‘Mothaím níos éadroime inniu ná a mhothaigh mé ó thosaigh an phaindéim seo’ – dalta Ardteiste

Cuireann dalta Ardteiste síos ar na deacrachtaí a bhí le sárú ag daltaí áirithe atá faoi mhíbhuntáistí sláinte nó teicneolaíochta le linn na géarchéime agus an faoiseamh mór atá uirthi go bhfuil na scrúduithe curtha ar ceal

‘Mothaím níos éadroime inniu ná a mhothaigh mé ó thosaigh an phaindéim seo’ – dalta Ardteiste

Tá faoiseamh an domhain orm agus é fógartha go gcuirfear an ardteist ar ceal agus go mbeidh torthaí réamh-mheasta á mbronnadh orainn. Mothaím níos éadroime inniu ná mar a mhothaigh mé ó thosaigh an phaindéim seo. Tá cothrom na Féinne faighte againn sa deireadh thiar thall.

Nílim cinnte cén fáth ar thóg sé an méid sin ama an cinneadh ceart cóir a dhéanamh ach dá fhad oíche tagann lá agus buíochas le Dia go bhfaca na polaiteoirí an solas.

Bhí muidne, lucht na hArdteiste 2020, idir dhá thine Bhealtaine ar feadh i bhfad.

Is cosúil le maratón í an ardteistiméireacht, maratón ar cuireadh fad breise leis nuair a fógraíodh ar an 10 Aibreán nach mbeadh na scrúduithe ag tosú go dtí deireadh mhí Iúil.

Bhí an chríoch le feiceáil againn ach go tobann bhíomar ar thalamh nár aithin muid. Tuigimse nach raibh aon réiteach foirfe le fáil ach ceann de na roghanna ba mheasa dar liomsa ná na scrúduithe a chur siar.  Ní féidir a shéanadh ach go raibh tionchar ollmhór ag an gcinneadh sin ar mheabhairshláinte na n-óg.

Bhí muid go léir buartha faoi shláinte ár ngaolta, faoi chúrsaí airgeadais agus iliomad rud eile, gan faic a rá faoin diabhal Ardteist.

Is í seo an bhliain ar léiríodh an deighilt idir scoileanna éagsúla go follasach don saol mór.

Is dalta Ardteiste mé agus tá cónaí orm faoin tuath áit nach bhfuil an ceangal idirlín rómhaith.

Nílim in ann m’obair bhaile a sheoladh chuig na múinteoirí ar líne. Bíonn orm mo chuid oibre a sheoladh sa phost agus fanacht ar feadh seachtaine chun aon aiseolas a fháil.

Anuas air sin, ceist a d’fhreagrófaí laistigh de 30 soicind sa rang, tógann sé cúpla uair an chloig ar a laghad le freagra a fháil na laethanta seo. Níl aon locht ar na múinteoirí, tá siad ag déanamh a seacht ndícheall dúinn, ach tá scoláirí na tuaithe faoi mhíbhuntáiste de bharr córas easnamhach idirlín.

An gceapann tú go mbeadh na torthaí céanna againn agus a bheadh ag na daltaí a bhí in ann foghlaim ar líne gan mórán stró sa bhaile?

Anois céard faoi dhaltaí atá faoi mhíchumas? Tá tinneas fadtéarmach ag dul dom féin agus sin an chúis go raibh orm scrúdú na hArdteiste a athdhéanamh i mbliana.

Bíonn daltaí cosúil liomsa faoi mhíbhuntáiste gach aon bhliain ach ba mheasa ár gcás i mbliana ná riamh. Níl raibh a fhios againn cén bhail a bheadh orainn faoin tráth a mbeidh an scrúdú ar siúl. Mar bharr ar an donas, tá a lán suíomh gréasán oideachasúil doghluaiste agus as rochtain daltaí atá ar lagamharc nó bodhar.

D’imigh an bhliain seo ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach agus bhí daltaí na hArdteiste fágtha sáite ina lár. Is cinnte go mbeidh fadhbanna is dúshláin ag baint le torthaí réamh-mheasta ach taibhsítear domsa nach raibh dóthain díospóireachta faoi sin ná faoi aon réiteach eile, agus nár aithníodh an strus breise a cuireadh ar dhaltaí.

– Dalta Ardteiste í Cáit Ní Ghacháin i Meánscoil Naomh Iósaf, Béal Easa, Contae Mhaigh Eo

Fág freagra ar '‘Mothaím níos éadroime inniu ná a mhothaigh mé ó thosaigh an phaindéim seo’ – dalta Ardteiste'