Mórtas thóin gan taca na Sasanach sa Mhuir Dhubh

Leanfar leis an gcaint dhána ó am go chéile, ach tá acmhainní nádúrtha na Rúise ag teastáil ón Eoraip

Mórtas thóin gan taca na Sasanach sa Mhuir Dhubh

An HMS Defender. Pictiúr: Defence Images

Bhí sé ar nós sceitse grinn as Monty Python nuair a threabh long chogaidh de chuid na Breataine na farraigí amach ó chósta na Crimé, ar cuid den Rúis anois é, d’aon turas le fearg na Rúiseach a spreagadh.

Thoiligh na Rúisigh freagra a thabhairt agus chaith siad roinnt buamaí i dtreo na loinge cogaidh. Ábhar grinn? Ach ábhar contúirte freisin.

Bhí na Sasanaigh ag iarraidh a thaispeáint don domhan gur fórsa neamhspleách iad nach nglacfadh le fógra na Rúise gur leo an Chrimé agus go raibh an misneach acu dul isteach sna farraigí a mhaíonn na Rúisigh gur leosan iad. Dúshlán don mhaíomh sin ab ea é.

Ach má bhí na Sasanaigh ag súil go bhfaighidís moladh óna gcuid comhghleacaithe, bhí dul amú orthu. D’fhan siad go léir, fiú na Stáit Aontaithe, ina dtost.

Tost iomlán a bhí ann nuair a d’fhógair na Rúisigh go gcuirfidís go tóin poill aon long eile a dhéanfadh a leithéid.

Ach ní shin deireadh na heachtra, nó leis an ábhar grinn.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, d’fhág státseirbhíseach éigin cáipéisí rúnda ag stad bus i Sasana. Cáipéisí a léirigh gur ar ordú Boris Johnson féin a thug an long chogaidh faoin iarracht bhagrach sin. Léirigh na cáipéisí rúnda céanna go raibh pleananna ag na Sasanaigh leanúint ar aghaidh lena gcuid gníomhaíochtaí san Afganastáin in ainneoin an chomhaontaithe idir an Taliban agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go n-imeodh fórsaí an iarthair as an tír sin.

Ní nuacht dúinne in Éirinn nach fiú tráithnín geallúint na Sasanach, ach fianaise faoin gcaimiléireacht ghránna seo a fhágáil ag stad bus?

Tá sé fógartha ag Joe Biden, ar ndóigh, go bhfuil Meiriceá ar ais, ach is cosúil nach bhfuil a fhios aige cé acu is fearr dó a dhéanamh, a chuid bagairtí a dhíriú ar an Rúis nó ar an tSín.

Níl a fhios ag an Aontas Eorpach ach an oiread, ach tá na Gearmánaigh meáite ar dhul ar aghaidh leis an scéim Nordström 2 a thabharfadh gás nádúrtha go díreach ón Rúis isteach sa nGearmáin, beag beann ar an Úcráin is ar an bPolainn.

Bhí na Meiriceánaigh ag iarraidh ar an nGearmáin gan dul ar aghaidh leis an gconradh sin agus gás níos daoire a cheannach ó SAM. Níl Merkel nó an CDU ag éisteacht leo.

Tá seans beag amháin ann ámh go gcuirfear deireadh leis an gconradh, mar tá Glasaigh na Gearmáine i gcoinne na scéime – ar an ábhar gur chóir dúinn níos lú foinsí neamh-inbhuanaithe a úsáid.

Ach tá fimíneacht ag baint leis an seasamh sin, mar tá siad ag rá gur chóir an gás a fháil ó SAM, tír a chleachtann fraiceáil nó scoilteadh hiodrálach le gás a chruthú.

Tá an Rúis in ainm agus a bheith ag crith le heagla faoi bhrú na smachtbhannaí, ach bhí freagra simplí acu ar an gcaint seo ag na Glasaigh.

Níl aon stoc gáis san iarthar faoi láthair, agus tá an t-éileamh ag dul i méad. Roimhe seo bhíodh na Rúisigh sásta tuilleadh gáis a dhíol thar mar a bhí socraithe sna conarthaí a bhí acu.

Ach an uair seo tá siad ag diúltú aon ghás breise a sholáthar, agus mar thoradh air sin tá praghas an gháis ag dul in airde (fiú praghas an gháis atá ag teacht ón Rúis faoi láthair). Tá na Rúisigh ag cur go mór lena gcuid easpórtála go dtí an tOirthear.

Go deimhin, tá na Rúisigh ag taispeáint nach bhfuil siad ag brath ar an iarthar, go bhfuil a rogha margaí acu agus nach féidir lena gcuid gcomhpháirtithe cluichí a imirt leo.

Is cosúil go dtuigeann an Ghearmáin an scéal sin, fiú más mian leis na Glasaigh ansin cluiche an chogaidh fhuair a imirt arís.

Ach an dtuigeann na Sasanaigh an scéal?

Go deimhin is ceap magaidh iad os comhair an tsaoil mhóir mar gheall ar a gcuid amaidí sa Mhuir Dhubh agus go háirithe mar gheall ar chailliúint na gcáipéisí rúnda. Ach níl rian den tuiscint sin le tabhairt faoi ndeara i nuachtáin mhóra na Breataine ar nós an Daily Telegraph agus an Financial Times.

A mhalairt. Tá lucht léite na nuachtán sin ag rá gur ceart tabhairt faoin mBéar ina dhúiche féin agus a léiriú nach bhfuil an Bhreatain Mhór (leagann siad béim ar an bhfocal ‘mór’) sásta géilleadh don sotal Rúiseach.

Ach ar ais sa saol mar atá, is cosúil go bhfuil ceacht á fhoghlaim acu.

Leanfar leis an gcaint dhána ó am go chéile, cinnte, ach tá acmhainní nádúrtha na Rúise ag teastáil ón Eoraip (is é sin an Ghearmáin) agus tuigeann siadsan gur fearr gnó ná caint.

Fág freagra ar 'Mórtas thóin gan taca na Sasanach sa Mhuir Dhubh'

  • Seán Mag Leannáin

    An Daily Telegraph – Skibbereen Eagle na Breataine!