Muintir daoine a bhásaigh i dtragóid an Chraoslaigh ag iarraidh ar TG4 gan clár faoin bpléasc a chraoladh

Deir TG4 go léiríonn 'Iniúchadh TG4 –An Craoslach’ ómós do na daoine a bhásaigh agus nach bhfuil aon rud ann faoi na daoine a maraíodh seachas an méid a tuairiscíodh go poiblí díreach i ndiaidh na tragóide

Muintir daoine a bhásaigh i dtragóid an Chraoslaigh ag iarraidh ar TG4 gan clár faoin bpléasc a chraoladh

Robert Garwe (50) agus a iníon Shauna Flanagan Garwe (5) a bhásaigh i dtubaiste an Chraoslaigh anuraidh

Tá cosaint déanta ag TG4 ar chlár atá le craoladh oíche amárach ar an stáisiún faoin bpléasc thragóideach inar maraíodh deichniúr ar an Chraoslach i nDún na nGall mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Tá muintir beirt de na daoine a bhásaigh, Robert Garwe agus a iníon Shauna Flanagan, ag iarraidh ar TG4 gan an clár, An Craoslach, a chraoladh.

Tá an clár le bheith ar an gcéad eagrán de shraith nua cúrsaí reatha ar TG4 dar teideal Iniúchadh TG4.

Dúirt Killian Flanagan, deartháir Áine Flanagan, páirtí Robert Garwe, ar an gclár Liveline ar RTÉ Raidió a hAon go raibh iarrtha aige ar TG4 agus ar na Gardaí nach gcraolfaí an clár fad as bhí an phléasc fós á fiosrú.

Dúirt Killian Flanagan nár cuireadh muintir na marbh ar an eolas faoin gclár agus nár chodail a dheirfiúr néal ó fuair sí amach faoi in alt nuachta ar líne an tseachtain seo caite.

Dúirt sé go mbeadh an iomarca “tráma” ag baint le craoladh an chláir trí mhí tar éis na heachtra. Chaithfí níos mó tuisceana agus bá a léiriú do mhuintir na ndaoine a maraíodh, a dúirt sé.

Mhaígh sé go raibh roinnt de na daoine a ghlac páirt sa chlár ag iarraidh nach gcraolfaí ach oiread é. Dúirt Killian Flanagan go raibh sé ag dul ó thuiscint air cén fáth a gcaithfí an clár a chraoladh anois seachas faoi cheann sé mhí.

Dúirt Kevin Flanagan gur údar mór díomá é go ndéanfadh craoltóir a fhaigheann tacaíocht stáit a leithéid de chinneadh agus gur cosúla é le rud a dhéanfadh “nuachtán táblóideach sa Ríocht Aontaithe”.

“Níor cheart go mbeadh sé seo ar an gcéad léiriú ar ar tharla.

“Cén fáth go dtabharfadh siad tús áite do riachtanais an tablóideachais ar riachtanais mhuintir na marbh? Ní thuigim ar chor ar bith é.”

Dúirt sé go raibh a dheirfiúr “croíbhriste” go gcaithfeadh sí féachaint ar chlár faoin tréimhse is measa ina saol agus éisteacht le scéalta faoin tragóid nach raibh cloiste cheana aici.

Níor cheart “glacadh” le craoladh an chláir, ar sé.

Ina ráiteas, dúirt TG4 gurb é a bhí sa chlár ná iarracht léargas a thabhairt ar an tslí ar tháinig muintir an bhaile bhig i nDún na nGall le chéile díreach i ndiaidh na pléisce ag garáiste Mhic Laifeartaigh chun a gcomharsana a tharrtháil.

“Tá agallaimh ann le daoine a chuir a mbeatha féin i mbaol agus iad ag iarraidh daoine eile a thabhairt slán,” a dúradh i ráiteas an stáisiúin.

“Labhraíonn siad go truachroíoch agus go tuisceanach faoin mbaint a bhí acu le cabhrú le daoine eile in am an ghátair mhóir. Theastaigh ó na daoine a ghlac páirt sa chlár a mbuíochas a chur in iúl faoin tslí gur tháinig gnáthphobal le chéile ag am an-chrua chun cabhrú lena gcairde agus a gcomharsana.

“Cuid de na daoine a ghlac páirt ann [sa chlár] bhí a fhios ag cuid de na daoine ar bhásaigh daoine muinteartha leo go raibh siad le páirt a ghlacadh ann. Léirítear sa chlár fíor-ómós do na daoine a bhásaigh. Ní thuairiscítear aon rud faoi na daoine a maraíodh seachas an méid a tuairiscíodh go poiblí díreach i ndiaidh na tragóide.”

Dúirt TG4 gur comhlacht iad Clean State TV, lucht déanta an chláir, a bhfuil an-cháil orthu as an gcur chuige íogair a thaispeáin siad i gcláir fhaisnéise eile a rinne siad.

Thug TG4 le fios an tseachtain seo caite go mbeadh tiománaí tochaltóra a bhí ag lorg choirp na marbh sa smionagar faoi agallamh den chéad uair sa chlár.

Dúradh go labhraíonn Henry Gallagher, fear 47 bliain d’aois, faoi a bheith ag iarraidh teacht ar choirp na marbh ar an láthair. Deir Gallagher gurbh iad teaghlaigh na marbh a spreag é chun leanúint air go dtí go raibh gach corp faighte.

Maraíodh deichniúr sa phléasc: James O’Flaherty (48), Jessica Gallagher (24), Martin McGill (49), Catherine O’Donnell (39) agus a mac James Monaghan (13), Hugh Kelly (59), Martina Martin (49), Robert Garwe (50) agus a iníon Shauna Flanagan Garwe (5), agus Leona Harper (14).

 

 

Fág freagra ar 'Muintir daoine a bhásaigh i dtragóid an Chraoslaigh ag iarraidh ar TG4 gan clár faoin bpléasc a chraoladh'