Muintir na Danmhairge le vótáil faoi pháirt a ghlacadh i bpolasaí cosanta an AE

Tháinig athrú ó bhonn go tobann ar chúrsaí slándála na hEorpa nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin i mí Feabhra

Muintir na Danmhairge le vótáil faoi pháirt a ghlacadh i bpolasaí cosanta an AE

Socróidh muintir na Danmhairge i reifreann inniu cé acu an nglacfaidh nó nach nglacfaidh siad páirt i bpolasaí cosanta an AE feasta. 

Faoi láthair, nuair a thugann an tAE feidhm dá chomhpholasaí slándála agus cosanta, glacann an Danmhairg páirt i ngníomhaíochtaí sibhialtacha ach ní ghlacann in oibríochtaí míleata.

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí d’fhéadfadh go vótálfadh thart ar 60% den lucht vótála ar son fáil réidh leis an díolúine ó chomhbheartas cosanta agus slándála an AE.

Is nuair a vótáil muintir na Danmhairge in aghaidh Chonradh Maastricht i 1992, an conradh faoinar bunaíodh an tAE, a socraíodh nach nglacfadh an tír páirt sa pholasaí cosanta. Socraíodh chomh maith nach nglacfaí páirt i gcóras an euro ná i gcóras dlí agus cirt an AE.

Mheall na socruithe sin muintir na Danmhairge chun tacú le Conradh Maastricht nuair a reáchtáladh reifreann eile, i 1998.

Tá sé de bhéas ag muintir na Danmhairge a bheith amhrasach faoi chur leis an nasc idir ballstáit an AE. I reifreann eile in 2000 vótáil muintir na Danmhairge fanacht lasmuigh de chóras an euro agus in 2015 vótáil siad cloí leis an díolúine ó pháirt a ghlacadh i gcóras dlí agus cirt an AE.

Ach rinneadh athrú ó bhonn go tobann ar chúrsaí slándála na hEorpa nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin i mí Feabhra.

D’fhág an t-ionradh a lorg cheana féin ar chur chuige na Fionlainne agus na Sualainne a bhfuil iarratais déanta acu ar bhallraíocht i NATO.

Dealraíonn sé ó na pobalbhreitheanna go vótálfaidh muintir na Danmhairge ar son an reifrinn.

Má roghnaíonn muintir na Danmhairge a bheith páirteach i gcomhbheartas slándála agus cosanta an AE feasta, beidh cead ag an Danmhairg a bheith lánpháirteach in obair mhíleata an aontais agus i bhforbairt na gné míleata de. 

Deir siadsan atá in aghaidh an reifrinn go mbeadh an baol ann go mbeadh an Danmhairg ina cuid d’airm Eorpach amach anseo. Áitítear chomh maith go mbeadh an Danmhairg ina fichillín ar chlár na polaitíochta ag na ballstáit is cumhachtaí san Aontas, amhail an Fhrainc agus an Ghearmáin. 

Deir an dream atá ar son fáil réidh leis an gcead atá ag an Danmhairg fanacht glan ar pholasaí cosanta an AE go bhfuil sé in am ag an tír seasamh a thógáil ar son slándáil na hEorpa. 

Mhol Príomh-Aire na Danmhairge, Mette Frederiksen, an reifreann ar an 8 Márta, go gairid i ndiaidh d’ionradh na Rúise ar an Úcráin tosú.  Mhaígh sí go mbeadh cosaint níos fearr ag an tír dá nglacfaí leis an reifreann.

Tá formhór na bpáirtithe sa Danmhairg, atá ar cheann de bhunaitheoirí NATO, ar son fáil réidh leis an díolúine i dtaobh cúrsaí cosanta agus slándála.

Fág freagra ar 'Muintir na Danmhairge le vótáil faoi pháirt a ghlacadh i bpolasaí cosanta an AE'