Múinteoir Gaeilge le ceapadh i bPríosún Mhaigh gCabraí

Tuairiscítear gur bagairt dlí ba chúis leis an gcinneadh go gceapfaí gan mhoill teagascóir Gaeilge sa phríosún

Múinteoir Gaeilge le ceapadh i bPríosún Mhaigh gCabraí

Tá múinteoir Gaeilge le ceapadh i bPríosún Mhaigh gCabraí i gcontae Aontroma.

Bagairt dlí ba chúis leis an gcinneadh go gceapfaí gan mhoill teagascóir Gaeilge don phríosún.

De réir tuairisc san Irish News bhí dúshlán dlí á bheartú ag dlíodóirí cime poblachtánach mar nár cuireadh múinteoir Gaeilge in áit an duine a bhí sa phost sin.

Mhaígh Conradh na Gaeilge gur shárú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus conarthaí eile a bhí ann gan múinteoir Gaeilge a bheith sa phriosún.

Tuairiscítear go bhfuil an folúntas a bhí ann le bliain anuas le líonadh anois. Mhaígh lucht údaráis an phríosúin go ndearnadh roinnt iarrachtaí an folúntas a líonadh cheana ach nár ghlac daoine ar éirigh leo sa phróiseas earcaíochta leis an bpost toisc go raibh orthu fanacht 17 seachtain chun go bhfaomhfaí an ceapachán ar bhonn slándála.

Tuairiscítear go bhfuil an fhoireann promhaidh sa Roinn Dlí anois ag tabhairt tús áite d’iarratais do mhúinteoirí agus nach mairfidh an próiseas ach trí nó ceithre sheachtain.

Fág freagra ar 'Múinteoir Gaeilge le ceapadh i bPríosún Mhaigh gCabraí'