‘Mugadh magadh gur deineadh scagadh roimh ré ar cheisteanna na nAirí ar Today with Seán O’Rourke’ – McGrath

Léiriú é go bhfuil fonn ar an rialtas díospóireachtaí poiblí a smachtú gur iarradh ceisteanna agus gur ullmhaíodh freagraí roimh chlár RTÉ, a deir urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil

14/10/2015. RTE 1 - Budget interview. The Fine Gael Minister for Finance Micheal Noonan, Presenter Sean O Rourke and the Labour Party Minister for Public Expenditure and Reform Brendan Howlin ahead of answering questions on the budget on the Sean O Rourke show in RTE Radio studios this morning. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie
Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

‘Mugadh magadh’ na focail a d’úsáid an Teachta Dála, Michael McGrath chun cur síos a dhéanamh ar an scéal gur iarradh cóip roimh ré de chuid de na ceisteanna buiséid a cuireadh ar Airí Rialtais ar an gclár Today with Seán O’Rourke.

Tuairiscíodh níos túisce inniu gur iarr comhairleoirí Michael Noonan agus Breandan Howlin go ndéanfaí cóip de na ceisteanna a d’fhiafrófaí den bheirt ar chlár RTÉ a chur ar fáil dóibh roimh ré sa tslí is nach dtiocfaí aniar aduaidh orthu.

“This morning’s report by Ellen Coyne in The Times Ireland gives a fascinating insight in to the governments spin operation in action. In fact, it reads like a script from a comedy. However, the issue of public scrutiny of Ministers and policy choices could not be more serious,” a dúirt McGrath, urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil.

Dúirt McGrath freisin go bhfuil sé ‘dochreidte’ go n-éileodh comhairleoirí aire go bhfaighidís cóip de cheisteanna, focal ar fhocal, sa tslí is go bhféadfaí freagraí a chlóscríobh agus go bhféadfadh na hAirí iad a léamh amach ar an aer.

Tuairiscíodh nach rachadh na hAirí ar an gclár mura bhfaighidís cóip de na ceisteanna roimh ré.

“If this is true, RTÉ should have called their bluff, cancelled the phone in show and issued a public statement as to why it had to be cancelled,” a dúirt McGrath.

Ag caint dó faoin tuiscint a bhíodh aige féin ar Today with Seán O’Rourke, dúirt McGrath go raibh de shoineantacht aige a chreidiúint gur cur chuige ionraic, macánta a bhí i gceist agus go bhfaigheadh an pobal deis ceisteanna de shaghas ar bith a chur ar pholaiteoirí i dtaobh an Bhuiséid.

“I have no idea whether this kind of screening of questions went on in the past but I am happy to confirm that, if I were ever given the privilege of being Minister for Finance, I would take post-Budget questions live on air without advance notice of the questions and would simply do my best to answer them,” a dúirt urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil.

Fág freagra ar '‘Mugadh magadh gur deineadh scagadh roimh ré ar cheisteanna na nAirí ar Today with Seán O’Rourke’ – McGrath'