Muineachán ag súil go seasfaidh a dtaithí dóibh in aghaidh Dhoire

Tabharfaidh An Mhí agus Áth Cliath aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh i ndiaidh an chluiche idir Cill Dara agus an Iarmhí

Muineachán ag súil go seasfaidh a dtaithí dóibh in aghaidh Dhoire

Doire v Muineachán – Páirc Lúthchleasaaíochta, 4pm (Beo ar BBC)

Thiar in 2009 an uair dheireanach ar chas Doire agus Muineachán ar a chéile sa chraobh agus, aisteach go leor, chasadar ar a chéile faoi dhó an samhradh sin. Bhuaigh Doire an dá chluiche, cluiche ceathrú ceannais Uladh agus cluiche sna babhtaí cáilithe.

Níl aon amhras ach gur fearr a d’éirigh le Muineachán ó shin, iad aitheanta mar cheann de na foirne is fearr sa tír le deich mbliana anuas agus cúpla Craobh Uladh tugtha leo acu. Ach beidh Doire lán de mhuinín agus iad ag teacht go hArd Mhacha inniu.

Bhí feachtas maith sraithe ag Doire i Roinn 2 i mbliana agus mí-ádh orthu gan ardú céime a bhaint amach. Thóg siad ar an obair sin cúpla seachtain ó shin nuair a thugadar taispeántas cumasach chun seaimpíní na hÉireann, Tír Eoghain, a chloí sna babhtaí ceathrú ceannais.

Bhí Conor Doherty ar fheabhas ar fad sa chluiche sin ach tá imreoirí maithe ar fud na páirce ag Doire. Cosantóirí den scoth iad Chrissy McKaigue agus Brendan Rogers, tá Conor Glass ar fheabhas i lár páirce agus tá Shane McGuigan, Benny Heron agus Niall McLoughlin breá ábalta scóranna a fháil.

Is cinnte go raibh súil ghéar ag Muineachán ar an mbua sin in aghaidh Thír Eoghain, áfach, agus ní thiocfaidh  Doire aniar aduaidh orthu. Cé go ndeirtear nach bhfuil Muineachán baileach chomh maith agus a bhí siad cúpla bliain ó shin, ní hin le rá go bhfuil an tóin tite ar fad astu, ná baol air.

Chaithidís Áth Cliath a bhualadh sa bhabhta deireanach den tsraith le fanacht i Roinn 1 ach bhíodar ceannasach go maith in aghaidh an Dúin ina gcéad chluiche craoibhe. Ba é Jack McCarron an t-imreoir ab fhearr ar an bpáirc an lá sin –  seacht bpointe a fuair sé – agus tá an chuma ar an scéal gur airsean is mó atá an dualgas scóranna a aimsiú. Fuair Conor McManus ceithre phointe sa chluiche sin, trí cinn acu ó chiceanna saora agus idir McManus, McCarron, Aaron Woods, Kieran Hughes agus Conor McCarthy, tá roghanna ag Muineachán i measc na dtosaithe.

Tá siad láidir go maith freisin sna cosantóirí agus leithéidí Ryan McAnespie, Dessie Ward, Ryan Wylie agus Kieran Duffy acu. Ba cheart go mbainfí leas as an taithí sin atá acu tráthnóna chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Uladh in aghaidh Dhún na nGall.

Cill Dara v An Iarmhí – Páirc an Chrócaigh, 2.15pm

Is iad Cill Dara rogha láidir na coitiantachta chun an chéad cheann de chluichí leathcheannais Laighean a thabhairt leo ach b’fhéidir nach mbeadh sé chomh héasca acu an ceann is fearr a fháil ar an Iarmhí agus a cheapann daoine.

Cinnte, coimhlint í seo idir foireann a bhí i Roinn 1 na sraithe i mbliana agus ceann eile a bhí i Roinn 3 ach níl bearna ollmhór idir na foirne, mar a léiríodh i gCraobh Laighean anuraidh. Chas Cill Dara agus an Iarmhí ar a chéile i mbabhtaí leathcheannais an chomórtais anuraidh freisin. Bua dhá phointe a bhí ag Cill Dara ach bhí na foirne cothrom go maith i rith an chluiche. Ba é an cúl gleoite a scóráil Daniel Flynn a bhí cinniúnach agus seans go mbeidh gaisce dá leithéid ag teastáil arís inniu. 

Is é John Heslin laoch na hIarmhí agus fuair sé 1-5 sa bhabhta deireanach in aghaidh an Longfoirt ach tá Flynn, Kevin Feely agus a leithéidí ag Cill Dara agus painéal níos láidre acu freisin. Scóráil Jimmy Hyland agus Ben McCormack naoi bpointe in aghaidh chontae Lú agus tháinig Darragh Kirwan isteach mar ionadaí sa chluiche céanna agus fuair sé 1-3. 

Áth Cliath v An Mhí – Páirc an Chrócaigh, 4.30pm

Tar éis droch-earrach a chur díobh, chuir an bua in aghaidh Loch Garman sna babhtaí ceathrú ceannais peileadóirí Átha Cliath ar an mbóthar ceart arís agus léirigh go mbeidh tionchar ag foireann Dessie Farrell ar chraobh na bliana go fóill.

Bhí lucht leanta na Dubs, agus an bainisteoir féin seans, ag súil go mór le filleadh Con O’Callaghan ar an bhfoireann agus thaispeáin fear Chuala a thábhachtaí agus atá sé nuair a d’aimsigh sé 1-6 in aghaidh Loch Garman. Bhí Brian Fenton ar ais ar a sheanléim chomh maith, cé go gcaithfear a rá go raibh Loch Garman an-lag. Mar sin féin, tabharfaidh an bua misneach d’fhir na príomhchathrach tar éis deacrachtaí na sraithe.

Beidh siad ar ais i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus contae na Mí rompu. Tá an ceann is fearr faighte ag Áth Cliath ar a gcomharsana gan stró le blianta fada agus léiríodh an bhearna idir na foirne anuraidh nuair a measadh gur chruthaigh an Mhí go maith cé gur chaill siad le sé phointe.

Cé go bhféadfaí a rá go bhfuil Áth Cliath tite ar gcúl ó shin, fiú i ndiaidh an taispeántais in aghaidh Loch Garman, níl an chuma ar an scéal go bhfuil an bhearna laghdaithe ag an Mhí agus beidh tráthnóna deacair eile rompu inniu.

Fág freagra ar 'Muineachán ag súil go seasfaidh a dtaithí dóibh in aghaidh Dhoire'