Mórshaothar Gaeilge laistigh de mhí? Is féidir leat!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is iontach an deis í NaNoWriMo don té a bheadh ag iarraidh blaiseadh a fháil d’obair chrua na húrscéalaíochta.

Mórshaothar Gaeilge laistigh de mhí? Is féidir leat!

Céard atá i bpáirt ag The Boy in the Striped Pyjamas, On the Road agus The Prime of Miss Jean Brodie?

Scríobh John Boyne, Jack Kerouac agus Muriel Spark na húrscéalta sin laistigh de mhí amháin.

Is féidir leat féin an t-éacht céanna a dhéanamh!

Dé Céadaoin seo chugainn, cuirfear tús don ochtú huair déag le National Novel Writing Month, nó NaNoWriMo, mar is fearr aithne ar an imeacht bliantúil sin. Ar feadh mhí na Samhna, beidh na céadta míle duine ar fud an domhain ag déanamh iarracht úrscéal a scríobh ó bhonn. An chéad dréacht, pé scéal é.

Tríocha míle focal, sin é an sprioc.

Isteach is amach le céad caoga leathanach. Ní bhíonn an gnáthúrscéal Gaeilge mórán níos faide. 

Tríocha míle focal in achar tríocha lá, sin míle focal in aghaidh an lae. Dhá uair an chloig oibre. Is féidir é a bhaint amach, ach beidh díograis agus dúthracht ag teastáil ón té a ghlacfaidh leis an dúshlán. 

An bua is mó atá ag NaNoWriMo, dar liom, ná go dtugann na rannpháirtithe geallúint dóibh féin agus don saol mór go mbainfidh siad amach sprioc: úrscéal a scríobh laistigh de mhí.

Ceist onóra an togra ina dhiaidh sin.

An dara bua is mó ná an tacaíocht a thugann na scríbhneoirí a ghlacann páirt i NaNoWriMo dá chéile. Tá na céadta fóram ar an suíomh inar féidir leis na rannpháirtithe a dtograí a phlé. Áis iontach taighde iad: ní ann don cheist nach bhfaigheadh duine freagra uirthi ó shaineolaí éigin.

Ní ar-líne amháin a thugann lucht NaNoWriMo tacaíocht dá chéile. Le linn na míosa, buaileann siad le chéile uair nó dhó sa tseachtain chun scríobh le chéile agus heictilítear caife an duine a ól (sprioc bheag phearsanta bainte amach agamsa: bhí fonn orm riamh an focal ‘heictilítear’ a úsáid.) 

Tá seacht gcinn de ghrúpaí réigiúnacha NaNoWriMo in Éirinn, mar atá: Baile Átha Cliath, Gaillimh, An tIarthuaisceart, An tOirthuaisceart, An tOirdheisceart, Tuaisceart Éireann, agus An Chuid Eile Den Tír (ní mise a chum ainmneacha na réigiún ná a dteorainneacha. Agus cá bhfuil muintir Chorcaí?). Más fíor don suíomh, tá 10,037 duine in Éirinn cláraithe cheana féin chun páirt a ghlacadh i spraoi scríbhneoireachta na bliana seo.

Ach cogar i gcluas na ndaoine seo, agus i gcluas éinne a spreagfadh an colún seo é nó í páirt a ghlacadh sa dúshlán. Is é an bua mór atá ag NaNoWriMo – an tacaíocht, an comhluadar – an laige is mó atá ag an imeacht freisin. Chuile sheans go gcaithfeadh duine oiread ama ag póirseáil na bhfóram éagsúla agus ag cabaireacht leis na rannpháirtithe eile agus a chaithfidh sé ag scríobh.

Is maith atá a fhios agam é. Ghlac mé féin páirt i NaNoWriMo uair amháin, trí bliana déag ó shin anois. D’éirigh liom an sprioc a bhaint amach: in achar tríocha lá, scríobh mé tríocha míle focal faoi dhream oibrithe ón iasacht a earcaíodh chun dul ag obair i monarcha éisc i mbaile samhlaíoch i dTír Chonaill (bhí an Tíogar Ceilteach fós i réim). 

Rinne mé eagarthóireacht ar an gcéad dréacht sin agus chuir mé an toradh isteach ar chomórtais liteartha An Oireachtais. ‘Tuilleadh eagarthóireachta ag teastáil, ach bíodh sé i gcló’ an t-aiseolas a fuair mé. Ach chaill mé spéis sa togra – agus cúpla bliain ina dhiaidh sin chaill mé an dréacht ar fad nuair a chlis ar dhiosca crua éigin. Sin mar a bhíonn saol an Mhórshaothair Ghaeilge Neamhfhoilsithe.

Is cuma. An tairbhe is mó a bhain mé as an togra sin ná gur chruthaigh mé dom féin, den chéad uair riamh, go raibh ar mo chumas úrscéal a chríochnú – a bhuíochas sin le NaNoWriMo.

Níor ghlac mé páirt i NaNoWriMo ó shin. Is fearr liom siúl socair seasta ná rith ruthaig. Ach is iontach an deis í NaNoWriMo don té a bheadh ag iarraidh an chéad bhlaiseadh a fháil d’obair dhúshlánach na húrscéalaíochta.

Fág freagra ar 'Mórshaothar Gaeilge laistigh de mhí? Is féidir leat!'

  • file

    Alex: ar léigh tú an teachtaireacht uaim raimh maidir le Gaelachas réalaíoch, nó réaltacht Ghaelach, a chur ar bun mar ghluaiseacht scríbhneoireachta le dul i gcomórtas le scríbhneoirí Mheiriceá Theas?