Muinín i bpolaiteoirí – is fusa í a chailliúint ná í a shaothrú

Fad is a bhí an Tánaiste, Leo Varadkar á cheistiú ag Teachtaí Dála faoi sceitheadh faisnéise bhí cruacheisteanna le freagairt ag trí cinn de pháirtithe an Tuaiscirt

Muinín i bpolaiteoirí – is fusa í a chailliúint ná í a shaothrú

Diane Dodds, an tAire Eacnamaíochta in Stormont

An mhaidin Chéadaoin seo agus lán na súl á bhaint ag leath na cruinne as imeachtaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá aréir, ní ar an taobh sin den Atlantach amháin atá amhras faoi pholaiteoirí. Is fíor nach féidir a chur i leith aon pholaiteoir sa tír seo, thuaidh nó theas, go bhfuil siad ag cothú míshocrachta in aon turas, ag gríosú fuatha ná ag ceistiú na rúibricí daonlathacha a rialaíonn toghcháin agus áireamh vótaí. Ní hionann sin is a rá gur cheart iad a ligean saor ó cheistiú faoi bhotúin, mí-iompar nó aon chlaonadh ón dea-chleachtas. Fad is a bhí an Tánaiste, Leo Varadkar á cheistiú ag Teachtaí Dála faoi sceitheadh faisnéise bhí cruacheisteanna le freagairt ag trí cinn de pháirtithe an Tuaiscirt. Bhí brú ar an DUP agus Sinn Féin in Stormont faoin scannal a bhain le hairgead poiblí a bheith íoctha le daoine nach raibh cáilithe chuige agus an earráid sin gan cheartú ar feadh seacht mí. Lasmuigh de Stormont bhí míshuaimhneas cothaithe ag an UUP a d’athcheap mar chomhairleoir fear a dícháilíodh mar gheall ar thiomáint faoi thionchar an óil trí huaire.

Nuair a d’fhill Teachtaí ar an Tionól Dé Luain i ndiaidh shaoire na Samhna níorbh iontas ar bith é gur ceistíodh ceannaire Shinn Féin Michelle O’Neill faoin £30,000 a bhí i gcuntais de chuid an pháirtí i dtrí cinn dá chuid oifigí ar feadh seacht mí. Faoin am sin bhí Catherine Kelly, Teachta Tionóil do Thír Eoghain Thiar, éirithe as Stormont i ngeall ar an gconspóid.

Chomh maith leis an Seanadóir Elisha McCallion agus beirt fheidhmeannach imithe, b’in ceathrar a chaill Sinn Féin mar nár íocadh an t-airgead ar ais go dtí gur tarraingíodh aird an phobail air. Ní róshásta a bhí cuid dá lucht tacaíochta atá ar an bhfaraor géar go ndéanfadh oifigigh Shinn Féin beag is fiú de shuimeanna airgead poiblí gur saibhreas a bheadh iontu dóibhsean.

Thairis sin mhaígh iar-iarrthóir dá gcuid gur léirigh an eachtra seo nár mhór do Shinn Féin sa Tuaisceart caighdeán a chuid ionadaithe a fheabhsú, cáineadh a bhí intuigthe cheana á dhéanamh os ard anois, go háirithe nuair a chuirtear ionadaithe áirithe abhus i gcomparáid lena gcomhbhádóirí ó dheas.

Níl na ceisteanna ar fad fuascailte go fóill. Conas a tharla sé gur cuireadh trí oifig le Sinn Féin ar liosta de ghnólachtaí beaga a bhí i dteideal faoisimh ó rátaí gnó? Ní mór do Shinn Féin, seirbhís na rátaí agus an Roinn Eacnamaíochta an cinneadh sin a shoiléiriú.

Ceistíodh Diane Dodds, an tAire Eacnamaíochta in Stormont atá freagrach as na scéimeanna cabhrach do lucht gnó faoi conas a tharla sé gur íocadh os cionn £4.5 milliún punt in earráid le dreamanna nach raibh sé ag dul dóibh. Fuair 452 oifig nó duine nach raibh cáilithe mar ghnólachtaí an deontas £10,000. Ina measc, chomh maith le trí oifig de chuid Shinn Fein bhí beirt is leathchéad (52) a bhfuil tuirbíní gaoithe acu dá n-úsáid phríobháideach féin.

Dúirt an tAire Dodds go raibh an £10,000 aisíoctha ag 74 as an 452. Ní raibh san dream a fuair íocaíocht de bhotún ach 2% de na gnólachtaí ar fad a fuair cabhair ón roinn, ar sí. Bheifí ag scríobh chuig na daoine a fuair an t-airgead chun é a fháil ar ais. Déanfaidh an roinn measúnú ar na scéimeanna tacaíochta agus bunófar córas chun an obair a bhainistiú, a dúirt an Teachta Dodds san Tionól.

An gcothóidh na freagraí a tugadh agus a chaithfear a thabhairt go ceann cúpla seachtain muinín go bhfuil Stormont in ann ag an ngnó? Sin í an cheist mhór. I bhfianaise bhreithiúnas an fhiosraithe ar an RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite faoi ndear titim Stormont in 2017, go raibh an obair “thar chumas” Stormont bhí go leor le cruthú ag an bhFeidhmeannas reatha. Tá a fhios acu go maith gur furasta muinín an phobail a chailliúint ná í a shaothrú; ní neartaíonn an brachán seo a gcás.

Is i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre a chothaigh an UUP míshuaimhneas nuair a thug siad Derek Hussey ar ais mar chomhairleoir áitiúil i ndiaidh tréimhse fionraíochta bliain agus ráithe. In 2016 ciontaíodh é den tríú huair as tiomáint faoi thionchar an óil, cuireadh bac air tiomáint go ceann cúig bliana agus gearradh fíneáil air.

Dá ainneoin sin, chuir an UUP chun cinn é mar iarrthóir anuraidh, toghadh é agus bhí sé ina raic nuair a roghnaíodh é mar Leas-Mhéara Chomhairle Dhoire agus an tSratha Báin. Bhí daoine ar gortaíodh nó ar maraíodh a muintir i dtimpistí bóthair ar buile.

De bharr na conspóide dhícháiligh an Coimisinéir um Chaighdeáin sa Rialtas Áitiúil an Comhairleoir Hussey ar feadh 15 mí ó mhí Iúil anuraidh. Tubaiste phearsanta d’fhear a raibh blianta fada seirbhíse tugtha aige ach pionós cóir dar leis an gcoitiantacht.

Comhthoghadh fear eile ina ionad agus measadh gurbh in deireadh le saol polaitíochta Hussey. Chomh luath is a bhí an téarma fionraíochta thart, áfach, d’éirigh an comhairleoir comhthofa as oifig agus chuir an UUP Derek Hussey ar ais ar an gcomhairle.

D’éiligh lucht feachtasaíochta ar son sábháilteachta ar na bóithre cruinniú le Steve Aiken, ceannaire an UUP agus míniú ar an scéal. Tá siad fós ag fanacht. Céim eile i gcreimeadh muiníne sa pholaitíocht agus sna polaiteoirí.

Fág freagra ar 'Muinín i bpolaiteoirí – is fusa í a chailliúint ná í a shaothrú'