De réir na moltaí, bheadh rogha ag bean ginmhilleadh a fháil chomh maith sa chás nach mairfeadh an féatas lasmuigh den bhroinn de bharr deacrachtaí sláinte nó sa chás nach mairfeadh sé ach tamall gairid i ndiaidh na breithe de bharr mínormáltacht mharfach.
Sa chás nach ndéanfar an tOchtú Leasú a aisghairm inniu, fanfaidh cúrsaí mar atá agus ní bheidh cead ag bean ginmhilleadh a fháil in Éirinn ach sa chás go gcinntear go bhfuil a beatha i mbaol.
Rinneadh an tOchtú Leasú ar an mBunreacht i ndiaidh reifrinn i 1983. Dearbhaíonn an leasú go gcosnófar chomh fada agus is féidir comhchearta chun beatha an beo gan breith agus na máthar agus cuireann sé cosc ar ghinmhilleadh i mbeagnach gach cás.
I 1992 tugadh cead do mhná na hÉireann taisteal chun ginmhilleadh a fháil thar lear. Tugadh an cead sin do mhná mar thoradh ar reachtaíocht a tugadh isteach i ndiaidh Cás X, cás inar diúltaíodh cead taistil chun ginmhilleadh a fháil do bhean óg 14 bliain a bhí ag súil de bharr éignithe.
Meastar gur thaistil timpeall 170,000 bean as Éirinn thar lear chun ginmhilleadh a fháil idir 1980 agus 2016.
Fógrófar toradh an reifrinn amárach agus tá sé deimhnithe ag RTÉ go mbeidh pobalbhreith á déanamh acu i measc daoine atá díreach tar éis vótáil agus go mbeidh toradh na pobalbhreithe sin ar fáil anocht ar The Late Late Show.
Des O Murchu
Lorg me mo chlaru ar liosta votala mar lion me Liosta Votala roimh Nollaig 2017. Ni raibh mo ainm,seoladh ar an liosta? Dfhiarr me claru Gaeilge? Ta taifead glaoch fon agam mar bhi athru seoladh i gceist. Des O Murchu