‘Mothaím go mbíonn flow deas i gceist nuair a mheascann tú an dá theanga’ amhrán úr rap eisithe ag Gael óg as Béal Feirste

Seo an chéad singil le Big Don 028, rapaire as iarthar Bhéal Feirste, ar a EP nua ‘More Blacks, More Dogs, More Irish’ a eiseofar ag tús na míosa seo chugainn

‘Mothaím go mbíonn flow deas i gceist nuair a mheascann tú an dá theanga’ amhrán úr rap eisithe ag Gael óg as Béal Feirste

Tá físeán agus rap úr ‘Coimhéad an Cú’ eisithe ag Gael óg Feirsteach.

Seo an chéad singil le Big Don 028, rapaire as iarthar Bhéal Feirste, ar a EP nua More Blacks, More Dogs, More Irish a eiseofar ag tús na míosa seo chugainn.

Ag labhairt do le Tuairisc.ie, dúirt Big Don 028, a bhain céim sa Ghaeilge amach in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin, gur amhrán é ‘Coimhéad an Cú’ faoina chúlra Gaelach agus an gnáthshaol atá aige i mBéal Feirste.

“Is Gael mé agus tá suim agam sa mhiotaseolaíocht, scéalta de chuid na Fiannaíochta go háirithe agus cluinfidh tú cuid de sin sna hamhráin agam.

“Bím ag cumadh agus ag ceol i nGaeilge agus i mBéarla agus mothaím go mbíonn flow deas i gceist nuair a mheascann tú an dá theanga,” a dúirt an rapaire.

Cé go bhfuil an Gael óg ag cumadh ceoil agus filíochta le blianta, seo an chéad iarracht atá déanta aige a chuid ceoil a chur i measc an phobail.

Dúirt Big Don, a d’fhreastail ar ghaelscoil in iarthar Bhéal Feirste, go bhfuil sé ag iarraidh a léiriú gur “teanga bheo í an Ghaeilge”, amhail Kneecap, rapairí óga eile as Béal Feiste.

“Is breá liom Kneecap, seans go bhfuil mé níos dáiríre ná iadsan ar bhealach, ach spreag siad go mór mé chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge agus mo chuid ceoil a chur amach.”

Cúntóir ranga é an rapaire Big Don 028 i nGaelscoil i mBéal Feirste agus bíonn sé ag obair chomh maith i bpizzaria sa chathair.

Eiseofar amhrán dátheangach eile de chuid Big Don 028 go luath, amhrán dar teideal ‘Faces’, a dhíríonn ar “na haghaidheanna éagsúla” a bhíonn air.

Fág freagra ar '‘Mothaím go mbíonn flow deas i gceist nuair a mheascann tú an dá theanga’ amhrán úr rap eisithe ag Gael óg as Béal Feirste'