Muinín as polaiteoirí? Tá tú ag magadh fúm…

Ní fheidhmeoidh ár gcóras polaitiúil i gceart arís mura féidir an tsnaidhm idir pobal agus polaiteoirí a neartú

23/5/2014 Elections Campaigns

Tá galar gan teorainn ag goilliúint ar thíortha daonlathacha ar fud an domhain, agus muinín an phobail as ionadaithe tofa ag lagú go leanúnach. Ní féidir a rá go bhfuil daonlathas ar bith slán dá cheal.

Seo a leanas trí shampla de leathadh an ghalair:

  1. Léirigh suirbhé a foilsíodh sna Stáit Aontaithe le gairid nach gcreideann fiú fiche faoin gcéad den phobal gur féidir brath air go ndéanfaidh an rialtas i Washington “an rud ceart” de ghnáth (Pew Research Center). I lár an chéid seo caite, nuair a rinneadh an chéad suirbhé dá leithéid, ghlac 75 faoin gcéad leis go ndéanfadh an rialtas an gníomh ceart.
  2. Tá na pobalbhreitheanna Eorpacha a fhoilsíonn ‘Eurobarometer’ sa Bhruiséil ag tabhairt le fios le tamall nach bhfuil muinín ag dhá thrian de mhuintir na hEorpa ar an meán as briathra polaiteoirí. De réir an tsuirbhé is deireanaí, a foilsíodh seachtain ó shin, ar an meán i mballstát an AE, níl muinín ach ag 31 faoin gcéad den phobal as rialtas a dtíre.
  3. In Éirinn, tá an leibhéal mímhuiníne beagáinín níos ísle fiú amháin, de réir an tsuirbhé chéanna ( is féidir teacht air anseo). Ní raibh ach 28 faoin gcéad de na daoine fásta a ceistíodh abhus sásta a rá go raibh muinín acu as ár rialtas.

Anois, ní thógfainn ort é, a léitheoir dhil, dá ndéarfá láithreach ar léamh na sonraí thuas, rud éigin mar seo:

“Ní haon iontas é go bhfuil mímhuinín chomh láidir ná chomh forleathan, tar éis gach ar tharla. Méadú leanúnach ar cháin, ar dhífhostaíocht (go dtí le gairid), ar bhochtaineacht agus ar eisimirce. Seirbhísí poiblí á síorchiorrú. Tithe do-dhíolta ar feadh i bhfad, agus do-aimsithe anois. Ceap magaidh de chách déanta ag na bainc. Fiacha as cuimse curtha acu orainn go léir. Cé mhéad cúis mímhuiníne eile atá uait?”

Is liosta réasúnta é, ach is ar thionchar mímhuiníne seachas a cúis atáim ag díriú anseo. Ní féidir le córas polaitiúil feidhmiú go héifeachtach mura bhfuil muinín as a chéile agus as an gcóras ag móramh ar a laghad.

Baineann an riachtanas céanna le gach córas riaracháin nó gnó. Samhlaigh, mar shampla, an chontúirt a bheadh ag bagairt ar thraenacha Iarnród Éireann mura mbeadh muinín ach ag 28 faoin gcéad den fhoireann as na bainisteoirí.

Is é cás na Gearmáine idir 1918 agus teacht i gcumhacht Adolf Hitler mar Sheansailéir i 1933 an sampla is scanrúla de mheath mhuinín an phobail as an ngnáthchóras polaitiúil. Ní féidir cúrsaí na hÉireann, na hEorpa ná na Stát Aontaithe a chur i gcomparáid fós leis an tréimhse sin.

Mar sin féin, bheadh imní ar mhórán, sílim, dá mbeadh na huachtaráin Trump, Le Pen agus Putin ag iarraidh cúrsaí Shiria a réiteach i 2017.

Gan amhras, is é príomhbhua an daonlathais gur féidir leis teacht slán i gcónaí, fiú go déanach. Ní léir dom, áfach ach trí bhealach éalaithe ón duibheagán mímhuiníne ina bhfuil go leor tíortha daonlathacha sáinnithe le tamall:

  1. Feabhsú leanúnach eacnamaíochta;
  2. Athrú suntasach ar pholasaithe;
  3. Athrú suntasach ar phearsanra;
  4. Meascán éigin de na pointí thuas, nó;
  5. Réabhlóid (rogha nach bhfuil romhainn abhus sa ghearrthéarma, dar leis an gcolúnaí seo).

Pléifear an t-ábhar seo sa cholún seo arís tar éis an olltoghcháin.

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTÉ Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Muinín as polaiteoirí? Tá tú ag magadh fúm…'

  • padraig

    Grma a Chathail as an gcolun smaointeach, dea-scriofa, neamhchlaon a sholathraionn tu i gconai. Is baolach go bhfuil fior dhroch-mheas ar an lucht polaitiochta ar fud na cruinne. An doigh leat go bhfuil an mhimhiunnin sin nios measa anois na riamh? Is leir ar a shon sin go raibh drochamhras ag daoine ar a cheile go hairithe ar lucht an chinsil siar sa seanreacht fiu. Cuimhnigh ar Diogenes na Greige 412-323 roimh Chriost a bhiodh ag mainneail leis timpeall na hAithne i lar an lae ghil agus lochrann aige -mar dhea- chun eolas na sli a dheanamh do fein. Nuair a fhiafraiti dhe cad a bhi ar siul aige is e deireadh se ‘Taim ag iarraidh duine macanta amhain fein a fhail fiu.’ Bheadh feidhm air a leitheid sin a fhail ar na saolta seo leis, ar mh’anam.

  • Pádraig Ó Cíobháin

    An fhadhb a bhaineann le tuairimíocht Uí Choille et al go ndeirid gur ‘liosta réasúnta’ na cúiseanna áirithe thuas aige leis an mímhuinín i bpolaiteoirí nuair gur maith is eol dó ná fuil iontu ach cníopairí ná fuil uathu ach a sochar féin chun dochair do shaoránaigh. Cuireann an tuairimíocht phatuar so soir mé, curtha i bhfriotal ‘réasúnta’ na bpolaiteoirí féin. Labhrann iriseoirí na meán choinbhinseanta ar a gcuma is ar a son ina gcuid píosaí apologiae, an chúis ar thuairimíocht an ghnáthdhuine ar na meáin shóisialta is mó aird anois. Iad féin a chuirfidh deireadh leis na meáin chraolta agus chlóite dá n-oibríd chionn a gcuid bolscaiteachta ar son na heilíte lena mbainid.