Thiar i mí Aibreáin a deimhníodh go bhfuil an galar Alzheimer ar mo mháthair, ach ós rud é go bhfuil cónaí uirthise san Ísiltír agus ormsa sa Bhrasaíl, ní fhaca mé san fhíorshaol í go dtí an tseachtain seo caite, nuair a thrasnaigh sí féin agus a deirfiúr an tAtlantach le cuairt a thabhairt orm.
Labhair mé le mo mham ar FaceTime nach mór chuile lá beo ó bhí mí Aibreáin ann, ach ní hionann an saol fírinneach agus físchomhrá. Tháinig an claochlú atá tagtha uirthi le tamall de mhíonna anuas aniar aduaidh orm.
Tá cuid den chlaochlú sin an-fheiceálach.
Bíonn fuadar fúithi go síoraí seasta, ag siúl sall is anall idir sheomraí éagsúla an tí ar thóir rudaí a cheapann sí atá imithe ar strae nó atá imithe ar strae dáiríre. Ní stopann sí ach ag cuardach a cuid pócaí.
Ach is sa teagmháil phearsanta is géire a mhothaím an t-athrú atá ag teacht uirthi.
Lá nó dhó tar éis di féin agus m’aintín an Bhrasaíl a bhaint amach, tháinig mé ar mo mháthair agus í ina luí ar a leaba, í ar a taobh, a glúine cúbtha chuici agus haghaidh i bhfolach faoina leathlámh. Shuigh mé síos in aice léi agus d’fhiafraigh di céard a bhí cearr.
‘Mothaím ar nós nach ann dom ar chor ar bith. Bíonn sibh ag caint eadraibh féin agus fágann sibh mise amach as an gcomhrá.’
Baineadh geit mhór mhillteach asam. Ní raibh rud ar bith dá shórt á dhéanamh agam féin agus ag m’aintín – go bhfios dom, pé scéal é.
Thug mé barróg do mo mham agus mheall amach as an seomra codlata agus ar ais sa seomra suí í, áit ar ghlac sí páirt sa chomhrá arís go drogallach, pus uirthi mar a bheadh ar pháiste a bheadh tar éis ligean le racht goil. Chaith mé féin agus m’aintín an chuid eile den lá ag siúl ar uibheacha agus ag déanamh iontais cén fáth ar mheas mo mháthair go raibh muid ag déanamh neamhairde di nuair nach raibh.
An oíche sin, tuigeadh dom cén fáth.
Caithfidh sé go bhfuil oiread meatha tagtha ar chumas intinne mo mháthar le cúpla mí anuas nach bhfuil sí in ann coinneáil suas le gnáthchomhrá a thuilleadh.
Tá tréaniarracht á déanamh agam ó shin i leith mo chuid cainte a choinneáil simplí – ach ag an am céanna, gan labhairt léi mar a labhrófá le páiste.
Déanaim mo dhícheall mo chuid abairtí a choinneáil gairid agus gonta agus gan a chur i ngach aon cheann acu ach mír eolais amháin. Níl sé sin éasca, óir is geall le ‘siúl ar uibheacha’ an fhéinphóilíneacht teanga seo ar bhealach – ach b’fhearr liom i bhfad an strus breise sin ná mo mháthair a fheiceáil ag fulaingt.
Edel
Galar uafásach is ea é – bhí sé ag mo dhaideo blianta ó shin. Ar a laghad, tá a fhios ag an údar céard atá mícheart agus is féidir leis iarracht a dhéanamh a saol a dhéanamh níos compordaí. Nuair a bhí an galar ar mo dhaideo, na nóchaidí a bhí ann, agus níor thuig an chlann céard ba cheart dúinn a dhéanamh. Chuir sé sin leis an strus ar fad.
Go n-éirí leat ar an mbóthar fada atá romhat, a Alex. Bí cineálta do do mham, cinnte, ach ná déan dearmad a bheith cineálta duit féin freisin.
Seán Míchaél Ó Donnchadha
Galar tubaisteach.Ta suil agam Alex go n-éireoidh leat agus do mháthair dul i ngleic leis.