Moslamach óg cumasach agus Gaeilgeoir í Fadilah Salawu – bímis ag súil go rachaidh sí leis an bpolaitíocht…

Tugadh cuireadh dár gcolúnaí an tseachtain seo freastal ar ‘Iftar’ – béile speisialta a bhíonn ag Moslamaigh i ndiaidh thitim na gréine

Moslamach óg cumasach agus Gaeilgeoir í Fadilah Salawu – bímis ag súil go rachaidh sí leis an bpolaitíocht…

Mairéad Ní Nuadháin agus Fadilah Salawu

Tá Ramadan beagnach thart. Thosaigh sé i mbliana i lár mhí na Bealtaine agus chríochnaigh sé inné. Tugadh cuireadh dom féin an tseachtain seo freastal ar ‘Iftar’ – béile speisialta a bhíonn ag Moslamaigh i ndiaidh thitim na gréine. Bhí mé ar cuairt cheana ag an Mosc i gCúil Mhín, gar do Bhaile Blainséar, ach ba é seo an chéad uair riamh dom freastal ar ‘Iftar’.

Bhí Ramadan go mór faoi thrácht cúpla seachtain ó shin nuair a bhí foireann Learphoill ag druidim i dtreo Chluiche Ceannais Shraith na Seaimpíní. Bhí imní ar dhaoine go mbeadh an sárimreoir Mo Salah ag déanamh troscaidh lá an chluiche mhóir. Bhí gach tráchtaire ina shaineolaí ar rialacha Ioslaim agus fios acu nach bhfuil cead ag Moslamaigh tada a ithe ná a ól -fiú amháin uisce- i rith an lae le linn Ramadan.

Is cosúil gur tugadh cead speisialta do Mo cuid den troscadh a chur ar athló agus é a chomhlíonadh níos deireanaí.

Nuair a thiteann Ramadan sa samhradh, go háirithe i dtíortha i dtuaisceart na hEorpa, mar a mbíonn an lá fada, bíonn an troscadh sách deacair ar dhaoine. Nuair a shiúil mé féin isteach sa mhosc (cosnochta ar ndóigh), bhí ar a laghad dhá bhéile ite agam an lá sin agus buidéal uisce i mo ghlac agam de bharr theas an lae.

Fearadh na mílte fáilte roimh na cuairteoirí ar fad. Deis a bhíonn san ‘Iftar’ go minic casadh le daoine a bhfuil creideamh eile acu agus bhí cuairteoirí speisialta ann an oíche sin. Casadh duine ón gcreideamh ‘Mormon’ orm, bhí séiplíneach ón Eaglais Mheitidisteach i DCU ann, agus chas mé freisin ar mo shean-chomhghleacaí Ann Marie Hourihane, a bhí ansin thar ceann an phobail Bhúdaigh in Éirinn.

Ach ba é aoi speisialta na hoíche ná fear a bhfuil aithne ag chuile dhuine anois air, Tomi Reichental, Giúdach a mhair mar ghasúr i mBergen-Belsen agus atá ina chónaí in Éirinn ó na 1950idí i leith. Thug siad cuireadh do Tomi freastal ar an Mosc nuair a bhí sé ag ceiliúradh a lá breithe (80 bliain) trí bliana ó shin agus bhí an radharc sin sa scannán faisnéise Condemned to Remember.

Thug Tomi caint an-phaiseanta ag an ‘Iftar’ faoin leatrom atá á déanamh ar theifigh sa lá atá inniu ann ar fud an domhain. Scéal é seo ar ndóigh atá go mór sa nuacht faoi láthair. ‘Tá na teifigh á gcur ó dhoras,’ a dúirt Tomi. ‘Agus bhí sé amhlaidh domsa agus do mo mhuintir tráth.’

Theith Tomi faoi dhó óna thír dhúchais – uair amháin ó na Naitsithe agus arís eile ó na Cumannaigh.

Bhí gach éinne ag fanacht go ciúin agus go foighdeach ar luí na gréine. Ní raibh faic le n-ithe ná le n-ól acu ó 4 am. Ach bhí na cainteoirí ar fad ar fheabhas.

