Muinín san PSNI á creimeadh mar gheall ar mhí-úsáid ghnéis i measc na foirne

Seans nach gcinnteodh grinnfhiosrúchán rialta go nglanfaí gach ciontóir nó ábhar ciontóra as seirbhísí póilíneachta ach b’fhearr é ná a mhalairt

Muinín san PSNI á creimeadh mar gheall ar mhí-úsáid ghnéis i measc na foirne

‘Bheadh faitíos m’anama orm anois dá mbuailfeadh póilín ón Met bleid orm; tá súil agam nach bhfuil na fir san PSNI cosúil leis na boic sin.’ Bean óg de bhunadh Bhéal Feirste a bhfuil cónaí uirthi i Londain a bhí ag caint lena cairde is í ar cuairt ar an mbaile. Tamall i ndiaidh an chomhrá sin bhí faitíos ar mhná abhus chomh maith nuair a d’fhógair an PSNI gur briseadh naonúr dá gcomhaltaí anuraidh de bharr drochíde baile nó mí-úsáid ghnéis agus go raibh na scórtha cásanna eile le héisteacht.

Cuireadh athbhreithniú ar iompar, caighdeáin agus gnásanna grinnfhiosrúcháin ar siúl i seirbhísí póilíneachta uilig na Ríochta Aontaithe tar éis dhúnmharú Sarah Everard i Londain beagnach dhá bhliain ó shin. Bhí alltacht ar dhaoine nuair a tháinig sé chun solais gurb é Wayne Couzens, oifigeach san Met, póilíní chathair Londan, a dhúnmharaigh agus a d’éignigh í. I bhfianaise an scannail sin, ní alltacht go dtí é a bhí ar dhaoine nuair a daoradh oifigeach eile san Met as coireanna gnéis le déanaí. Bhí David Carrick ciontach as éigniú agus cionta gnéis eile in aghaidh dháréag ban le scór bliain. Mar bharr ar uafás a chuid iompair theip ar an Met stop a chur le Carrick cé gur tarraingíodh aird air go minic ón mbliain 2000 ar aghaidh.

Ní hiontas go mbeadh eagla ar mhná cabhair a iarraidh nó ionsaithe a thuairisciú ach tubaiste a bheadh ann mura mbeadh póilíní inmhuiníne chun déileáil le gearáin faoi mhí-úsáid ghnéis nó chun sábháilteacht na mban a chosaint. Tuigeann lucht bainistíochta gach seirbhís phóilíneachta é sin go maith ach ní hionann sin is a rá go bhfuil dóthain déanta acu chun cultúr dearfach a chothú agus scothchleachtais a bhuanú.

D’fhógair an PSNI plean gnímh chun a dhul i ngleic le foréigean in aghaidh cailíní agus mná sa bhfómhar seo caite. Gheall siad cur chuige níos déine i leith smachta agus dúirt go raibh na caighdeáin ghairmiúla is airde riachtanach chun muinín an phobail sa phóilíneacht a chothú.

D’admhaigh siad gur údar imní í a dtuairisc faoi na gníomhartha smachta a bhí riachtanach anuraidh agus an líon atá le scrúdú fós. Ag an am céanna d’fhéach siad le cuma na maitheasa a chur ar an scéal – ag rá gur léirigh an drochnuacht go raibh siad ag dul i ngleic le mí-iompar na foirne. Briseadh naonúr comhaltaí as a bpostanna anuraidh de bharr mí-úsáid ghnéis nó drochíde baile. Tá cúig chás eile ar an liosta le haghaidh éisteachta sna míonna seo romhainn, 74 cás san iomlán á scrúdú agus 32 comhalta ar fionraí.

Deir an PSNI go bhfuil siad diongbháilte go mbeidh siad chomh dian céanna ar chiontóirí gnéis i measc na bpóilíní is a bheidh siad i measc an phobail. D’achainigh siad ar dhaoine tuairisciú a dhéanamh agus gheall go bhfiosrófar iad go dúthrachtach. Maíonn siad go bhfuil a dtaifead á scrúdú acu chun botúin a rinneadh cheana a sheachaint feasta. Brisfear as an tseirbhís aon chomhalta a chiontófar, ar siad.

D’fháiltigh go leor roimh na geallúintí; ‘más mall is mithid a bport. Bhí ceisteanna acu áfach. Bhí méadú ar líon na ndaoine a caitheadh amach anuraidh ach cé chomh fada agus a bhí sé ó cuireadh tús leis an bpróiseas. Cúis amhrais é oifigigh a bheith ar fionraí ar feadh i bhfad, ar lánphá, sula n-éistear an cás smachtaithe. Póilíní armtha is ea an PSNI agus d’admhaigh urlabhraí ón tseirbhís go raibh an bhagairt nó an chontúirt a bhaineann le gunna a bheith i seilbh an mhí-úsáideora lárnach i gcuid de na heachtraí.

I dteannta na gceisteanna sin theastaigh ó lucht feachtais ar nós Women’s Aid agus eagraíochtaí cearta a fháil amach cé chomh luath is a chuirfí feabhas ar ghnásanna grinnfhiosrúcháin. Cé is moite den bpromhadh a dhéantar ar iarrthóirí ní dhéantar grinnfhiosrú arís ar bhaill go ceann deich mbliana. Ní scothchleachtas é sin. Déanann eagraíochtaí ar nós Women’s Aid é gach trí bliana.

Tá a fhios againn ó chás an dúnmharfóra Couzens agus cás an éigneora Carrick san Met nár cheil siad a ndrochmheas ar mhná agus gur mhinic a léirigh siad nach raibh siad iontaofa. Seans nach gcinnteodh grinnfhiosrúchán rialta go nglanfaí gach ciontóir nó ábhar ciontóra as seirbhísí póilíneachta ach b’fhearr é ná a mhalairt. I dTuaisceart Éireann mar a bhfuil foréigean in aghaidh na mban an-choitianta agus an ráta dúnmharaithe scanrúil, tá muinín san PSNI ag trá. Ní leor briathra, beifear ag éileamh gníomhartha – riaráiste na gcásanna sa tseirbhís féin a ghlanadh agus fianaise nithiúil a sholáthar go mbeidh an cur chuige oiriúnach don ghnó taobh istigh den PSNI agus sa bpobal.

Fág freagra ar 'Muinín san PSNI á creimeadh mar gheall ar mhí-úsáid ghnéis i measc na foirne'