Mórshiúl ‘Beo – Gaelach agus Bródúil’ séidte ar aghaidh go dtí mí Aibreáin ag Stoirm Emma

Beidh an ócáid mhór atá mar chuid de chlár Bhliain na Gaeilge 2018 ar siúl anois Dé Sathairn an 14 Aibreán

Mórshiúl ‘Beo – Gaelach agus Bródúil’ séidte ar aghaidh go dtí mí Aibreáin ag Stoirm Emma

Tá an mórshiúl agus féile shráide ‘Beo – Gaelach agus Bródúil’ a bhí beartaithe do Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn curtha ar athlá de bharr imní faoin aimsir.

Beidh an ócáid mhór atá mar chuid de chlár Bhliain na Gaeilge 2018 ar siúl anois Dé Sathairn an 14 Aibreán.

Dúradh gur chinn Conradh na Gaeilge an ócáid a chur siar “de bharr rabhadh slándála san ardchathair, agus ionas nach mbeidh baol ar dhuine ar bith a bheadh ag taisteal chuig an imeacht”.

Dúradh go raibh 25 bus curtha in áirithe chun daoine a thabhairt go dtí an fhéile a raibh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn chun labhairt ann. Tá sé i gceist ag an Uachtarán a bheith i láthair nuair a reáchtálfar an ócáid ar an 14 Aibreáin.

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge, gur trua nach bhféadfaí dul ar aghaidh leis an bhféile an deireadh seachtaine seo ach gur “fearr i bhfad bheith airdeallach ar chúrsaí shábháilteachta” agus nár mhaith an rud é “aon bhrú breise a chur ar na seirbhísí éigeandála a bheidh faoi strus cheana féin le linn agus i ndiaidh na stoirme”.

“Táimid ag súil leis an 14ú Aibreán anois, agus slua níos mó arís a mhealladh chun na hArdchathrach le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus bród a léiriú don teanga,” a dúírt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go mbeadh an tUachtarán Micheal D. Higgins, i láthair ag ‘Beo – Gaelach agus Bródúil’ i mí Aibreáin chomh maith leis na haíonna eile a bhí socraithe don lá.

“Tabharfaidh sé seo an deis dúinn tuilleadh pleanála a dhéanamh freisin le breis imeachtaí agus áiseanna a chur ar fáil ar an lá, mar sin tá muid ag súil go mór leis,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

D’fhéadfadh go n-eiseodh Met Éireann maidin amárach foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’ agus sneachta trom agus gálaí móra gaoithe geallta i dtreo dheireadh na seachtaine.

Fág freagra ar 'Mórshiúl ‘Beo – Gaelach agus Bródúil’ séidte ar aghaidh go dtí mí Aibreáin ag Stoirm Emma'