Shaykh Umar Al Qadri, an Imam atá i gceannas ar an Mosc seo i gCúil Mhín. Is istigh i sean-mhonarcha atá an mosc ach tá an leagan amach traidisiúnta le cairpéid ann agus gan mórán troscáin le feiceáil. Tháinig Shaykh Umar ón Ísiltír agus is ón bPacastáin dá mhuintir. Tá a athair fós san Ísiltír agus cé nár éirigh lena athair an teanga sin a fhoghlaim, is san Ollainnis a labhraíonn Umar lena dheartháir agus is trí Bhéarla, den chuid is mó, a chaitheann sé a shaol anois. Fear mór sna meáin é agus mholfainn d’éinne atá ag iarraidh a fháil amach cén sórt fear é, súil a chaitheamh air sa seó teilifíse The Tommy Tiernan Show, RTÉ One (Féach ar YouTube.)

Chuirfeadh sé iontas ar dhuine a bheadh ag súil go mbeadh na mná faoi cheilt nó go deimhin faoi chois, iad a fheiceáil i lár an aonaigh an oíche sin ag an Iftar.

An bhean óg a chuir an ócáid i láthair – Kashmira Zahoor – bhí sí ábalta, deisbhéalach, dea-ghiúmartha. Labhair mé léi nuair a bhíomar réidh le himeacht. Bhí sí faoin am sin ag cur agallaimh ar roinnt de na cainteoirí agus ceamara físe lena taobh. Nílim cinnte an raibh aon cheo ite fós aici. D’inis sí dom go ndearna sí céim sa mbith-theicneolaíocht in Ollscoil Mhá Nuad agus go raibh sí ag obair anois le comhlacht i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Duine de na cainteoirí a chuir Kashmira i láthair ab ea Fadilah Salawu. Rinne sí óráid bhreá faoina stádas mar ‘dhuine’ agus mar ‘Mhoslamach’. ‘Is duine ar dtús mé,’ a dúirt sí leis an lucht féachana mór. Faoin tráth seo bhí slua mór de phobal Moslamach na háite tar éis teacht isteach do na paidreacha agus don bhéile.

Thapaigh mé mo dheis labhairt le Fadilah nuair a tháinig sí anuas chuig a máthair agus a beirt deirfiúracha. Bhí mé cinnte gur bean óg sna fichidí, b’fhéidir, a bhí inti agus í ag obair ar nós Kashmira. D’inis sí dom go raibh sí ag déanamh staidéar ar pholaitíocht agus socheolaíocht – ach bhain sí siar asam nuair a d’inis sí dom gur ag dul isteach san Ardteist atá sí i bPobalscoil Chill Dhéagláin, i gCo na Mí.

‘Agus dúradh ansin go raibh Gaeilge agat,’ a dúirt mé féin. ‘Ó sea,’ a dúirt sí, ‘tá an-suim agam sa Ghaeilge.’ Agus d’iompaigh sí ar an nGaeilge ar an toirt. Nuair a chonaic mé píosa fúithi ar líne níos déanaí, dúirt sí gur breá léi ‘An Ghaeilge, Español, ede Yoruba agus Béarla’.

D’fhiafraigh bean a bhí ag dul tharainn an ndearna sí ‘Ted Talk’ fós. ‘No, but it’s on my bucket list,’ arsa Fadilah agus í lándáiríre.

Bígí ag faire amach di – agus tá mise ach go háirithe ag súil go ngabhfaidh sí isteach sa bpolaitíocht – tá géarghá againn lena leithéid.

(Bhí an béile go hiontach.)

Fág freagra ar 'Moslamach óg cumasach agus Gaeilgeoir í Fadilah Salawu – bímis ag súil go rachaidh sí leis an bpolaitíocht…'

  • An Theanga Bheo

    Éire nua silim agus gan fiú is aifreann againn ar an Domhnach anois I seipeil airithe ?

    Cá bhfuil ag dhul ar chúl ??????