Muintir Charna ag ceiliúradh arís agus gradam CLG buaite ag scannán Gaeilge

Bronnfar Gradam MacNamee ar Éamonn Ó Cualáin agus lucht léirithe 'Poc na nGael' i bPáirc an Chrócaigh anocht

Muintir Charna ag ceiliúradh arís agus gradam CLG buaite ag scannán Gaeilge

Tá  gradaim cumarsáide CLG don Ghaeilge buaite ag an scannán faisnéise Poc na nGael, a stiúir Éamonn Ó Cualáin as Carna i nGaeltacht Chonamara.

Fiosraíonn an scannán an nasc idir an iomáint agus an haca oighir agus leanann sé scéal na n-imirceach as Éirinn i gCeanada le cúpla céad bliain anuas . Fócas Films a léirigh do TG4. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt stiúrthóir an scannáin, Éamonn Ó Cualáin, gur mór an onóir dóibh glacadh leis an ngradam.

“Tá sé iontach an t-aitheantas a fháil d’aon obair a dhéanann tú, go háirithe nuair atá mé fhéin sáite i gcúrsaí CLG,” a deir sé.

“Chuaigh muid go Ceanada chun freagraí a fháil ar an gceangal idir an iomáint agus an haca oighir agus is rud maith go bhfuair muid amach go raibh! Agus Ger Loughnane inár gcuideachta, ní fhéadfá fear níos fearr a fháil chun dul ar an turas sin leat.”

Is i bPáirc an Chrócaigh san oíche anocht a bheidh an ócáid bhronnta agus tá Ó Cualáin ag súil go mór léi.

“Tá mé i mo chathaoirleach ar chumann Charna-Caiseal agus tá CLG i mo chroí. Cuireadh a fháil chuig Páirc an Chrócaigh chun gradam a fháil, is onóir é sin.”

Is é seo an tríú huair ag Ó Cualáin gradam MacNamee a bhaint mar bhí sé ar dhuine de lucht léirithe GAA USA agus Seó Spóirt a bhuaigh gradam Gaeilge CLG roimhe seo.

Is ar Tommy Callaghan, eagarthóir spóirt an Longford Leader, atá an gradam saoil á bhronnadh anocht. Bhuaigh agallamh Vincent Hogan le hiománaí na Gaillimhe, Joe Canning, Gradam Náisiúnta na Meán, agus bhuaigh LMFM gradam don chlár raidió is fearr.

Ar na buaiteoirí eile tá: The Donegal Democrat (Foilseachán Réigiúnda), Cumann Pheadair Naofa, an Dún (Suíomh Idirlín), Piaras Ó Mídheach (Grianghraf na Bliana), CLG Lú (An Clár Oifigiúil is Fearr), Sáirséalaigh Dhurlais, Tiobraid Árann (An Foilseachán Club is Fearr) agus Cumann Aibhistín de Staic, Ciarraí, (An Togra Digiteach Nua is Fearr).

Fág freagra ar 'Muintir Charna ag ceiliúradh arís agus gradam CLG buaite ag scannán Gaeilge'