Muinín caillte agus gan éinne i bhfeighil an tí – an toghchán ó thuaidh

Beagnach trí bliana ó thit feidhmeannas Stormont tá daoine ag rá leo féin go dteastaíonn dream éigin a chur i bhfeighil an tí, bíodh muinín acu astu nó ná bíodh

Muinín caillte agus gan éinne i bhfeighil an tí – an toghchán ó thuaidh

‘Muinín’ an téama mór sa toghchán seo ar fud na Breataine. Níl deireadh le líon na gceisteanna faoin mbeirt atá san iomaíocht do Shráid Downing. An mbeadh muinín agat as Boris Johnson? An mbeadh muinín agat as Jeremy Corbyn? Agus faightear freagra, má fhaightear, bunaithe ar chlaonadh polaitiúil an té atá faoi agallamh.

Tá an scéal i bhfad níos casta i dTuaisceart Éireann. Cén fáth? Mar, faraor, níl muinín ag polaiteoirí ná pobal as a chéile anseo.

Olltoghchán an Bhreatimeachta a baisteadh ar an toghchán seo sna laethanta tosaigh den fheachtas.  Go deimhin, tá comhghuaillíochtaí polaitiúla tagtha chun cinn go háirithe i measc náisiúnaithe nach bhféadfaí a shamhlú roinnt míonna ó shin. An mbeidh toradh orthu?

Chaith mé uair an chloig inné ag éisteacht le ceannaire an DUP Arlene Foster ag freagairt ceisteanna ó phobal an Tuaiscirt. Bhí trácht ar mhuinín go minic. Bhí trácht ar shocrú muiníne agus soláthair Theresa May leis na Tóraithe i ndiaidh olltoghchán 2017. Agus bhí trácht ar easpa muiníne an DUP in Boris Johnson, comharba May, ó loic sé ar an ngeallúint nach mbeadh teorainn custam i Muir Éireann. Ach má tharlaíonn sé go mbeidh smacht ag Arlene Foster ar chinniúint Johnson Dé hAoine ní bheidh sí i bhfad ag dul ina mhuinín in athuair. Go háirithe má tá billiún go leith punt le fáil ó Whitehall.

Ach de réir a chéile tá ceisteanna logánta tagtha go mór chun cinn. Tá os cionn trí chéad míle duine ar na liostaí feithimh sa gcóras sláinte. Tá altraí agus oibrithe eile san earnáil ar stailc arís an dá lá seo agus stailceanna rialta ar bun acu le trí seachtaine ag éileamh comhionannas pá. Tá pobal Thuaisceart Éireann feargach faoin gcóras sláinte. Tá muinín caillte acu sna polaiteoirí, a deir siad, ach ní stopann sin iad ó bheith ag éileamh go mbeadh duine éigin freagrach as cúrsaí.

Beagnach trí bliana ó thit feidhmeannas Stormont tá daoine ag rá leo féin go dteastaíonn duine éigin a chur i bhfeighil an tí. Tá cúrsaí sláinte agus oideachais ina gcíor thuathail anseo. Tá daoine ag éileamh athruithe. Ar ndóigh ní leigheasfaidh Déardaoin tada. Ach Dé Luain seo chugainn cuirfear tús in athuair le babhta nua cainteanna in iarracht na páirtithe a thabhairt le chéile

Sin an uair a mbeidh muinín ag teastáil. Thit an córas as a chéile ceal muiníne. Thit na cainteanna as a chéile ceal muiníne i mí Eanáir 2018. Tá an-chosúlacht ar an scéal go mbeidh dream éigin míshásta cuma cé a bheidh ina Phríomh-Aire. Cé a bheidh in ann an  oiread muiníne a chothú iontu agus a chuirfidh ar a gcumas réiteach a dhéanamh? Nó an gcaithfear géilleadh do mhíshástacht an phobail agus an margadh a dhéanamh?

Is deacair muinín a bheith ag duine go bhfuil a leithéid indéanta.

Fág freagra ar 'Muinín caillte agus gan éinne i bhfeighil an tí – an toghchán ó thuaidh'